Tá na gadhair bheaga ag déanamh a mbealaigh amach sa saol le seachtain anuas. Seacht gcinn acu a rugadh, beagán os cionn seacht seachtaine ó shin do ghadhar mo mhuintire, agus trí cinn atá fágtha anois. D’imigh ceann go hUachtar Ard ag an deireadh seachtaine, tá ceann ar an mbealach go Baile Conaola, ceann ag dul go Baile Átha Cliath agus ceann ag teacht chugainne. Thug mé geallúint go dtógfainn ceann agus mura mbeidh mé fíorchúramach is gearr go mbeidh péire acu againn.
Meas tú an bhfuil daoine á lorg ag an Rialtas le dul anonn go Washington leo agus iad ag déanamh margaí trádála agus taraifí? Dá mbeadh, tá brath orm ainm mo mháthar a chur anonn leo ó tharla go bhfuil ardscileanna idirbheartaíochta léirithe aici ó tháinig na coileáin ar an saol. Ná leag cos thar thairseach an tí, mura bhfuil sé i gceist agat coileán a thabhairt abhaile leat.
Ní fada nó go mbeadh an margadh déanta in Washington agus deireadh leis an éiginnteacht eacnamaíochta dhomhanda dá ngabhfadh sí anonn chucu. Ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mba é an deireadh a bheadh ar an scéal ná go mbeadh ceann de na coileáin ag fanacht sa White House. Tá MAGA leathbhaiste ar cheann acu mar atá, agus nach mba thráthúil an chinniúint aici a saol a chaitheamh sa Teach Bán.
Is beag a cheap mé féin dhá mhí ó shin go dtabharfadh muid gadhar eile isteach sa teach. Tá ceainnín againn cheana féin agus í ina banríon orainn uilig mar atá.
Níl aon dul as anois, beidh an dara ceann againn go luath, agus dháiríre, caithfidh mé a bheith airdeallach nó is gearr gur trí ghadhar a bheidh againn.
“Má tá tú ag tógáil ceann acu, bhí sé chomh maith agat péire a thógáil,” a deir mo mháthair liom ar an bhfón an lá cheana agus na socruithe á ndéanamh againn.
Tá jab agam an ceann féin a thógáil is níl a fhios agam cá gcuirfidh muid í mar atá.
“Ar ndóigh, tabharfaidh siad aire dá chéile,” a deir sí agus a cás á dhéanamh go réasúnta aici. “Beidh siad ag spraoi le chéile deas socair agus ní bheidh a fhios agat an bhfuil siad ann ar chor ar bith.”
Ní fada nó go raibh mé curtha faoi gheasa aici agus mé ag cuimhneamh, gur mar a chéile dhá ghadhar agus trí cinn. Tá siad beag bídeach ar aon nós, agus ní mórán aire a theastóidh uathu. Cuid den fhadhb atá ann ná go bhfuil muid uilig faighte an-cheanúil orthu is níl muid ag iarraidh iad a scaoileadh uainn.
Tá bolscaireacht á heisiúint freisin, tuilleadh den nuacht bhréige. “Bhí iontas orm a chloisteáil go bhfuil sibh le dhá ghadhar a thógáil,” a deir mo dheirfiúr liom ar an bhfón an lá cheana.
“Cár chuala tú é sin?” a d’fhiafraigh mé di. Ach bhí an freagra ar eolas agam sular chuir mé an cheist.
“Níl muid, ná baol orainn,” a dúirt mé. Cé go bhfuil an baol ann, dháiríre, agus an-bhaol.
***
D’fhoilsigh Foras na Gaeilge plean straitéiseach nua cúig bliana an tseachtain seo do na blianta ó 2025 go 2030.
Deir siad gur socrú ceart maoinithe an dúshlán is mó atá rompu sa tréimhse cúig bliana seo agus géarghá le réiteach a fháil ar an bhfadhb.
Tá cruthú ‘spásanna sábháilte’ don Ghaeilge i measc na n-ábhar eile atá leagtha amach sa bplean straitéiseach.
“Aithnímid an tábhacht ó thaobh na pleanála teanga a bhaineann le ‘spásanna sábháilte’ Gaeilge a chruthú, áiteanna inar féidir le foghlaimeoirí agus cainteoirí níos líofa an Ghaeilge a úsáid gan scáth gan eagla agus fios a bheith acu go dtacófar lena n-iarrachtaí an teanga a labhairt.”
Chuir sé iontas orm go bhfuil tagairt á déanamh don ‘eagla’ agus don ‘scáth’ i gcás labhairt na Gaeilge. An bhfuil sé faighte amach go bhfuil an faitíos ina fhadhb mhór ag daoine atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt? Idir foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa, a deirtear. An bhfuil faitíos dháiríre ar chainteoirí líofa Gaeilge a labhairt?
Ach céard is spás sábháilte ann? Níl an téarma ‘spás sábháilte’ ar Focloir.ie ná ar Tearma.ie. De réir an Cambridge Dictionary ar líne, tá dhá shainmhíniú tugtha ar ‘safe space’.
An chéad cheann acu ná suíomh ina bhfuil duine sábháilte ón gcontúirt agus ón dochar. Luaitear an seisiún comhairleoireacht ar cheann de na samplaí. An dara sainmhíniú atá air ná áit nó seomra inar féidir le daoine a ghabháil má airíonn siad go bhfuil siad faoi ionsaí nó má bhíonn siad trína chéile. Luaitear seomra in ollscoil ar cheann de na samplaí d’áit a bhféadfadh daoine a ghabháil ina mbeadh siad sábháilte.
Sa gcur síos atá déanta air i bplean straitéiseach an Fhorais scríobhtar: “Mar chuid den phróiseas pleanála teanga, cuirfimid tacaíocht spriocdhírithe ar fáil do ghrúpaí pobail chun lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ina gceantair, mar ‘spásanna sábháilte’ inar féidir an Ghaeilge a chur chun cinn, freastal ar dhaoine arb í an Ghaeilge a ngnáththeanga agus tacú le nuachainteoirí a gcuid féin a dhéanamh den teanga.”
An é go bhfuil imeaglú á dhéanamh ar dhaoine atá ag labhairt Gaeilge agus go gcaithfear dul isteach i spás ar leith le go n-aireoidh daoine sábháilte? Shílfeá go mba chóir go mbeadh chuile áit in Éirinn ina ‘spás sábháilte’ le Gaeilge a labhairt agus mura bhfuil, is fadhb mhór í sin.
***
Tá Domhnach Cásca beagnach linn agus dheamhan ubh Chásca atá ceannaithe fós agam. Ní hin le rá nach raibh aon cheann sa teach fós. Bhuaigh an buachaill ceann sa raifil scoile an lá cheana, chonaic mé na comharthaí timpeall an tí. Píosaí beaga seacláide scaipthe ar an tolg, liathróidí beaga páipéar stáin anseo is ansiúd, coirnéal de bhosca dearg stróicthe ag gobadh aníos as an mála scoile. Fuair an cailín beag ceann freisin ag traenáil sacair an lá cheana, cuid den phlean bia folláin is dóigh. Bia don spiorad.
Cé go bhfuil roinnt uibheacha Cásca faighte cheana féin, is cosúil go mbeidh dualgais Choinín na Cásca ag titim ormsa arís i mbliana. Loic sé orm, más neach draíochta féin é, bhí mé a cheapadh go mb’fhéidir go ndúiseoinn maidin amháin is go mbeadh nóta beag míorúilteach fágtha dom. “Tá na huibheacha Cásca curtha i bhfolach agam i mbliana duit, beir bua is beannacht, An Coinín x o x!”
Níor tharla sé sin fós agus mar nach bhfuil aon cheacht foghlamtha agam ó na blianta eile roimhe seo, tá sé fágtha agam go dtí an nóiméad deireanach le huibheacha Cásca a cheannacht.
Tá siad sna siopaí ó Lá Fhéile Pádraig, ach bí cinnte anois go mbeidh siad uilig imithe nuair a ghabhfaidh mé amach á dtóraíocht. Cén bhrí ach tá leideanna móra tugtha dom le trí seachtaine de na cineálacha uibheacha Cásca atá siad ag iarraidh. Mura n-éireoidh liom iad a fháil, beidh mé ag cur an mhilleáin ar an gCoinín!
***
Ag léamh…
Caithréim agus Tóir an tríú leabhar agus an ceann deireanach sa tsraith iontach seo le Eithne Ní Ghallchobhair. Tá na leabhair bunaithe ar bhéaloideas na hÉireann agus iad scríofa i bhfoirm véarsaíochta. Múscail, a Ghiorria, a foilsíodh in 2020 an chéad cheann, An Craiceann agus a Luach/Under Her Skin (2023) an dara ceann agus iad ar fad foilsithe ag Arlen House.
Fág freagra ar 'MAGA an madra ag déanamh ar an Teach Bán, spásanna ‘sábháilte’ don Ghaeilge agus Coinín na Cásca '