Bhí brionglóid aisteach agam aréir.
Bhí mé i mo shuí i gcúlsuíochán cairr agus bhí an carr sin á thiomáint ar gcúl. Rinne muid camchuairt mo bhaile dúchais, loinnir ar dhath an bhradáin ar na crainn agus ar dhíonta na dtithe agus an ghrian nach mór imithe a luí, agus ag deireadh an aistir thug mé comhartha láimhe don tiománaí gur chóir di cúlú isteach sa tsráid ina bhfuil an teach inar rugadh mé agus ina bhfuil cónaí orm faoi láthair.
Brionglóid sách siombalach do dhuine a bhog ar ais go dtí a bhaile dúchais le deireanas agus a bhfuil duine dá thuismitheoirí i dtréimhse dheireanach a saoil.
Thiocfadh liom iarracht a dhéanamh an bhrionglóid sin a úsáid i bpíosa ficsin, gearrscéal a thosú leis, b’fhéidir, ach ag cuartú trioblóide a bheinn.
Caithfear a bheith cúramach le brionglóidí i bhficsean ar dhá chúis.
Sa chéad dul síos, an rud deireanach atá uait ná na cosa a bhaint ón léitheoir le ráiteas nó tabhairt-le-tuiscint ag an deireadh ar nós ‘… ach ní raibh ann ach brionglóid!’ Ní léifidh an léitheoir sin aon rud eile a scríobhfaidh tú.
Ní mór don léitheoir a bheith ar an eolas nach mór ón tús go bhfuil brionglóid ar siúl, ach caithfear sin a dhéanamh gan eispéireas na léitheoireachta a chur as a riocht, agus sin í an dara deacracht, an deacracht is mó.
Le go mbainfidh tú sin amach, caithfear dhá shaol – an saol fírinneach agus saol na brionglóide – a léiriú ag an am céanna, agus ní haon dóithín é sin (is fusa é sin a bhaint amach le brionglóid lae ná le brionglóid a bheadh ag carachtar ina leaba istoíche; tabharfaidh taibhreamh lae níos mó deiseanna duit ó thaobh an aicsin sa snáithe ‘fírinneach’ den scéal.)
Rogha eile ná ligean do charachtar tagairt, i gcomhrá le carachtar eile nó ina chuid smaointe féin, do bhrionglóid a bhí aige – ach sa chás sin, spléachadh siar a bheidh sa bhrionglóid, agus toisc go dtarraingíonn spléachadh siar aird air féin i gcónaí, beidh an baol ann go mbeidh an tionchar atá tú ag iarraidh a bhaint amach rófhollasach. (‘Is ea, is ea, tuigim,’ a déarfaidh an léitheoir leis féin agus é ag amharc suas chun na bhflaitheas, ‘tá sé seo ceaptha a bheith siombalach‘.)
Ar chaoi ar bith, beidh ort pé brionglóid a úsáidfidh tú i do chuid scríbhneoireachta a chumadh ón tús, nó ficseanú ó bhonn a dhéanamh ar aon bhrionglóid a bhí agat féin nó ag duine eile dáiríre. Caithfear a chinntiú nach seasfaidh mír na brionglóide amach go rómhór ón gcuid eile den saothar ó thaobh stíle, úsáid móitíf agus araile de, agus lena chois sin, bíonn brionglóidí dáiríre míshlachtmhar, mí-eagraithe.
Mar shampla, bhí orm ficseanú a dhéanamh go pointe ar an mbrionglóid sin a luaigh mé ag tús an cholúin seo. Sa bhrionglóid a bhí agam dáiríre, bhí mé in dhá charr éagsúla seachas i gceann amháin. Sa chúlsuíochán a bhí mé sa chéad charr agus bhí an ceann sin á thiomáint ag fear; trucailín a bhí sa dara carr agus i gcúl an trucailín a bhí mé – ba é sin an fáth go raibh orm comhartha láimhe a thabhairt don tiománaí mná a bhí sa chábán.
Fág freagra ar 'Dhéanfadh an bhrionglóid sin scéal iontach … nó an ndéanfadh?'