Chinntigh bua iontach Rory McIlroy sna Masters nach raibh mórán airde ar scéal spóirt de chineál ar bith eile an deireadh seachtaine seo caite. Is beag tagairt a rinneadh don ghreadadh 52-0 a thug Cúige Laighean do churaidh an URC, Glaschú, i gcluiche ceathrú ceannais Chorn na gCuradh. Sin 114 pointe atá aimsithe ag Cúige Laighean in imeacht coicíse in dhá chluiche de chuid Chorn na gCuradh agus gan pointe amháin féin géillte acu. Éacht ann féin gan aon dabht.
Ní raibh an t-ádh céanna ar Chúige Mumhan ná ar Chúige Connacht sna babhtaí ceathrú ceannais, ach an oiread le Cúige Uladh.
Níl fágtha anois acu ach comórtas an URC chun snas a chur ar an séasúr rugbaí seo.
Cuireann imirt i mBabhta 15 den URC i gcoinne foirne ón Afraic Theas brú ar Chúige Chonnacht agus ar Chúige Mumhan ach is beag sin le hais an dúshlán atá roimh Chúige Uladh agus iadsan ag dul chun páirce i gcoinne Chúige Laighean i Staid Aviva.
Cé gur bhuaigh siad faoi chúig roimhe seo san Afraic Theas agus fiú mura bhfuil siad ach dhá phointe taobh thiar de fhreasúra an lae inniu, tá dúshlán mór roimh Chúige Chonnacht agus iad ag imirt i gCape Town i gcoinne na Stormers. Caithfear an buntáiste a bhaineann foirne na hAfraice Theas as imirt sa mbaile a chur san áireamh, rud a chuireann leis na deacrachtaí atá roimh fhoireann na Gaillimhe. Is cinnte go gcuirfidh sé sin leis na deacrachtaí eile ó thaobh bainistíochta atá acu. Scar an Cúige agus an príomhchóitseálaí, Pete Wilkins, óna céile i rith na seachtaine. Éacht a bheas ann má bhíonn an lá leo inniu.
Tá an t-ádh ar Chúige Mumhan gur acu atá buntáiste an bhaile agus iad ag tabhairt faoi fhoireann eile ón Afraic Theas, na Bulls, foireann atá suite sa tríú háit ar an tábla, dhá áit chun cinn ar fhoireann Luimnigh ach níos tábhachtaí fós tá bearna aon phointe dhéag i bhfabhar na gcuairteoirí.
Ní bheidh ach trí chluiche réamhbhabhtaí le himirt i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine seo, rud a chiallaíonn go gcaithfidh Cúige Mumhan chuile leas a bhaint as an imirt sa mbaile. Tá mise ag tabhairt seans dóibh, cé nach mbeidh sé éasca acu. Tá mé ag cur mo mhuinín i stair agus teacht aniar na Mumhan aon uair a mbíonn fíorbhrú orthu mar atá inniu.
Cé go bhfuil an-suim go deo sa gcluiche a bheas á imirt i Staid Aviva idir Cúige Laighean agus Cúige Uladh, ní dóigh gur sa toradh a bheas an tsuim sin ach i gcur chuige fhoireann an bhaile agus sna himreoirí a chuirfeas Leo Cullen chun páirce. Drochsheans go mbeidh mórthionchar ag toradh an chluiche seo ar thábla an URC ach chuile sheans go mbeidh tionchar ag taispeántas cuid d’imreoirí Chúige Laighean ar rogha Leo Cullen do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt faoi cheann coicíse. Is deis a bheidh sa gcluiche sin d’imreoirí imeallacha Laighean a gcás a bhrú chun cinn agus iad ar thóir áit ar phainéal an chúige don chluiche sin i gcoinne Northampton.
Bua eile do Chúige Laighean, dá bhrí sin.
Fág freagra ar 'Stoirm roimh na Connachtaigh san Afraic Theas'