McHugh le ‘brú ollmhór’ a chur ar an Aire Airgeadais tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do chomharchumainn Ghaeltachta

Pléadh sa Dáil tráthnóna an maoiniú a chuirtear ar fáil do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí pobail Gaeltachta agus dúradh go mbíonn deacrachtaí acu ‘pá réasúnta’ a íoc le baill foirne

McHugh le ‘brú ollmhór’ a chur ar an Aire Airgeadais tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do chomharchumainn Ghaeltachta

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil inniu go mbeadh “brú ollmhór” á chur aige ar an Aire Airgeadais as seo go ceann seachtaine “aitheantas” níos mó a thabhairt i mBuiséad 2019 do na comharchumainn Ghaeltachta.

Bhí an tAire Stáit ag freagairt ceist a chuir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív air faoina bhfuil i ndán do chomharchumainn agus eagraíochtaí pobail eile na Gaeltachta i mBuiséad na seachtaine seo chugainn.

Mhaígh Ó Cuív go raibh níos lú airgid ag na comharchumainn agus grúpaí eile anois ná mar a bhí 10 mbliana ó shin agus go mbíonn deacrachtaí móra acu “scoth na mbainisteoirí” agus baill foirne eile a choimeád toisc nach féidir “pá réasúnta” a íoc leo.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh gur thuig sé go maith an “tábhacht ollmhór” a bhaineann leis na comharchumainn a bhí “fréamhaithe sa phobal” agus “lárnach” i bhforbairt na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit áfach gur ceist d’Údarás na Gaeltachta é an tslí a ndáiltear maoiniú as mbuiséad ar na heagraíochtaí pobail Gaeltachta.

Mhol an Teachta Dála Ó Cuív go dtabharfaí treoir d’Údarás na Gaeltachta go gcaithfí sciar áirithe d’aon ardú a fhaigheann siad sa Bhuiséad a úsáid chun ardú a thabhairt do na heagraíochtaí pobail.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh gur maoiniú breise €100,000 a fuair na comharchumainn agus eagraíochtaí pobail in 2018 agus go leanfadh sé air i mbun iarrachtaí allúntas níos mó a fháil dóibh an bhliain seo chugainn.

Chuige sin bheadh “brú ollmhór” á chur aige as seo go ceann seachtaine ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe, a dúirt McHugh.

Thug sé le fios chomh maith go raibh athbhreithniú straitéiseach á dhéanamh faoi láthair ag Údarás na Gaeltachta ar ról “tábhachtach” na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí pobail.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair seo caite, dúradh gur fhág an “tionchar tromchúiseach” a bhí ag na ciorruithe a rinneadh ar chomharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana anuas nach raibh “roinnt mhaith eagras ach ag réchasadh” agus gan “mórán tionscnamh nua á bhforbairt” acu.

Dúradh sa tuarascáil sin, Cnámh Droma An Phobail S’againne: Stádas Reatha agus Riachtanais Amach Anseo, go raibh laghdú 25% tagtha ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana agus éilíodh go gcuirfí €600,000 breise ar fáil dóibh i mBuiséad 2018.

32 eagraíocht phobalbhunaithe agus comharchumann atá sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'McHugh le ‘brú ollmhór’ a chur ar an Aire Airgeadais tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do chomharchumainn Ghaeltachta'