Deir an Garda Síochána gur ar líne roimh ré a pleanáladh an foréigean a tharla taobh amuigh den ionad lóistín ag Citywest d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta in iarthar chontae Bhaile Átha Cliath aréir.
“Bhí oibríocht phóilíneachta i bhfeidhm ag An Garda Síochána don chruinniú poiblí seo a bhí eagraithe ar na meáin shóisialta ag grúpaí éagsúla a chothaíonn fuath agus foréigean agus a spreagann agus a mheallann daoine eile le bheith páirteach,” a deir Michael McNulty, an Ceannasaí a bhí ar an láthair.
Níos túisce inné bhí grúpaí frith-inimirce agus grúpaí a bhaineann leis an eite i bhfad ar dheis ag scaipeadh an scéil faoin agóid ar na meáin shóisialta.
Bhí cúpla céad duine le feiceáil san ábhar físe a postáladh ar líne aréir agus go leor acu a raibh bratacha na hÉireann acu agus iad ag béicíl sluáin in aghaidh na hinimirce.
‘Maistíneacht’ a thug Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly ar an bhforéigean a tharla le linn agóid na hoíche aréir.
“Ní féidir aon chur síos eile a dhéanamh ar a ndearnadh anocht ach maistíneacht. Daoscarshlua a bhí anseo a raibh rún acu foréigean a úsáid in aghaidh Gardaí.”
Bhí thart ar 2,000 duine i láthair ag an agóid ag an ionad lóistín. Go luath ina dhiaidh sin thosaigh fir a raibh húdaí agus mascanna orthu ag caitheamh tinte ealaíne agus rudaí eile leis na gardaí. Rinne siad loitiméireacht ar stad traenach an Luas agus chuireadar veain Gardaí trí thine. Cuireadh an tseirbhís Luas as Tamhlacht go Teach Sagard ar fionraí aréir de bharr an réabtha.
D’eascair an agóid as eachtra a tharla luath maidin Dé Luain nuair a líomhnaíodh gur ionsaigh fear sna fichidí cailín beag deich mbliana d’aois in aice láimhe, i Lána Gairtéir i dTeach Sagard.
Bhí an cailín beag faoi chúram Tusla. Bhí fear os comhair cúirt ar fhíseán inniu maidir leis an eachtra agus beidh sé ar a choinneáil go dtína chéad chúirt eile ar an 5 Samhain. Níor éiligh sé bannaí.
Tugadh cúigear os comhair cúirte maidin inniu agus iad cúisithe i gcionta a bhain leis an ord poiblí ag agóid na hoíche aréir. Sna daichidí atá triúr acu agus an bheirt eile ina gcaogaidí. Bhí bean a gabhadh aréir freisin os comhair na cúirte inniu ach scaoileadh léi gan aon chúis a chur ina leith.
Bhain gortú coise do Gharda aréir agus cuireadh cóir leighis uirthi sular ligeadh abhaile í.
Cháin an Taoiseach Micheál Martin “go láidir” an t-anord foréigneach agus mhol sé misneach na ngardaí a chuir an raic faoi chois go gasta.
Dúirt Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána, Paul Cleary, gur maith an seans go ngabhfar tuilleadh daoine de bharr imeachtaí na hoíche aréir.
“Círéib lán foréigin a bhí ann a bhí á stiúradh ag maistíní a raibh rún acu foréigean a úsáid agus ní ionsaí ar na Gardaí amháin a bhí ann ach ionsaí ar an bpobal agus ar a sábháilteacht agus ní ghlacfaimid leis sin.
“Ba mhaith liom an pobal a chur ar a suaimhneas go raibh muid ábalta anord foréigneach na hoíche aréir a chur faoi smacht, an t-ord poiblí a chur i bhfeidhm agus beimid réidh d’aon eachtraí foréigin a tharlóidh amach anseo.”
Éamonn
“Dí-dán”
Dímhaoin, díréimeach, dírathach, dínáirithe.
A díbliú dírithe
ar na díobraithe, díchurtha, díomácha.
Ní ag lucht dídeáin
locht dídeáin.
Ár náire sibh.
Ár náire sinn.