Méara Bhoston ag teacht chuig searmanas Chnoc Mhuire i mí Iúil

Tá ceangal speisialta ag Marty Walsh le Cnoc Mhuire ó gheall a mháthair go dtabharfadh sí ar cuairt ann é dá dtiocfadh sé slán ón ailse a bhuail é agus é seacht mbliana d’aois

Marty_Walsh

Tá sé deimhnithe ag Méara Bhoston, Marty Walsh, go mbeidh sé i measc grúpa as Ard-Deoise Bhoston a bheidh ag teacht chuig searmanas agus ceiliúradh i gCnoc Mhuire i lár mhí Iúil.  Ní cosúil go mbeidh deis ag an Méara níos mo ná trí lá a chaitheamh in Éirinn de bharr brú oibre agus an fheachtais Uachtaránachta sna Stáit Aontaithe.  Ach, féachfaidh sé le sciuird sciobtha a thabhairt ar phobail dúchais a mháthar agus a athar i Ros Muc agus i gCarna i gConamara le linn dó a bheith anseo.

Beidh athchoisreacan dá dhéanamh ar an mBaisleac i gCnoc Mhuire ar an 16 Iúil.

Dhá scór bliain taca an ama sin a rinneadh coisreacan ar an mBaisleac i dtosach.  Beidh an Cairdinéal Seán O’ Malley, Ardeaspag Bhoston, i gcuideachta an dreama a bheidh ag teacht isteach as Meiriceá ar eitilt speisialta de chuid Aer Lingus ar an 14 Iúil. 

Beidh an grúpa ag filleadh ar an 21 Iúil ach beidh ar an Méara imeacht níos túisce ná sin.

Tá ceangal speisialta ag an Méara Walsh le Scrín Chnoc Mhuire.  Theagmhaigh an cineál ailse ar a dtugtar Burkitt’s Lymphoma do Martin Walsh in aois a sheacht mbliana. 

De réir mar a bhí sé ag dul i laige dúradh lena mhuintir nach raibh aige le maireachtáil ach cúpla mí.  Bhí an oiread sin imní faoi agus go ndearna sé a Chéad Chomaoineach Lá Nollag i Dorchester i mBoston; ceapadh nach mairfeadh sé go Domhnach na Chéad Chomaoineach sa mBealtaine dár gcionn.

Insíonn a mháthair, Mary – Mary Joe Pheadair as Ros Muc – an scéal faoin achainí a rinne sí ar Mháthair i gCnoc Mhuire go bhfaigheadh Martin óg biseach. Gheall sí go dtabharfadh sí Martin ar cuairt ansin dá dtiocfadh sé tríd. 

De réir a chéile thosaigh Martin ag feabhsú.  Tugadh dó an chóir leighis ab fhearr a bhí ann san am ach creideann a mháthair go láidir gur chuidigh Cnoc Mhuire leis. Deir an Méara Walsh an rud céanna. 

“Ar ndóigh teastaíonn an chóir leighis eolaíoch i gcásanna ailse, ach is mór an cuidiú é an creideamh agus an dóchas a thugann sé,” a deir Marty Walsh.

Tugadh Marty go Cnoc Mhuire agus é ina stócach dea-dhéanta in aois a 13 bliana.  Bhí sé slán ón ailse agus é ag fás aníos ina dhéagóir láidir agus meabhrach.

Téann an Méara agus a mháthair ar ais go Cnoc Mhuire chuile uair a dtagann siad go hÉirinn.  Go deimhin, fiú agus go raibh míle glaoch eile air le linn a thurais chaithréimigh go Conamara agus go hÉirinn i mí Mheán Fómhair 2014, thug an Méara cuairt ar Chnoc Mhuire i gcuideachta a mháthar.   

Is nós leis an Méara paidrín a bheith ina phóca aige i gcónaí agus thug sé leis ceann as Cnoc Mhuire an lá sin.  Tugann a mháthair roinnt buidéal uisce coisricthe léi as Cnoc Mhuire.

“Is minic go gcuireann Martin glaoch orm ag iarraidh braon uisce coisricthe. Tugann sé é do dhaoine atá tinn,” a deir Mary.

Fág freagra ar 'Méara Bhoston ag teacht chuig searmanas Chnoc Mhuire i mí Iúil'