Níl aon dabht ach gurb í an choimhlint idir iarchuraidh Chorn na gCuradh, La Rochelle (faoi dhó) agus Cúige Laighean (faoi cheathair) rogha chluichí rugbaí an deireadh seachtaine seo.
Casfaidh na foirne seo ar a chéile, don séú babhta, i La Rochelle amárach. Bhí an bua ag Cúige Laighean i dtrí cinn de na cluichí a imríodh go dtí seo, bua faoi dhó a bhí ag La Rochelle. Mí-ámharach go leor, ba sna craobhchluichí in 2022 agus arís in 2023 a fuair La Rochelle an dá bhua sin. Mar sin féin, bhí an lámh in uachtar ag Cúige Laighean i gcluiche an Mhárta seo caite agus roimh Nollaig 2023 freisin, sa bhFrainc, an dá bhabhta deiridh ar chas siad ar a chéile.
Fágann sin nach mbeidh aon fhaitíos ar fhoireann Leo Cullen agus iad ag taisteal as baile i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh. Cuimhnigh freisin nár chaill Cúige Laighean oiread agus cluiche amháin fós in aon chomórtas an séasúr seo.
Ní hionann an cás do La Rochelle, foireann atá sa gcúigiú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair agus sé cluiche caillte acu sa gcomórtas sin. Más le Cúige Laighean cosán driseach a sheachaint agus iad ar thóir áit sa gceathrú cluiche ceannais as a chéile de Chorn na gCuradh, caithfidh siad cluiche an lae amárach a bhuachan. Ní bheidh sé éasca, ach creidim gur féidir leo an beart a dhéanamh.
Ach roimhe sin tráthnóna inniu, cuirfidh Cúige Mumhan fáilte go Luimneach roimh Saracens Shasana. Níl mórán dearfach le tuairisciú ó champa na Mumhan roimh an gcluiche seo, iad cráite ag imreoirí gortaithe agus fíor-dhrochthorthaí san URC, comórtas ina bhfuair siad greadadh (28-7) ó Chúige Laighean agus iad as baile coicís ó shin. Is fiú a thuairisciú freisin nár chuir Cúige Laighean mórán dá gcuid imreoirí céad rogha chun páirce don choimhlint sin.
Sa tríú háit ar thábla an Gallagher Premiership atá Saracens agus bhuaigh siad an dá chluiche a d’imir siad sa gcomórtas seo, i gcomparáid le Cúige Mumhan a chaill cluiche amháin as dhá iarracht. Sea, beidh Cúige Mumhan ag snámh in aghaidh easa arís inniu.
Beidh Cúige Uladh, foireann atá fós ar thóir bua sa gcomórtas seo, as baile i Leicester tráthnóna agus iad i gcoinne fhoireann na cathrach sin a chaill cluiche amháin as an dá chluiche go dtí sin. Cuir san áireamh freisin go bhfuil Leicester suite sa gceathrú háit ar thábla an Premiership agus tabharfaidh sin léargas duit ar an dúshlán atá roimh na hUltaigh anocht.
Sa gcomórtas sóisearach, beidh Cúige Chonnacht ar thóir a dtríú bua as a chéile i gCorn an Dúshláin anocht agus iad in oirthear na Fraince i gcoinne Lyon, foireann a bhuaigh a gcéad dhá chluiche freisin. Níl tada idir na foirne seo, seachas buntáiste an bhaile a bheith ag na Francaigh, rud a chuireann go mór leis an dúshlán atá roimh fhoireann na Gaillimhe. Is minic roimhe seo a bhain na Connachtaigh croitheadh as foirne ón bhFrainc, fiú agus buntáiste baile acu siúd. Ach an babhta seo níl fáil acu ar Mark Hansen atá ar fionraí go ceann trí seachtaine de bharr cáineadh poiblí a rinne sé ar réiteoir le gairid.
Caithfidh Connachta tochailt go domhain.
Fág freagra ar 'Más le Cúige Laighean cosán driseach a sheachaint caithfidh siad buachan ar La Rochelle'