Más Críostaíocht atá ag déanamh scime do Noel Grealish, ba cheart dó a choinsias féin a scrúdú

Tá sé in am ag Noel Grealish a shoiléiriú do phobal a dháilcheantair agus do mhuintir na tíre go léir céard go díreach a bhí sé ag iarraidh a rá in Uachtar Ard

Más Críostaíocht atá ag déanamh scime do Noel Grealish, ba cheart dó a choinsias féin a scrúdú

An Teachta Dála Noel Grealish. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

“Duine breá mórchroíoch” é Noel Grealish, Teachta Dála as Gaillimh Thiar, dar le Máirtín Ó Catháin sa bpíosa a scríobh sé ar Tuairisc.ie. Níl cúis ar bith a cheapadh nach bhfuil an méid sin fíor nó nach fíor ach oiread go bhfuil obair mhaith déanta ag Grealish, i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tithe a fháil do theifigh ón tSiria ina dháilcheantar.

Ach más cás le Noel Grealish an dea-chlú sin a luann Máirtín Ó Catháin leis a choinneáil, tá sé thar am aige labhairt amach agus soiléiriú ar a laghad a dhéanamh faoin méid a dúirt sé ag an gcruinniú poiblí in Uachtar Ard ar an 11 Meán Fómhair.

Seo cuid den mhéid a dúirt Grealish, de réir tuairisce a foilsíodh san Irish Mirror, agus é ag trácht ar iarratasóirí ar stádas teifeach a d’fhéadfadh bheith lonnaithe in Uachtar Ard amach anseo, má thógtar cinneadh óstán san áit a chóiriú ina ionad do dhaoine atá ag fanacht ar thoradh a n-iarratas:

“These are people that are coming over here from Africa to… to sponge off the system here in Ireland.

“I know people… all over the county that I’ve tried help get housing for, for seven, eight, nine, 10 years.

“Let the minister know the fear – and it is the fear factor – that this is going to bring on this village, because we don’t know, we don’t know these people coming in.

“I can guarantee you it’s not the persecuted Christians and Syrians coming here, it’s the people, the economic refugees that’s coming in from Africa, that’s trying to get across the Mediterranean and ended up in Europe and ended up here in Ireland and ended up in Oughterard, where you don’t have the schools, you don’t have the doctors.”

Tá cuid mhaith sa mhéid sin uaidh. Ach cén bunús fíriciúil atá leis an méid atá maíte aige faoi chúlra na dteifeach in Éirinn?

De réir na staitisticí atá ar fáil ón Irish Refugee Council, in 2018, cuireadh 3,673 iarratas nua ar stádas teifigh faoi bhráid an Stáit. Ag deireadh na bliana sin, bhí 5,660 cás ar feitheamh. Bronnadh stádas teifigh ar 683 duine agus bronnadh stádas eile, ‘subsidiary protection’, ar 200 duine eile. Diúltaíodh do 2,090 duine, nó 70.3% den mhéid a rinne iarratas. Mar sin níl sé éasca an stádas a fháil.

Agus arbh as an Afraic an chuid is mó na daoine ar bronnadh stádas teifigh orthu? Níorbh ea go deimhin. B’as an tSiria a bhformhór mór (389). Triúr is fiche (23) ón tSiombáib a bhain an stádas amach agus naonúr (9) ón Nigéir, rud a bhréagnaíonn focla scaoilte Grealish scun scan.

An rud a chuir alltacht orm féin faoin scéal seo ar fad ná an chaoi a chuir Grealish a chás i láthair oíche an chruinnithe. Ní ‘persecuted Christians’ atá ag teacht, a dúirt sé, ach ‘economic refugees that’s coming in from Africa’, daoine a d’fhéadfadh ‘fear factor’ a spreagadh i measc an phobail, ‘because we don’t know these people coming in’.

Is deacair gan blas ciníoch a aithint ar an gcaint sin. Ní Críostaithe sibhialta ar nós muid féin iad na daoine a d’fhéadfadh bheith curtha siar anseo go hUachtar Ard, dar leis, ach Afracaigh ‘that are going to sponge on the system here in Ireland’. Daoine a mbeadh ‘fear factor’ ag baint leo, dream a d’fhéadfadh a bheith scanrúil ar bhealach éicint.

Bhuel más Críostaithe agus Críostaíocht atá ag déanamh scime don Uasal Grealish, ba cheart dó a choinsias féin a scrúdú. Duine mórchroíoch é, b’fhéidir, ach is duine é a bhfuil údarás ag baint lena chuid cainte. Nuair a thagann a leithéid de chaint gan bhunús fíriciúil ó Theachta Dála, bíonn údarás ag baint léi.

Na laethanta seo, scaipeann caint den sórt sin mar a bheadh loscadh sléibhe ann.  Tá an chontúirt ann go bhféadfadh sí daoine áirithe, nach bhfuil chomh mórchroíoch leis an Teachta Grealish, a spreagadh chun gnímh. D’fhéadfadh sí misneach a thabhairt dóibh béic a ligean ar Afracaigh sa tsráid, cuir i gcás. A rá leis na strainséirí anaithnide sin glanadh leo ar ais chuig an áit as a dtáinig siad.

A rá leo gan a bheith ag iarraidh teacht i dtír ar acmhainní na hÉireann, nuair a d’fhéadfadh na hacmhainní sin a bheith caite orainn féin, nó ar Chríostaithe a bheadh cosúil linn. Daoine nach mbeadh an ‘fear factor’ céanna ag baint leo is a bhaineann, dar le Grealish, le muintir na hAfraice.

Ab shin a bhí á rá aige? Murab ea, nach bhfuil sé in am ag Noel Grealish a shoiléiriú do phobal a dháilcheantair agus do mhuintir na tíre go léir céard go díreach a bhí sé ag iarraidh a rá in Uachtar Ard ar an 11 Meán Fómhair?

Fág freagra ar 'Más Críostaíocht atá ag déanamh scime do Noel Grealish, ba cheart dó a choinsias féin a scrúdú'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sách ráite agat, a Thaidhg. É féin a mhíniú seachas dul i bhfolach, an rud is lú ar cheart don Teachta Dála Noel Grealish a dhéanamh ag an bpoinnte seo , th’éis dhó tine an chiníochais a adhaint in Uachtar Ard.

  • Nuala de Paor

    Ceart ar fad agat. Is mithid dó soiléiriú iomlán a dhéanamh go poiblí.

  • Eoinín na nÉan

    B’fhéidir go bhfuil sé thar am an port seo a chaitheamh i dtraipéisí. Tá sé ráite anois sách minic agus dá fhaideacht dá mbeidh sé á tharraingt anuas is mó dochair a dhéanfaidh sé agus ní thiocfaidh sé sin chun sochair d’aon duine ná d’aon phobal.

  • Lillis Ó Laoire

    Scoilt mhór le feiceáil idir aicmí maidir le tacaíocht nó a mhalairt do NG. Is trua é ach is fíor é.