Más mall is mithid – TG4 fillte ar an dúchas sa tsraith nua ‘Bailte’

Saothar tuisceanach, réchúiseach, léargasach a bhí sa chéad ghála den tsraith nua ‘Bailte’ ar TG4 ina raibh an Ghaeilge i lár an aonaigh

Más mall is mithid – TG4 fillte ar an dúchas sa tsraith nua ‘Bailte’

Tá cad é bús ag TG4 an tseachtain faoi na cláir nua a bheidh á dtaispeáint ar sceideal an Earraigh. Tá scata cláracha nua ag teacht os ár gcomhair agus stáisiún Bhaile na hAbhann ag maíomh gurb é seo toradh na straitéise nua coimisiúnaithe ar cuireadh tús léi dhá bhliain ó shin. Cuireadh lucht na Gaeilge go bun na foighne ag feitheamh le toradh an mhúnla nua ach más mall is mithid.

Is sraith trí chlár déag é Bailte (TG4, Dé Céadaoin) a thagann ó cheárta Aniar, ceann de na comhlachtaí ar bronnadh conradh ollsoláthair ilbhliantúil orthu faoin gcur chuige nua.

Dírithe ar bhailte fearainn na Gaeltachta agus na pobail a mhaireann iontu atá an tsraith seo agus más aon chomhartha gála na hoíche aréir is seoid bheag a bheidh anseo. Saothar tuisceanach, réchúiseach, léargasach agus an Ghaeilge i lár an aonaigh. An rud is annamh is iontach.

Thug an láithreoir, Síle Nic Chonaonaigh, le fios dúinn go bhfuil tuairim is 60,000 baile fearainn in Éirnn agus go dtabharfar cuairt ar cheann acu i ngach clár.

Mar a tharla ba bhaile fearainn i mo pharóste dúchais féin, Paróiste Múrach i gCorca Dhuibhne, a bhí fé chaibidil sa chéad chlár. Gan amhras bhí saghas conach orm ar dtús nach é mo bhaile fearainn féin a bhí roghnaithe; tá’s agat féin a láidre is atá an paróisteánachas i gcás na mbailte fearainn. Níorbh fhada gur cuireadh abhaile orm go raibh an cinneadh ceart, stuama déanta agus go raibh meitheal an chláir tar éis a gcuid taighde a dhéanamh go cáiréiseach.

Dúirt duine de mhuintir an bhaile, Baile an Lochaigh, John Joe Mac Gearailt, linn ag tús an chláir go bhfuil tuairim is 2,134 acra sa bhaile. Cuid mhaith de sin ar shleasa Chnoc Bréanainn agus i gCom an Lochaigh. Tráchtann sé ar mhionlogainmneacha an bhaile: Faill na bPiast, Corr Mhacha na hAille, Clochán na mBroc agus an Grandstand.

Dar liom féin go bhfuil an Com ar an áit is suaimhní, is draíochtúla agus is áille sa leithinis (is cuma cad deir muintir Dhún Chaoin) agus is breá mar a thugann na seatanna aeir difriúla é sin le tuiscint. Téigh isteach thar abhainn i gCom an Lochaigh agus níl aon tigh ná aon rian de shaol an lae inniu le feiscint. Is beag duine a bhíonn istigh ann fiú óir nach bhfuil, ar chúis éigin, an oiread ráchairte ar an gCom in earnáil na turasóireachta.

Sa chlár seo mealladh caint bhreá ó chainteoirí breátha amhail Johnny Tony Ó Muircheartaigh, a mhaígh gurb é an áit is deise ar domhan é, agus Bernie Ní Mhuircheartaigh a mhaígh gur thug an nasc láidir leis an bhfód dúchais ardú meanma di aon uair gur bheir aon ‘scréip’ uirthi is í na mílte míle ó bhaile.

Láithreoir caithiseach í Síle Nic Chonaonaigh (a bhí le feiscint sa tsraith nua ‘Balla’ chomh maith an oíche chéanna) agus go réchúiseach nádúrtha a chuireann sí a cuid aíonna fé agallamh. Go deimhin ba léir go ndeachaigh an áit agus na daoine i bhfeidhm uirthi.

B’amhlaidh don lucht féachana, déarfainn.

Éachtaint ar phobal atá teann as a ndúchas, pobal nach bhfuil a mbuille tugtha go fóill ná baol air.

Fág freagra ar 'Más mall is mithid – TG4 fillte ar an dúchas sa tsraith nua ‘Bailte’'

  • Cluain Sceach

    Chuir an clar fe Bhaile an Lochaigh uaigneas orm mar leirigh se go bhfuil Bearla in uachtar ann cheana fein.