Méadair ag scaoileadh uisce le fána i nGaillimh, dar le lucht agóide

Tá méadair uisce ag scaoileadh uisce le fána, a deir lucht agóide i gcathair na Gaillimhe. Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mba cheart na méadair a bhaint amach

Shantalla Water Protest (1)

Tá méadair nua uisce atá feistithe ag Uisce Éireann ag scaoileadh uisce i gCathair na Gaillimhe, dar le muintir na Seantalún. Deir siad go bhfuil na méadair ag scaoileadh an uisce le fána mar gheall ar na seanphíopaí nach féidir a cheangal go dlúth leis na méadair.

Tá pobal na Seantalún ag cur samplaí uisce ar aghaidh chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go ndéanfaí tástáil orthu ar bhonn rialta agus deir siad go léiríonn na tástálacha sin go bhfuil caighdeán an uisce an-dona ar an Seantalamh agus go bhfuil leibhéal na luaidhe san uisce contúirteach.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF), a thug cuairt ar agóidí frithmhéadair inniu, go bhfuil na tástálacha seo ina “ábhar mór imní” do mhuintir na háite.

“Fiú nuair atá daoine aonair i ndiaidh na seanphíopaí idir a gcuid tithe agus na méadair a athrú, tá rianta den luaidhe le fáil san uisce mar go bhfuil na príomhphíopaí atá ag soláthar na sráideanna déanta as luaidhe freisin agus ní mór d’Uisce Éireann iad seo a bhaint amach,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir le Tuairisc.ie go mba cheart an t-airgead a caitheadh ar fheistiú na méadar agus bunú an chomhlachta Uisce Éireann a chaitheamh ar dheisiú na bpíopaí seo agus nach “aon iontas é” go bhfuiltear ag cur in aghaidh na méadar nuair atá an drochbhail seo ar na píopaí.

Idir an dá linn thug an Seanadóir le fios go bhfuiltear tar éis teagmháil a dhéanamh leis mar gheall ar phíopaí uisce atá fágtha os cionn talún in Indreabhán i gCois Fharraige le tamall fada. Dúirt sé go bhfuil plé ar siúl idir Uisce Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe faoin obair dheisiúcháin atá le déanamh ar an mbóthar i gceantar an Tí Mhóir ach nach dtosófar ar an obair go ceann míosa nó mar sin. Ní fiú, dar leis an gComhairle Contae, caoi a chur ar an mbóthar go dtí go mbeidh na píopaí atá os cionn na talún curtha ina gceart. Tá muintir na háite buartha go gcaillfear an maoiniú a ceadaíodh do dheisiú an bhóthair mura gcuirfear caoi ar na píopaí.

Fág freagra ar 'Méadair ag scaoileadh uisce le fána i nGaillimh, dar le lucht agóide'