Georgia agus Connemara ar a intinn ag Biden

Tá a rialtas fós á ainmniú ag Joe Biden ach idir an dá linn beidh sé ag súil go leanfaidh muintir Georgia sampla ‘Connemara Road’

Georgia agus Connemara ar a intinn ag Biden

Scór míle ó dheas de chathair Atlanta tá ceantar Roswell i Fulton County i Stát Georgia. Abhainn an Chattahoochee ag cogarnaíl ar an gcúlráid.

Anseo atá Connemara Road.

Tá cuma na maitheasa ar bhóthar agus ar cheantar ‘Chonamara’ pébí caoi ar tugadh an t-ainm sin air. $180,000 an teacht isteach bliantúil in aghaidh an tí agus ní bheidh sóinseáil agat as $612,500 má éiríonn leat teach a cheannach ar Connemara Road.

Beidh Uachtarán Tofa Mheiriceá, Joe Biden, ag súil go seasfaidh muintir Fulton County agus Connemara Road chomh láidir céanna leis na Daonlathaigh agus a sheasadar leis féin ach a dtionólfar dhá thoghchán Seanaid in Georgia inniu, Dé Máirt. Tháinig siad amach go láidir dó faoi scáth na nduilliúr glas ar Connemara Road. Idir iadsan agus vótóirí Fulton County uilig, bhí 72.59% de na vótaí ag Biden sa gceantar sin agus Trump fágtha le 26.2%.

Ar chúinsí neamhghnácha, beidh toghchán don dá shuíochán Seanaid ar bun in Georgia inniu. Má bhuann na Poblachtánaigh ceann acu beidh smacht acu ar an Seanad in Washington agus má bhuann siad an péire, beidh siad ar mhuin na muice uilig, 52-48. Níor mhór do na

Daonlathaigh an péire a bhuachan le smacht ar fháil ar an Seanad; ní thabharfadh an péire acu ach comhscór dóibh, sin 50 Seanadóir ag chaon pháirtí. Ach, d’fhágfadh sé gur ag an Leasuachtarán, Kamala Harris, a bheadh an vóta cinniúnach sa gcás agus go dtiocfadh vótaí ar comhscór i measc na Seanadóirí.

Dá réir sin uilig, d’fhéadfadh vóta Connemara Road agus Fulton County agus Stát Georgia a lorg a fhágáil go láidir ar thréimhse Uachtaránachta Joe Biden.

Má chailleann na Daonlathaigh fiú agus ceann amháin den dá thoghchán Seanaid in Georgia Dé Máirt, beidh drochthús ag Joe Biden sa Teach Bán. Chaithfeadh sé, ina dhiaidh sin, a bheith an-stuama lena chuid polasaithe a thabhairt slán trí Thithe na Comhdhála.

Ach, tá mámh amháin aige Dé Máirt.

Bhuaigh Joe Biden Stát Georgia i mí na Samhna seo caite. Ceart go leor, ní raibh aige le spáráil ach 0.25 de 1%. Ach iarraidh mhór a bhí ansin mar ba leis na Poblachtánaigh Georgia go traidisiúnta. Bhí an Stát fite fuaite le stair agus oidhreacht na Stát ó dheas – an South.

Coinnigh ort píosa eile as Connemara Road agus tiocfaidh tú go dtí an Stone Mountain National Park. Níl dabht ach gur mór an spórt agus gur mór an t-iontas í an pháirc seo. Greanta go domhain sa sliabh daingean cloiche ar imeall na páirce, tá íomhánna den Uachtarán Jefferson Davis, Robert E. Lee agus Thomas ‘Stonewall’ Jackson, laochra na Confederates, lucht na Cónaidhme, i gCogadh Cathartha Mheiriceá.

Trí slata fichead ar airde agus 50 slat ar leithead atá an séadchomhartha agus na híomhánna greanta 15 slat isteach sa gcarraig ollmhór. Sin stair agus sin ómós. Ach ní stair agus ómós í seo atá ag teacht le dearcadh na linne seo. Rinneadh achainí agus iarrachtaí le súil agus go stróicfí anuas na híomhánna stairiúla. Fós féin, níl rialtas Stát Georgia sásta géilleadh dó sin.

In 2008 bhí an vótáil in Georgia 12.5% níos tréine i dtreo na bPoblachtánach ná an meán ar fud na Stát Aontaithe. Faoin mbliain 2016 bhí an claonadh sin laghdaithe go dtí 7.3%. Ach in 2020, ba ag na Daonlathaigh a bhí an geall i dtoghchán na hUachtaránachta. Tá cúis leis: an claonadh céanna leis an athrú ó thaobh ciníocha – ‘the Browning of America’ – rud atá tarlaithe i Stáit ar nós Texas agus Arizona. Sé an traidisiún go dtacaíonn na daoine seo leis na Daonlathaigh, an chéad ghlúin acu ar chuma ar bith. Ach, tá níos mó ná sin ann.

Tá an chumhacht mhór vótála ag méadú thart ar Atlanta, cathair atá méadaithe agus gaibhte chun rachmais; tá a lorg sin scaipthe go háiteacha máguaird ar nós Connemara Rd. Tugann go leor de na daoine seo a bhfuil neart scoile orthu tacaíocht do na Daonlathaigh. Fágann seo uilig go bhfuil an dá thoghchán Seanaid idir dhá cheann na meá agus tá leisce ar lucht na bpobalbhreitheanna féin réamhaisnéis a thabhairt.

Tá na céadta milliún caite ar na feachtais agus tá Georgia treafa ag Donald Trump agus ag an Uachtarán Tofa, Joe Biden ag gríosú a lucht leanta. Is léir go bhfuil sin déanta acu; cheana féin, tá 80,000 vóta níos mó caite sa tréimhse roimh lá an toghcháin féin ná mar a rinneadh roimh thoghchán na hUachtaránachta. Beidh David Perdue (Poblachtánach) in aghaidh Jon Ossoff (Daonlathach) i gceann de thoghcháin an inniu agus beidh bean darb ainm Kenny Loeffler (Poblachtánach) in aghaidh an Urramaigh Raphael Warnock (Daonlathach) sa toghchán eile.

Idir an dá linn, tá an tUachtarán nua, Joe Biden, ag obair leis ag roghnú baill an Rialtais nua a bheidh aige in Washington. Is díol spéise é go bhfuil Conamara (Conamara, Co na Gaillimhe an iarraidh seo) go mór i gcúlra na mball Gael-Mheiriceánacha atá dá n-ainmniú aige. Tá an post mar Leascheann Foirne tugtha do Jennifer O’Malley-Dillon a mba as Ceantar na nOileán a seanmhuintir. Anois tá Denis McDonough (iarCheann Foirne le Barack Obama) ainmnithe mar rúnaí a bhfuil cúram na n-iarshaighdiúirí agus lucht míleata na Stát air. As Carna seanathair McDonough agus ba as ceantar na Ceathrún Rua a sheanmháthair. Chomh maith leis sin, táthar ag fanacht fós go bhfeicfear an mbeidh glaoch go Washington ar Marty Walsh, Méara Bhoston. Ar ndóigh ba as Carna a athair agus as Ros Muc a mháthair.

Ceaptar go bhfuil an Méara Walsh ar an duine ba mhó a thaitneodh le Joe Biden mar Rúnaí Saothair in Washington, ach tá cúinsí eile sa gcomhaireamh. Ait go leor, tá an ‘Browning of America’ ar cheann acu; is cosúil go bhfuil go leor brú ag teacht ar Biden i dtaobh ionadaíocht láidir as na pobail mhionlaigh a bheith sa Rialtas. Dá bharr sin, ceaptar go bhfuil Julie Su as California a bhfuil cáil mhór uirthi sa Stát sin, sa gcomhaireamh freisin. Ach, tá deighilt i measc na gceardchumann mór le láimhsiú chomh maith; is cosúil go bhfuil a dtromlach siúd – an AFL-CIO ina measc – ag tacú le Walsh ach tá riar acu freisin ag tacú leis an ionadaí Comhdhála as Michigan, Andy Levis, fear a bhfuil cúlra láidir aige i gcúrsaí saothair agus ceardchumainn freisin.

Níl mórán achair le fanacht nó go mbeidh a fhios cén chaoi ar chaith muintir Connemara Road agus Stát Georgia a gcuid vótaí agus ba cheart go mbeadh a fhios againn taobh istigh de choicís an dtabharfaidh Joe Biden cuireadh do Marty Walsh – fear a labhraíonn ar Chonamara mar an ‘baile’ – go Washington.

Fág freagra ar 'Georgia agus Connemara ar a intinn ag Biden'