‘Más fúinn an Ghaeltacht a shábháil, ní leor briathra agus plámás, is gá beart fónta’ – agallamh le Mary Lou McDonald

In agallamh eisiach le Tuairisc.ie labhraíonn Uachtarán nua Shinn Féin faoina dearcadh agus a mianta i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta

‘Más fúinn an Ghaeltacht a shábháil, ní leor briathra agus plámás, is gá beart fónta’ – agallamh le Mary Lou McDonald

Uachtarán nua Shinn Féin, Mary-Lou McDonaldSam Boal/RollingNews.ie

Deir Uachtarán nua Shinn Féin Mary Lou McDonald gurb í seo “uair na cinniúna” don teanga agus nach leor an maoiniú “suarach” atá curtha ar fáil don phleanáil teanga agus gan, dar léi, fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach “20 bliain ar a mhéid” mura ndéantar “beart fónta” chun í a shábháil.

“I mo thuairimse tá 20 bliain againn ar a mhéid chun an Ghaeltacht a shábháil. De réir an daonáirimh dheireanaigh, tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht agus níl fágtha anois ach 502 páiste idir 3-4 bliana d’aois a labhraíonn Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.

“Is mór an t-údar imní é sin, agus beidh an-drochthionchar ar an nGaeltacht ag formhór na réamhscoileanna sna ceantair Ghaeltachta a bheith ag feidhmiú trí Bhéarla. Gealladh dúinn go dtabharfadh an phleanáil teanga an Ghaeltacht slán ach is suarach an méid airgid atá curtha ar fáil do na pleananna teanga,” a dúirt Mary Lou McDonald le Tuairisc.ie.

Dúirt sí go raibh go leor ceantar Gaeltachta ann “a bhfuil dúshláin mhóra eacnamaíochta rompu” agus “fadhbanna móra iontu maidir le hinfreastruchtúr, leathanbhanda, bóithre, imirce agus dífhostaíocht”.

Is beag atá á dhéanamh ag an Rialtas chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo, dar léi. Mhaígh sí go raibh neamhaird iomlán déanta ag an Rialtas de phlean infheistíochta Chonradh na Gaeilge “plean a chuideodh le breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta” agus go rabhthas ag teip ar Údarás na Gaeltachta maidir le maoiniú le fada an lá.

“Ní féidir glacadh leis seo. In ainneoin an ghéarghá atá le hinfheistíocht sna cúrsaí sin, is amhlaidh gur titim 70% a bhí ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 2007, agus níor tháinig aon fheabhas ar an scéal i mbuiséad na bliana seo caite.

“Más fúinn an Ghaeltacht a shábháil, ní leor briathra agus plámás, is gá beart agus tacaíocht fhónta. “

Dúirt Uachtarán Shinn Féin gur maith ann Bliain na Gaeilge 2018 ach thug sí le fios, agus cáineadh láidir á dhéanamh aici ar chur chuige an rialtais i leith na teanga, gur chóir go mbeadh ‘gach bliain ina Bliain na Gaeilge’.

“Ó dheas, tá ‘Bliain na Gaeilge’ againn i mbliana agus is beart iontach é sin a thugann deiseanna do dhaoine an Ghaeilge a úsáid níos minice agus a spreagann páirtíocht an phobail. Ba cheart dúinn, áfach, a bheith á dhéanamh sin gach uile bhliain.  Níl dóthain maoinithe do na pleananna teanga curtha ar fáil ag an Rialtas agus tá easpa maoinithe in áiteanna eile chomh maith.

“Tóg an bhliain seo caite mar shampla. €5 milliún a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge chun tús a chur leis an bplean infheistíochta atá acu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2018 ar aghaidh, ach ní raibh an Rialtas sásta an maoiniú sin a chur ar fáil. Ní hiad na ceisteanna maoinithe seo tús agus deireadh an scéil, ach is tús maith iad,” a dúirt Mary Lou McDonald.

Maidir le cás na Gaeilge ó thuaidh, dúirt Uachtarán Shinn Féin go bhfuil líon na ndaoine a roghnaíonn an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt “ag ardú i gcónaí” agus gur “mór an leas” atá déanta ag earnáil na Gaeilge ansin chun an teanga agus an cultúr a chur chun cinn agus a chosaint “agus iad go minic i dtaobh le beagán acmhainní agus tacaíochta”.

Cosaint reachtúil is mó a theastaíonn ón teanga ó thuaidh, a dúirt sí.

“Tá níos mó tacaíochta ag teastáil ón teanga, áfach, cosaint dlí go háirithe – agus tá sé riachtanach amach is amach go gcuirtear an tacaíocht sin ar fáil trí Acht Gaeilge a thabhairt isteach.”

Maidir lena ceangal féin leis an nGaeilge, dúirt sí go raibh an-suim aici inti ó bhí sí óg.

“Bhí grá mór agam don Ghaeilge agus mé ag fás aníos agus bhí sí riamh gar do mo chroí. Tá cuimhní geala agam den am a raibh mé ag foghlaim na Gaeilge ar scoil agus creidim go láidir gurb í an Ghaeilge an ghné is tábhachtaí dár bhféiniúlacht chultúrtha agus gur dlúthchuid dínn í.

“Mar sin tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaí tacaíocht don Ghaeilge ar gach uile bhealach ar féidir linn. Tá mo pháistí ag freastal ar an nGaelscoil áitiúil agus mar sin tá sé d’ádh orm go mbíonn teagmháil agam leis an teanga gach lá.”

Dúirt Uachtarán nua Shinn Féin le Tuairisc.ie go raibh sé i gceist aici feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus níos mó úsáid a bhaint aisti.

“Cinnte. Tá mé tosaithe cheana féin. Tá mo dhóthain Gaeilge agam le mo bhealach a dhéanamh, tá sí á húsáid níos minice agam le cúpla mí agus tá rún agam í a úsáid níos minice fós.

“An bealach is fearr chun feabhas a chur ar líofacht duine an teanga a labhairt go rialta agus tá mé ag súil go mór le leanúint de sin.”

Fág freagra ar '‘Más fúinn an Ghaeltacht a shábháil, ní leor briathra agus plámás, is gá beart fónta’ – agallamh le Mary Lou McDonald'

  • art

    Déan do shúiomh dhátheangach, sin an chéad rud agus ansin beidh mé ag éisteacht leat and seans mo vóta a fháil.

  • Mánus

    Ráiméis róghinearálta agus leamh. Cá bhfuil an bhileog A4 de gheallúintí choincréidéideacha réamhthoghcháiníochta? Beart de réir do bhriathar. Tosaigaí le suíomh idirlín Shinn Féin a dhéanamh dhátheangach.

  • An Teanga Bheo

    Scaoil an Ghaeltacht isteach san nGalltacht agus Gaeilge ar fud na tire, sabháil an Teanga mar sin ach tá tú faoi reachtaíocht na Breataine sna 6 condae ?