Mairg an té a dhéanfadh beagán de phobail bheaga imeallacha

Ón mbaint atá agam féin le leabhar bliantúil Iorras Aithneach tugaim faoi deara chuile bhliain go bhfágann na pictiúir agus na scéalta lorg éigin ar m’intinn

Mairg an té a dhéanfadh beagán de phobail bheaga imeallacha

“How do ye live back there in the winter?” Níl aon chall duit a dhul níos faide ná Gaillimh leis an gcaint sin a chloisteáil. Bheadh Conamara togha sa samhradh nuair a bheadh fonn ar dhuine séirse a thabhairt siar an bealach ach seachain a mbeifeá ag cuimhneamh ar chónaí ansin.

Anois, ní drochdhaoine ná daoine urchóideacha ar bhealach ar bith iad seo a déarfadh sin ach bheadh coimhthíos acu leis an dorchadas agus leis an uaigneas, mar a fheictear dóibhsean é.

Shílfeá scaití freisin gur beag suim atá ag cuid de na daoine a bhfuil cumhacht acu i gceartlár an tsaoil mhóir sna pobail imeallacha ar chóstaí thiar na hÉireann, sin má tá aird ar bith acu orthu.

Sílim scaití go mbíonn ceist ina gcloigne, fiú i ngan fhios dóibh féin: Tuige nach dtéann an dream seo atá ar imeall an tsaoil isteach sna bailte móra agus sna cathracha? Ní bheadh gá le córais uisce agus leictreachais agus bóithre a chur ar fáil dóibh i bhfad amach as Gaillimh, ná ó chathair ar bith eile.

Ní bheadh costas na bpobal tuaithe ar an eacnamaíocht. D’fhéadfaí iad a ligean le sruth agus iad a fhágáil ag na coiníní agus ag na turasóirí agus ag na timpeallachtóirí.

Anseo ar imeall thiar Chonamara, an dá lá seo, tá leabhar bliantúil cheantar Chill Chiaráin agus Charna á foilsiú. Ceantar é seo atá 80 ciliméadar siar ó Ghaillimh, ceantar imeallach ar imeall thiar na hEorpa. Tá daoine sa mBruiséil agus i mBaile Átha Cliath – agus go deimhin i nGaillimh féin- a déarfadh go ndéanfadh an domhan cúis mhaith d’uireasa Iorras Aithneach agus sceirdiúlacht an cheantair sin.

Ón mbaint atá agam féin le leabhar bliantúil Iorras Aithneach tugaim faoi deara chuile bhliain go bhfágann na pictiúir agus na scéalta lorg éigin ar m’intinn, fiú agus gur fada mé im eagarthóir (deonach) ar an bhfoilseachán. Tugann stair an cheantair léargas ar an miotal atá sna pobail sceirdiúla agus fiú agus gur snámh in aghaidh easa é go minic, is iontach an fhiontraíocht agus an misneach atá ag daoine i gcónaí

Go cinnte, tá na scríbhneoirí aitheanta as an bpobal ann, leithéidí Sheosaimh Uí Chuaig agus Jackie Mac Donnchadha agus tuilleadh lena gcois, ach tá scríbhneoirí nua tagtha chun cinn freisin. Samhlaíocht agus stíl scríbhneoireachta, tá na buanna sin ag Ríona Ní Chonaire agus ar éigean go bhfuil na déaga de bhlianta sroichte aice fós.

Ansin tá leithéid Choilm Uí Neasa as Coill Sáile ann, fear a bhfuil alt breá scríofa aige i mbliana. Tá Mairéad Uí Dhomhnaill ann agus is breá liom féin go bhfuil Marion Ní Shúilleabháin, an craoltóir agus iriseoir le Raidió na Gaeltachta, ag scríobh in irisleabhar Iorras Aithneach i mbliana; ar ndóigh bíonn fáilte i gcónaí roimh chúnamh as ceantar na Ceathrún Rua.

Mar is dual, is breá go deo an t-alt cuimsitheach atá san iris ag Marion faoi aimsir shéasúr an bhiatais i Sasana agus an ceangal a bhí ag Conamara leis an obair sin idir 1940-1980– seo píosa breá staire comhaimseartha.

Ní dea-scéalta uilig é; tá an líon gasúr sna scoileanna ag fanacht an-íseal i gcomórtas leis an gcaoi a mbíodh sé. Mar a abraíonn go leor daoine, más minic é geall le bheith dodhéanta cead pleanála a fháil sa gceantar – cá gcuirfidh daoine fúthu?

Beag beann ar na fadhbanna, tá, ar a laghad, tuairiscí tugtha faoi thrí fhorbairt mhóra in Iorras Aithneach i leabhar na bliana seo:

Tá tuairisc ó Dara Ó Maoilchiaráin, an Príomhoide i Scoil Phobail Mhic Dara, faoi mhéadú agus forbairt ar an scoil sin agus áiseanna breise do dhaltaí.

Tá tuairisc ón gCoiste Áiseanna Spóirt agus Siamsaíochta –agus lámh Chumann Lúthchleas Gael Charna/an Chaisil na-fheiceálach ann – faoi fhorbairt mhór ag an bpáirc (An Plantation) i gCarna.

Agus tá tuairisc ó chomhlacht Corio faoin Fheilm Ghaoithe i gceantar na Sceirdí a chuirfidh go mór – ag brath ar na ceadúnais – leis an sruth glan leictreachais sa tír seo. Tá ciste pobail ag dul leis an bhforbairt sin freisin, ciste a bheadh ina chrann taca iontach don phobal amach anseo.

Mairg an té a dhéanfadh beagán de phobail bheaga imeallacha.

Fág freagra ar 'Mairg an té a dhéanfadh beagán de phobail bheaga imeallacha'