‘Máthair na síochána’ tugtha chun cuimhne ar ‘Cloch le Carn’ agus ‘Prime Time’ bainte amach ag an nGaeilge 

An tseachtain seo, léirigh ‘Cloch le Carn’ go raibh Pat Hume mar chrann taca agus bonn braite ag John Hume agus bhí na Ghaeilge i lár an aonaigh ar ‘Prime Time’

‘Máthair na síochána’ tugtha chun cuimhne ar ‘Cloch le Carn’ agus ‘Prime Time’ bainte amach ag an nGaeilge 

I 1958 bhuail Pat Hone le múinteoir ciúin, cúthail ag damhsa ar fhód dúchais na beirte, cathair Dhoire. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí John Hume agus Pat pósta. I 1969 toghadh John chuig seanpharlaimint Stormont agus seoladh an bheirt acu ar bhóthar na polaitíochta.

I gcaitheamh na mblianta ghabhadar trí chruatan na dTrioblóidí agus dúléim ghuaise na síochána. Cé gurbh é John ba mhinice a bhíodh os comhair na meán thuig cách go raibh Pat mar chrann taca agus bonn braite aige. Fé mar a aithníonn aíonna an chláir seo ní bheadh a ghaiscí síochána déanta ag John gan Pat lena thaobh. Deir an tIar-Uachtarán Mary McAleese gurbh í “máthair na síochána”.

Cailleadh Pat Hume i Meán Fómhair 2021 agus sa ghála is déanaí do Cloch le Carn (RTÉ1, Dé Máirt) tugadh a saol is a cuid gaiscí chun cuimhne. Tá an tsraith ócáideach bhreá seo ar siúl ó 2009 agus ag an bpointe seo táthar tar éis cuntas a thabhairt ar shaol agus saothar naonúr is fiche atá imithe ar shlí na fírinne.  Is liosta le háireamh é cinnte; gach duine ó Pháidí Ó Sé agus Conor Cruise O’Brien go Mo Mowlam, Eugene Lambert agus Martin McGuinness. 

Mar is dual don chlár seo, nach bhfuil ach tarrac ar leathuair an chloig ar fhad, tugtar ar ruathar tapaidh staire sin ó Dhomhnach na Fola go Comhaontú Aoine an Chéasta agus as sin chuig an Duais Nobel na Síochána. Ba shuaite na laethanta iad laethanta na dTrioblóidí agus Pat ag tuilleamh crústa an teaghlaigh mar mhúinteoir agus ag iarraidh cúigear clainne a thógaint fad is a bhí a fear céile gafa le cúrsaí polaitíochta; obair a choimeád as baile é go minc. B’éigean dóibh teitheadh ón dtigh ar uairibh. Bhí lé faoi leith ag an teaghlach le Gaoth Dobhair; tearmann in am a ghátair, sámhnas ó chruatan. Tugtar cuntas go maith ar na blianta deireanacha nuair a bhí néaltrú ar John agus gur thug Pat aire na huibhe dó le grá agus le foighne. 

Labhraíonn meitheal bhreá de chloigne cainte go ceanúil faoi Pat; a hiníon Áine agus a comrádaithe an Dr Mary McAleese, An Dr Seán Farren, Bríd Rodgers agus Mary Murphy. 

Bhí a bhformhór mór ag labhairt as Gaeilge agus tráchtaireacht bhreá againn ó Phádraig O’Driscoll. Chuir Mary McAleese Pat faoi agallamh dá clár faisnéise With God On Our Side tamall gairid sular cailleadh í. Cuntas corraitheach faoi bhean ar leith. 

Thug Gaeil suntas do Prime Time (RTÉ1) ar an Máirt mar a raibh ceann de thuairiscí an chláir faoi chogadh na hÚcráine as Gaeilge. Bhí sé cuí gur úsáideach an Ghaeilge sa chlár, go mórmhór agus cúrsaí teanga fite fuaite sa choimhlint. Sé Barry Cummins a dhein an mhír shlachtmhar agus fotheidil as Béarla. Ní hé seo an chéad uair ag Prime Time a leithéid a dhéanamh óir go raibh mír faoin nGaeltacht acu i nDeireadh Fómhair na bliana anuraidh. 

Cloch mhíle é seo óir gur úsáideadh an Ghaeilge i dtuairisc faoi chúrsaí móra idirnáisiúnta. 

Fág freagra ar '‘Máthair na síochána’ tugtha chun cuimhne ar ‘Cloch le Carn’ agus ‘Prime Time’ bainte amach ag an nGaeilge '