Maurice Hayes 1927- 2017: Is boichte an saol poiblí thuaidh agus theas dá uireasa

Tá saoi agus treoraí críonna ar lár ó d’imigh Maurice Hayes ar shlí na fírinne

Maurice Hayes 1927- 2017: Is boichte an saol poiblí thuaidh agus theas dá uireasa

PictiúrL Mark Stedman/RollingNews.ie

Thug an Dr. Maurice Hayes, a fuair bás oíche Nollag, seirbhís phoiblí ilghnéitheach, fhairsing ar dhá thaobh na teorann. Smaointeoir, intleachtóir agus fear spóirt ab ea é a rinne cion fathaigh mar sheirbhíseach poiblí faoi dhó – roimh agus i ndiaidh aois an phinsin. Mar rúnaí contae Chumann Lúthchleas Gael is dó a thugtar an chreidiúint as an ngaisce a rinne foireann an Dúin nuair a thug siad leo Corn Mhig Uidhir in 1960- an chéad uair ag aon fhoireann an corn sin a thabhairt thar an teorainn.

Is mar bhall de Choimisiún Patten ar an bPóilíneacht ab fhearr aithne ag roinnt daoine air. Deirtear gurb é an Dr Hayes ba chúis le go leor den nua-smaointeoireacht i dtuairisc an Choimisiúin a mhol na prionsabail faoinar bunaíodh an PSNI in áit an RUC.

Ní raibh san obair sin ach beagán de shaothar saoil Maurice Hayes.

Bhí a chroí istigh ina áit dhúchais, Contae an Dúin, ach thug sé leis an chuid ab fhearr den saol thuaidh agus theas. Rugadh é i gCill Locha in oirthear an Dúin i 1927. Ciarraíoch ab ea a mháthair a tháinig aneas chuig a deirfiúr i 1916 nuair ab éigean di a post i lár Bhaile Átha Cliath a fhágáil le linn Éirí Amach na Cásca. Gaeilge na Rinne a bhí ag Maurice a thug gean don cheantar agus dá ghaolta ansin, ó ba as an Rinn a athair a bhí ina shaighdiúir sa chéad Chogadh Mór. Chuaigh taithí a athar ar an gcogadh i bhfeidhm ar a mhac agus dúirt sé liom tráth, “dá gcasfaí m’athair orthu bheadh sé de chiall ag George W Bush agus Tony Blair fanacht glan ar Mesopotamia (an Iaráic).”

Bhí sé ina mhúinteoir faoin am a cailleadh a athair a bhí mar chléireach baile i nDún Phádraig, agus iarradh ar Maurice glacadh leis an bpost sin. Bhí sé sa phost sin ó 1955 go 1973 agus ba é an chéad chéim aige mar fheidhmeannach poiblí.  Ceapadh ina chathaoirleach ar an gCoimisiún um Chaidreamh Pobail é i 1969 agus chaith sé trí bliana ansin. I 1974 nuair a bunaíodh Feidhmeannas roinnt na cumhachta tar éis chomhaontú Sunningdale, ceapadh é mar leasRúnaí agus sna hochtóidí bhí sé ina Ard-Rúnaí sa Roinn Sláinte. Ba é freisin an chéad Chaitliceach a bhí ina Ombudsman i dTuaisceart Éireann. Sna postanna sin ar fad ba iad cothrom na Féinne, meas ar gach éinne agus dícheall chun saol na ndaoine a fheabhsú a bhí mar threoir-phrionsabail aige, luachanna a chuir sé chun cinn go lá a bháis.

Tar éis dó éirí as an státseirbhís, bhí sé i gceannas ar athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí sláinte. Bhí sé fíorbhródúil as an obair sin. Mhol sé atheagar ar ospidéil – ar an múnla céanna leis na moltaí a rinne saineolaithe anuraidh, moltaí nár cuireadh i bhfeidhm go fóill. Chomh maith le bheith ina Sheanadóir i dTeach Laighean bhí sé i gceannas ar an bhfiosrúchán faoi ospidéal Thamhlachta i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an bhFóram faoin Aontas Eorpach a thug camchuairt na tíre.

Bhí aithne air i gcian is i gcóngar agus fáilte roimhe i gcónaí mar ba bhreá an comhluadar i gcónaí é. Comhairleoir críonna ab ea é ag cuid againn agus bhíodh sé fial i gcónaí lena chuid anailíse le hiriseoirí. Bhí sé géarintinneach ach ní raibh sé sollúnta mar dhuine. Chreid sé gur cheart do dhícheall a dhéanamh ach dhiúltaigh sé glan don bhréagchráifeacht.

Nuair a bhí sé ina ghasúr cheannaigh a mhuintir óstán Denvir’s i nDún Phádraig. An uair dheiridh a bhíos ansin leis thaispeáin sé an seanchuntar mahagaine dom – bhíodh sé de dhualgas air é a ghlanadh agus snas a chur air gach seachtain. Is minic a dúirt sé gur ansin, ag cuidiú ar chúl an chuntair a d’fhoghlaim sé conas déileáil le daoine. Scil é a d’fhoghlaim sé go paiteanta, más ea.

Deireadh sé freisin gur i gCumann Lúthchleas Gael a d’fhoghlaim sé scileanna riaracháin. Iar-imreoirí ó fhoireann bhuacach an Dúin sna seascaidí a bhí mar gharda onóra ar a shochraid. Tugann siad an-chreidiúint dó as a bhaint leis an bplean chun ‘Sam’ a bhaint.

Sa mhullach ar an obair ilghnéitheach a rinne sé b’fhear clainne agus teaghlaigh é. Bhí sé mórtasach as a bhean Joan agus a chúigear clainne Clodagh, Margaret, Dara, Garret agus Ronan agus a bpáistí. Is mór an chailliúint dóibh é agus is boichte an saol poiblí thuaidh agus theas tar éis a bháis in aois 90.

Fuair sé saol fada agus táimid faoina chomaoin.

Fág freagra ar 'Maurice Hayes 1927- 2017: Is boichte an saol poiblí thuaidh agus theas dá uireasa'

  • Breandán Ó Riain

    Go raibh maith agat a Phóilín as a cur síos álainn sin ar bheatha Maurice Hayes.