An bhfuil oiread difríochta dáiríre idir an saighdiúir agus an feirmeoir?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an bealach is fearr chun carachtair fhicseanúla a fhorbairt ná tréithe pearsantachta a thabhairt dóibh atá i gcodarsnacht lena chéile – ar an gcéad radharc

An bhfuil oiread difríochta dáiríre idir an saighdiúir agus an feirmeoir?

‘An bhfuil a fhios agat céard a mheall m’aird?’ a dúirt cara de mo chuid a bhí ar an bhfón, cumadóir ceoil a mbíonn cúrsaí cruthaitheachta á bplé agam leis, agus ar iarr mé air spléachadh a thabhairt ar roinnt athruithe a bhí mé tar éis a dhéanamh ar mo shuíomh idirlín.

‘An nóta beathaisnéise, ina luann tú go mbíonn tú ag dornálaíocht agus go bhfuil ceapach ghlasraí agat. Rith sé liom gurbh fhéidir gur tú an t-aon dornálaí ar domhan a bhfuil ceapach ghlasraí aige.’

Ní bheinn féin chomh cinnte de sin – tá an domhan an-mhór – ach thuig mé céard a bhí i gceist aige. Is éard a mheallann aird dhaoine – agus is éard a mheallann aird léitheoirí – ná carachtair a bhfuil codarsnacht éigin ina bpearsantacht, ní lúb ar lár go díreach ach teannas inmheánach éigin idir tréithe nó mianta éagsúla nach samhlaítear lena chéile go hiondúil, nó arb iad glanmhalairt a chéile iad, fiú amháin. Ar an gcéad radharc.

Le troid agus foréigean a shamhlaítear an dornálaíocht gan dabht, cogadh deasghnách nach bhfuil ach aidhm amháin aige: an céile comhraic a scrios, más go siombalach féin é.

An tsíocháin a chuirfeadh an gharraíodóireacht i gcuimhne duit: cúram a thabhairt do do chúinne féin den domhan i bhfad ó shléacht agus ár; bia a fhás chun greim a chur i do bhéal féin agus i mbéal do chlainne, do ghaolta agus do chairde.

Ach cé go bhfuil codarsnacht mhór idir an chogaíocht agus an talmhaíocht ar an gcéad radharc, tá an aidhm cheannann chéanna acu: an treibh a choinneáil slán. Ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil ceapach ghlasraí agam ná bia a sholáthar dom féin agus dóibh siúd is gaire dom in am an ghátair – is ait an saol ina mairimid faoi láthair – agus ní fheicim féin mórán difríochta idir ualach biatas agus cabáiste a fhás agus an chosaint sa dornálaíocht – do chosa a choinneáil i dtaca agus do lámha a choinneáil suas.

Gan dabht ní mé an chéad duine a chonaic go bhfuil go leor i gcoitieann ag an bhfeirmeoir agus an saighdiúir, gurb iad an dá mhar a chéile iad ar bhealach.

Sa chreideamh Afra-Bhrasaíleach candomblé, a bhfuair mé go leor taithí air nuair a bhí cónaí orm sa Bhrasaíl, is ionann dia na talmhaíochta agus dia an chogaidh: Ogum.

Is é jab an scríbhneora ficsin carachtair a fhorbairt a mheallann an léitheoir, agus an bealach is fearr chun sin a dhéanamh ná tréithe pearsantachta a thabhairt dá chuid carachtar atá i gcodarsnacht lena chéile.

Tharlódh, áfach, agus an choimhlint inmheánach sin á cíoradh agat ar leathanaigh do shaothair, nach codarsnacht atá i gceist ach tréithe atá ag obair as lámha a chéile. Sa chás sin, ní hionann agus atá déanta agamsa anois sa phíosa neamhfhicsin seo, b’fhearr duit é sin a thaispeáint don léitheoir seachas iarracht a dhéanamh é a mhíniú.

Fág freagra ar 'An bhfuil oiread difríochta dáiríre idir an saighdiúir agus an feirmeoir?'

  • Nuala de Paor

    Agus tarlaionn se go minic go mbionn an garraiodoir ag troid i gcoinne na bhfiaili?