Mairfidh ‘maorlathas na Gaeilge’ níos faide ná pobal na Gaeltachta – sochtheangeolaí

Deir sochtheangeolaí aitheanta go bhfuil ‘láthair oidhreachta agus siamsaíochta’ á déanamh den Ghaeltacht do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a labhairt mar dhara teanga

Mairfidh ‘maorlathas na Gaeilge’ níos faide ná pobal na Gaeltachta – sochtheangeolaí

Mairfidh ‘maorlathas’ na Gaeilge níos faide ná pobal na Gaeltachta ceal straitéis tarrthála, a deir sochtheangeolaí aitheanta.

Tá rabhadh tugtha ag an Ollamh Conchúr Ó Giollagáin agus ag Iain Caimbeul gur faide a mhairfidh polasaithe Gàidhlig na hAlban ná pobal labhartha na teanga sin, agus deir Ó Giollagáin gurb é an dála céanna ag Gaeltacht na hÉireann é.

“Is í an chinniúint chéanna atá i ndán do Ghaeltacht na hÉireann faoi réir na gcúinsí reatha. Mairfidh maorlathas na Gaeilge in Éirinn níos faide ná an pobal Gaelach mura mbeifear in ann straitéis tarrthála a chur i bhfeidhm atá níos ábhartha ná an cur chuige reatha. Is ionann glacadh leis na polasaithe neamhábhartha reatha agus géilleadh go hoifigiúil d’imeacht as na Gaeltachta.

“Cloistear an cur i gcéill oifigiúil céanna in Éirinn, is a chloistear in Albain, faoin dul chun cinn eagraíochtúil fhad is atá creimeadh leanúnach ag teacht ar an bpobal urlabhra Gaeilge.”

Deir Conchúr Ó Giollagáin go n-admhaíonn lucht ceannais eagraíochtaí teanga in Éirinn go bhfuil éigeandáil sa Ghaeltacht, ach go bhfágann an cur chuige atá acu “nach bhfuil siad sásta ná inniúil ar bheartais a chur i bhfearas a bheadh fóinteach in aghaidh an ghátair a bhfuil an pobal Gaelach ann”.

Deir Ó Giollagáin go bhfuil pobal na Gaeltachta “curtha sa riocht” go bhfuil siad “ag tabhairt cúnaimh” don státchóras “láthair oidhreachta agus siamsaíochta” a dhéanamh den Ghaeltacht do dhaoine “ar spéis leo an Ghaeilge a chleachtadh ina dara teanga”.

Is ionann an cur chuige i leith na teanga mar atá, a deir sé, agus a bheith “ag fáil faoi réir do ré na hiarGhaeltachta”.

Conchúr Ó Giollagáin

Deir Ó Giollagáin go bhfuil Gaeltacht na hAlban i bhfad níos leochailí ná Gaeltacht na hÉireann mar go bhfuil an pobal Gaelach in Albain i bhfad níos lú, nach bhfuil dóthain cainteoirí cumasacha ann ach amháin i measc seandaoine agus toisc nach bhfuil an tacaíocht oifigiúil chéanna ag an nGàidhlig is atá ag an nGaeilge in Éirinn.

An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí aitheanta a bhfuil go leor scríofa aige faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht sa tír seo, a bhí i gceann an taighde ónar tháinig an rabhadh go raibh an baol ann go dtiocfadh deireadh leis na pobail labhartha Gaeilge in Albain taobh istigh de dheich mbliana.

Deich mí ó foilsíodh an tuarascáil sin, in alt a scríobh sé don Scottish Herald, dúirt Conchúr Ó Giollagáin nach raibh aon straitéisí nua á réiteach le déileáil leis an ngéarchéim teanga.

Mar atá ráite aige cheana faoin anchaoi ina bhfuil an Ghaeilge i nGaeltacht na tíre seo, dúirt Conchúr Ó Giollagáin nach “rogha chuí” é an “status quo” más leis an Gàidhlig maireachtáil mar theanga phobail. 

I gcáipéis nua, ‘Moving Beyond Asocial Minority-Language Policy’, maíonn Ó Giollagáin agus Iain Caimbeul, gurb í an ghné is mó a bhaineann le polasaí Gaeilge na hAlban “go dtugtar tosaíocht do chur chun cinn na teanga gan dóthain airde a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cosaint na teanga”.

“Is ríshoiléir cheana féin, má chloítear leis an status quo, gur faide a mhairfidh polasaí Gaeilge na tíre ná an pobal a labhraíonn an teanga sin,” a deirtear sa gcáipéis.

Tugtar rabhadh chomh maith go bhfuil “an drochbhail atá ar an teanga ina pobal labhartha ceilte ag an athbheochan agus an dul chun cinn bréige a thuigtear ó lucht oifigiúlachas na Gaeilge”.

Deir na scoláirí go ndearna an polasaí Gaeilge sna scoileanna, sna meáin agus i gcúrsaí riarachán poiblí “leas do phróifíl na Gaeilge i measc an phobail” ach go raibh an polasaí sin “neamhéifeachtach mar pholasaí sóisialta” toisc nach ndíríonn sé ar an bpobal a labhraíonn an Ghaeilge faoi láthair.

Áitíonn an bheirt scoláirí nár réitíodh aon pholasaí stuama go dtí seo ar mhaithe leis na grúpaí cainteoirí Gaeilge a chothú agus a fhorbairt ina bpobail féin, bíodh sin ar na hoileáin nó sna gréasáin de chainteoirí a bhog go bailte móra na hAlban.

Áitíonn Ó Giollagáin agus Caimbeul go bhfuil an iomarca béime sa bpolasaí reatha ar an oideachas foirmiúil agus ar na foghlaimeoirí fásta. Maíonn siad go bhfuil dochar á dhéanamh ag an gcur chuige sin do na cainteoirí dúchais Gaeilge nach bhfuair riamh dóthain airde ná acmhainní.

Áitíonn na scoláirí gur mó aird atá sa bpolasaí teanga ar “cloí go docht leis an gcreat earnála atá ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn seachas an Ghaeilge a chothú agus a choinneáil á labhairt mar theanga phobail”.

Fág freagra ar 'Mairfidh ‘maorlathas na Gaeilge’ níos faide ná pobal na Gaeltachta – sochtheangeolaí'

  • Eimear

    Teip iomlán ar an stát chóras i leith na Gaeilge & na Gaeltachta go dtí go bhfaightear réidh leis na hEagrais Ghaeilge atá gan feidhm agus mór Eagraíocht amháin a bheith ann & é lonnaithe sa Ghaeltacht. Cén mhaitheas dream atá lonnaithe san Ardchathair do mhuintir na Gaeltachta? Cur amú acmhainní stáit!

  • Donncha

    Go díreach! Níl ann ach plean nua Údarás na Gaeltachta a léamh. Níl aon phlean chun an teanga a neartú ná muintir na Gaeltachta a chosaint. Níl ann ach a bheith ag déanamh páirc spraoi do thurasóirí agus ag cinntiú go mbeidh na ceantair Gaeltachta curtha thar maol le Béarlóirí ag ceannacht suas tithe agus ag líonadh na scoileanna, na clubanna agus na gnóthaí áitiúla le cainteoirí Béarla. Níl aon ról ar intinn ag Údarás na Geltachta dúinn ach mar theagascóirí Gaeilge agus treoraithe turasóireachta do na tiarnaí nua.
    Tá muid tréigthe ag Údarás na Gaeltachta leis an bplean nua seo agus ní aon iontas nuair a fheiceann tú go bhfuil an tÚdarás féin ag feidhmiú den chuid is mó trí Bhéarla.
    Tá sé in am éirigh amach agus tá sé in am athbhreithniú iomlán, ceart a dhéanamh ar bhainistiú Údarás na Gaeltachta.

  • Seán Mag Leannáin

    Ceol an traonaigh sa ghort.

  • Eoin Ó Murchú

    Cén maorlathas Gaeilge é seo? Ainmnigh iad, nó sa gcaint ach masla. Feicthear domsa nach bhfuil suim dá laghad ag an stát ó dheas sa nGaeilge, agus, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhian fadó, “ag deire thiar is marfaí neamhshuim ná namhadas ar bith”.

  • Ciarán

    Tá an ceart go hiomlán agat (agus agaibh) a Dhonncha, sin é an fhírinne agus bím ag iarraidh an pointe sin a dhéanamh chomh maith.

    Níl mórán mhaith ag Údarás ná a ‘new five year plan’ don Ghaeilge ná dosna daoine sa phobail sin ar mhian leo a gclanna a thógáil i gcúinsí Gaelach.

    Nuair a thosaigh Údarás, cheap daoine go mbeadh sé mar ‘Údarás áitiúil’, smacht ag pobal na Gaeltachta ar a gcinniúint féin, smacht ar cúrsaí tithíochta, bóithre, oideachas. Ní mar sin a bhí ná a bhfuil sé.

    Rinne mé staidéar ar sochtheangeolaíochta mé féin san ollscoil, agus cuireann sé olc orm an slí a láimhseáileann na heagraíochtaí a bhfuil in ainm is a bheith freagrach don pobal Gaeilge sa Ghaeltacht, an slí a láimhseáileann siad cúrsaí mionteanga sa tír. Tá siad dall, agus tá an rialtas (más cuma leo) dall. Cur chuige neamheolach neamhábhartha atá acu chomh fada is a bhaineann sé le cothú pobal mionteanga.

    Níl aon plean teanga ar chor ar bith ar an cáipéis nua sin (five year plan), i ndáiríre. Forbairt eacnamaíochta amháin atá inti. Agus daoine (gan aon coinníollacha teanga) á mealladh chun cónaí sa Ghaeltacht.

    Tá fadhb mhór ann ó thaobh daoine Gaeltachta ar mhian leo teach a fháil nó a thógáil ina gceantar, tá figiúirí ann, níos mó ná 70% (ar a laghad) desna tithíochta sa Ghaeltacht, tá siad á gceannach ag daoine ó na cathracha agus tíortha eile. Níl mórán tithe á gceannach ag daoine a bhfuil Gaeilge maith acu. Tá na daoine a bhfuil smacht acu ar cúrsaí tithíochta sa tír, ag scriosadh an Ghaeltacht. Teastaíonn ó an pobal Gaelach (Gaeilge) sa Ghaeltacht a n-údarás áitiúil féin le haghaidh smacht a bheith acu (go háirithe catagóir A) ar na cúrsaí seo.

    Ceantair tuaithe, le cúpla eagraíochtaí, gan aon pobail Gaeilge. Sin a bhfuil i ndán don Ghaeltacht leis an cur chuige seo atá ag Údarás. Áit tuaithe le Gaelscoileanna agus Gaeilge na cathracha don chuid is mó á mhúineadh iontu do scoláirí a bhfuil Béarla amháin acu sa bhaile.

    Ná bí i bhur dtost faoi seo. Inis don domhan mór céard atá ag tarlú

  • An tEisreachtach

    “Is dóigh liom go bhfuil muid i ré iontach beoga, iontach bríomhar, i saol na Gaeilge faoi láthair.” – An tOllamh Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach nua Bhord Fhoras na Gaeilge

    Go bhfóire Dia orainn!

  • Teresa

    Tá sé ceart go leor an stáid reatha a cháineadh, agus do mhíshásacht a léiriú ach abair, dá mbeadh tú ag feidhmiú sa Ghaeltacht, nó ag iarraidh tionchar a imirt ar Phlean Forbartha na Comhairle, cad a mholfá? Tabhair trí , nó 20) mholadh dom? Céim ar chéim, rudaí a chabhróidh le cosaint na teanga. Cad atá ag teastáil ag na muintir na Ghaeltachta? Cloisim daoine ag lorg páirc spraoi, ag lorg bóthair nua,
    seirbhísí sláinte, cead pleanála.. Ach níl Gaeilge ag an dochtúir sa cheantar. Tá sé ann le 20/30 bliain anuas. Ar chóir gearáin a dhéanamh agus dul gan dhochtúir ar mhaithe le cosaint na Gaeilge? Agus géarchéim tithíochta…ar chóir dúinn cos a chur ar theaglach bogadh isteach san estáit de dheasca nach bhfuil innúlacht B2 acu? An mbeidh tú sásta teacht anseo agus seasamh ag an doras agus an ruaig a chur ar an gclann? Ní bhíonn sé éasca plean chuimsitheach a chur i bhfeidhm. Táimid san áit ina bhfuilimid. Ná habair é déan é.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá cuid den cheart ag Conchúir Ó Giollagáin ach ní fheicim é ag tíocht aníos le mórán moltaí praicticiúla. Ní mórán cúnaimh do na daoine atá ag treabhadh an ghoirt an anailís acadúil mura bhfuil moltaí praicticiúla á chur chun cinn.

    Aontaím cuid mhaith atá ráite ag ‘Donncha’. (Ní mise atá ann, dála an scéil.)Tá an ceart aige nach bhfuil aon phlean ag an Údarás leis an Ghaeilge a neartú is a chaomnú sa Ghaeltacht, seachas an cúram a chur ar na eagraíochtaí pobail!

  • Conchúr Ó Giollagáin

    An iad seo na moltaí atá uait, a Dhonncha:
    An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Tuarascáil Chríochnaitheach / Comprehensive Linguistic Study of the Use of Irish in the Gaeltacht: Final Report, Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Sheaghdha, A., Ní Chualáin, F. agus M O’Brien. BÁC: Oifig an tSoláthair (2007).
    An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas. Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin a chuir in eagar. Indreabhán: Leabhar Breac (2012) [2015, 2ra hEagrán].
    Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta / Assessment of Bilingual Competence: Language acquisition among people in the Gaeltacht. Péterváry, T., Ó Curnáin, B., Ó Giollagáin, C. agus J. Sheahan (2014). BÁC / Dublin: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
    Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006–2011. Ó Giollagáin, C. agus Charlton, M. (2015). Na Forbacha, Co. Galway: Údarás na Gaeltachta.
    Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas. Conchúr Ó Giollagáin and Brian Ó Curnáin (2016) a chuir in eagar. Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Leabhar Breac.
    The Gaelic Crisis in the Vernacular Community: A comprehensive sociolinguistic survey of Scottish Gaelic (2020). Ó Giollagáin, C., Camshron, G., Moireach, P., Ó Curnáin, B., Caimbeul, I., MacDonald, B., and Péterváry, T. Aberdeen: Aberdeen University Press.

  • CC

    A Dhonncha, tá moltaí ón Staidéar Cuimsitheach ar an bhlag seo ar aon nós, más mian le héinne iad a léamh

    https://staidearcuimsitheachmoltai.wordpress.com/

  • An tEisreachtach

    Fágtar faoi Chonchúr é!
    Is sórt fáidh é, ach mar atá a fhios againn, is iondúil nach n-éistear leis an bhfáidh mar gur fírinne shearbh a bhíonn aige/aici!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go raibh maith agat faoi do liosta tagairtí.

    Is fiú cinnte, breathnú ar na moltaí atá sa Staidéar Cuimsitheach agus brú a chur ar an rialtas na cinn is tábhachtaí a chur i bhfeidhm.

    Ceann acu ab ea catagóiriú na gceantar Gaeltachta ach dhiúltaigh an Roinn a rinne coimisiúnú ar an Staidéar Cuimsitheach aitheantas a thabhairt do na Catagóirí ná na critéir.

    Mhol an Staidéar Cuimsitheach go ndéanfaí Scéim Labhairt na Gaeilge a leasú ionas go mbeadh sé dírithe ar na bpáistí is óige is iad ag sealbhú a gcéad teanga baile. Moladh ciallmhar. Ach in áit sin a dhéanamh rinne Roinn na Gaeltachta cinneadh deireadh ar fad a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge ar fad gan tada a chur ina áit sa bhliain 2011.

    Mhol an Staidéar leagan amach nua do thoghchán an Údaráis ach in áit sin a chur i bhfeidhm chuir an rialtas Enda Kenny (FG) deireadh le toghchán an Údaráis ar fad le Acht na Gaeltachta 2012.

    Pleanáil Teanga t-aon mholadh fiúntach a tháinig as an Staidéar Cuimsithach ach nuair atá an oiread béim curtha ar cheantair nach bhfuil aon Ghaeilge fanta iontu is atá ar na ceantair ina bhfuil an teanga fós beo, caithfí a rá go bhfuil riaradh na scéime ag an maorlathas sa Roinn gan mórán dealraimh!