‘Máthair chróga a throid ar son a páistí agus an chirt’ – Emma Mhic Mhathúna ar shlí na fírinne

Fuair Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck, bás maidin inniu in Ospidéal Thrá Lí

‘Máthair chróga a throid ar son a páistí agus an chirt’ – Emma Mhic Mhathúna ar shlí na fírinne

Tá Emma Mhic Mhathúna as Baile na nGall i gCorca Dhuibhne, duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck, tar éis bháis.

Bhí cás Mhic Mhathúna, a bhí 37 bliain d’aois agus cúigear clainne uirthi, go mór i mbéal an phobail ó cuireadh faoi agallamh ar dtús í ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí sí ar dhuine de 221 bean a raibh ailse cheirbheacs uirthi agus a fuair torthaí míchruinne ar thástálacha smearaidh.

I ráiteas ó mhuintir Mhic Mhathúna, dúradh gur “máthair agus iníon iontach agus cara dil í”.

“Fuair Emma, a chuir troid mhór chróga suas in aghaidh a tinnis, bás suaimhneach agus é de shólás aici go raibh sí in éineacht lena clann a raibh grá mór acu di agus fios aici chomh maith gur chabhraigh sí le haird a tharraingt ar cheisteanna tábhachtacha a bhain ní hamháin lena saol féin ach le saol go leor daoine eile.

“Mar gheall ar an tslí a sheas sí go dílis agus go daingean lena leanaí is mar mháthair iontach is buaine a mhairfidh a hoidhreacht. Mar sin féin, cuimhneofar chomh maith ar Emma mar dhuine a throid ar son an chirt sa tsochaí ar bhealach neamhleithleasach tráth a raibh dúshlán mór roimpi féin.

“Níl aon insint ar an méid a bhraithfimid uainn Emma. Sa tréimhse chrua seo, dúinne ba ghaire di, níl aon ní ar fáil anois atá inchurtha lena héirim, a grá, a tráthúlacht agus a gáire a chuirfeadh fonn gáire ort féin. Ach is sólás éigin dúinn go bhfuil a fhios go gcuimhneofar ar Emma go ceann i bhfad i measc na mílte a raibh a troid ar son an chirt, na trédhearcachta agus ar son seirbhísí níos fearr ina spreagadh acu.”

Dúirt Vicky Phelan, an té ar spreag a cás cúirte an chonspóid CervicalCheck, gur bhean iontach láidir í Mhic Mhathúna, go ndeachaigh a scéal go mór i bhfeidhm ar dhaoine agus gur éirigh léi brú mór a chur ar an Rialtas dul i ngleic leis an gconspóid.

Thángthas ar réiteach €7.5 milliún san Ard-Chúirt mí Iúil sa chás a thóg Emma Mhic Mhathúna in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Quest Diagnostics, saotharlann tástála ailse sna Stáit Aontaithe. Go gairid ina dhiaidh sin, thug Mhic Mhathúna le fios go raibh an ailse a bhí uirthi scaipthe go dtí a hinchinn.

Aimsíodh na hearráidí sna torthaí nuair a rinne CervicalCheck iniúchadh ar na tástálacha.

Sa bhliain 2016 a fuair Emma Mhic Mhathúna amach go raibh ailse uirthi sa cheirbheacs. Ach is i mbliana a fuair sí amach gur toradh míchruinn a tugadh di ar thástáil a rinneadh in 2013 agus go bhfuarthas sin amach san iniúchadh a rinne CervicalCheck ó shin.

I mí an Mheithimh dúirt dlíodóirí Emma Mhic Mhathúna gur dúradh leo go ndearnadh iniúchadh ar na tástálacha a rinneadh idir 2011 agus 2013 ach gur léir anois go ndearnadh iniúchadh ar thástálacha 2010 chomh maith.

Dúirt dlíodóir Emma Mhic Mhathúna nach raibh siadsan ar an eolas faoi iniúchadh 2010 go dtí go bhfuair siad na taifid ó Quest Diagnostics ag deireadh na Bealtaine.

Chuir Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear clainne an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar an tsaotharlann sna Stáit Aontaithe a d’úsáid CervicalCheck.

Dúirt Stephen Teap, a fuair amach faoi thorthaí míchruinne a mhná Irene i ndiaidh a báis gur bhean chróga í Emma Mhic Mhathúna.

“Tá máthair chróga eile imithe ón saol seo, aingeal déanta di agus cúigear páistí iontacha fágtha ina diaidh aici. Tá deireadh lena pian agus a fulaingt agus fónamh ar a páistí an rud is tábhachtaí anois,” arsa Stephen Teap.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins gur údar mór bróin dó bás Emma Mhic Mhathúna agus go ndeachaigh a crógacht i bhfeidhm go mór air.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh a chróga is bhí Emma Mhic Mhathúna “dochreidte” agus go raibh sé tiomanta do chlár tástála agus vacsaíne a fhorbairt a thabharfadh “a gceart do mhná amhail Emma”.

Rinne an Taoiseach Leo Varadkar comhbhrón chomh maith lena muintir agus a cairde agus dúirt sé go raibh gach duine faoi chomaoin mhór ag Emma Mhic Mhathúna mar gheall ar a habhcóideacht ar son na vacsaíne HPV.

Fág freagra ar '‘Máthair chróga a throid ar son a páistí agus an chirt’ – Emma Mhic Mhathúna ar shlí na fírinne'