Fiú agus dhá chluiche fós le n-imirt sa gcomórtas Sé Náisiún, déarfadh go leor, mé féin ina measc, nach bhfuil ach coimhlint amháin fágtha sa gcomórtas seo, sin cluiche an lae inniu i Staid Aviva idir Éirinn agus an Fhrainc. Níl ach trí phointe idir na foirne seo ar thábla an chomórtais, Éire ar a bharr le ceithre phointe dhéag agus na Francaigh sa dara háit le haon phointe dhéag, pointe amháin chun cinn ar na Sasanaigh.
Níl dabht ar bith ann ach gur ar an gcluiche seo inniu idir an fhoireann atá sa dara háit ar chlár rugbaí an domhain, Éire, agus an Fhrainc atá sa gceathrú háit ar an tábla sin, a bheas aird an phobail rugbaí.
De bharr go bhfuil na foirne seo sa gcéad agus sa dara háit ar thábla an chomórtais agus ó tharla go bhfuil cluiche réasúnta bog le n-imirt ag an dá fhoireann sa mbabhta deiridh den chomórtas seo faoi cheann seachtaine, tá neart féidearthachtaí ag baint le toradh chluiche an lae inniu.
Sa gcás go gcaillfeadh Éire, beidh seans fós acu greim a fháil ar an gcraobh agus iad i gcoinne na hIodáile faoi cheann seachtaine ach sa gcás sin, cuirfear pointí bónais caillte nó aimsithe san áireamh. Cuimhnigh gur féidir le foirne ceithre nó cúig phointe a chlárú le bua ach is féidir le foireann dhá phointe bónais a ghnóthú fiú agus iad ag cailliúint cluiche. Go deimhin, má chríochnaíonn an cluiche ar comhscór, tabharfar dhá phointe an taobh don dá fhoireann.
Ainneoin na bhféidearthachtaí atá ag baint le toradh an chluiche seo, ní bheidh ach toradh amháin ar intinn an dá fhoireann, bua! Chinnteodh bua do na hÉireannaigh gurb iad a bheas fós ar bharr an tábla agus iad ar an mbealach chun na Róimhe agus seans láidir acu ar a dtríú craobh Sé Náisiún as a chéile.
Seans go mbeidh port eile ag na Francaigh agus iadsan ag filleadh ón Róimh, áit ar thug siad greadadh uafásach do na hIodálaigh (73-24) coicís ó shin. Ba léir go raibh na Francaigh ag fógairt don domhan mór gur bhotún neamhghnách a bhain le bua Shasana (26-25) orthu seachtain roimhe sin agus, ag an am céanna, ag cur fainic orainne roimh chluiche an lae inniu. Níl aon dabht ach go bhfuil na Francaigh cumasach agus ábalta.
Níl aon dabht ann ach oiread ach go gcreideann siad gur féidir leo an beart a dhéanamh fiú agus iad as baile. Is fiú a lua freisin gurb é Antoine Dupont captaen na foirne inniu, an t-imreoir is fearr a d’imir an cluiche seo riamh seans.
Caithfidh Éire a bheith an-chúramach. Tá dúshlán ollmhór rompu inniu. Más leo an cluiche seo a bhuachaint caithfidh siad a bheith iomaíoch, trodach is fisiciúil ón gcéad nóiméad agus freisin caithfidh siad na scileanna boga a bhaineann le láimhseáil agus coisíocht a úsáid freisin. Ní bheidh spás ach oiread d’aon bhotún sa síneadh amach ná sa gclibirt agus caithfidh siad gearradh siar go mór ar an líon mór ciceanna éirice a ghéill siad i gcoinne na mBreatnach coicís ó shin. Liosta fada gan dabht.
Is ionann an cluiche seo agus an ceann i gcoinne na nAll Blacks nó na hAfraice Theas. Beidh gá le dearcadh den chineál sin más linn an beart a dhéanamh agus alt a bheith faoin éacht sin sna leabhair staire. Fiú agus gan fáil ar Thadhg Furlong, Rónán Kelleher ná Mark Hansen, creidim gur féidir é a dhéanamh ach ní bheidh sé éasca. Beidh tionchar ag an réiteoir agus ag an slua ar an gcluiche seo. Teastóidh sciorta den ádh freisin!
Dála an scéil, beidh cluiche suimiúil i gCaerdydd tráthnóna inniu idir an Bhreatain Bheag agus Albain. Ní bheidh aon tionchar ag toradh an chluiche seo ar bharr thábla an chomórtais ach beidh suim againn ar fad in aiséirí na mBreatnach, sin má leanann sé.
Amárach, tabharfaidh Sasana faoin Iodáil i Londain. Seans go mbeidh muid ag tuairisciú bua arbh fhiú cúig phointe é do na Sasanaigh ag a dheireadh agus sa gcás gur cothrom a chríochnóidh an cluiche i Staid Aviva inniu, seans go mbeidh na Sasanaigh ar ais sa rás don chraobh.
Fág freagra ar 'Más leis na hÉireannaigh na Francaigh a chloí, caithfidh siad a bheith iomaíoch, trodach is fisiciúil ón gcéad nóiméad'