An crios meirgeach nó crios na meirge réimse talún i lár agus tuaisceart na Stát Aontaithe atá in ísle brí le ag cúinsí eacnamaíochta agus sóisialta. Síneann an ‘Rust Belt’ idir Ohio, Indiana, Tuaisceart Illinois, iardheisceart Wisconsin, Michigan, agus Pennsylvania. Is anseo a bhí croílár thionscal déantúsaíochta na Stát Aontaithe idir an 19ú haois agus an 20ú haois. Bhí rachmas an réigiúin bunaithe ar iarann agus cruach, déantúsaíocht carranna, mianadóireacht guail agus próiseáil amhábhair. Seo na stáit a d’fhulaing go mór le leathchéad bliain anuas leis an laghdú sa déantúsaíocht agus sa tionsclaíocht a bhaineann leis an réigiún go traidisiúnta.
Tá sad seo freisin i measc na stáit a bhí cinniúnach i dtoghchán uachtaránachta na Samhna seo caite. Labhraíodh go minic ar a thábhachtaí agus a bheadh sé don dara hiarrthóir dá n-éireodh leo an ceann is fearr a fháil ar a gcéile comhraic in áiteanna cosúil le Wisconsin, Michigan agus Pennsylvania. Stát gorm é Illinois agus stát dearg é Indiana. Nuair a bhí deireadh ráite, thacaigh na stáit chinniúnacha ar fad le Donald Trump. Chreid siad go dtiocfaidh sé i gcabhair orthu, go dtabharfaidh sé ar ais na postanna agus na tionscail mhóra. Chreid siad go mbeadh an saol níos fearr.
Géilleann aon duine ar labhair mise leo le seachtain i measc phobal Michigan agus Indiana nó Michiana mar a thugtar air go háitiúil, go bhfuil géarchéim sa tír a bhaineann le daoine nach bhfuil sásta lá oibre a dhéanamh mar go gcuireann Washington DC slí bheatha ar fáil dóibh. “Cén fáth a ndéanfá lá oibre má tá an baol ann go gcaillfidh tú go cuid liúntais leasa shóisialaigh?” a dúirt an tiománaí tacsaí.
“Tá sé i bhfad níos éasca fanacht sa bhaile ag imirt cluichí ar an ríomhaire agus cead a thabhairt don chuid eile againn a bheith ag íoc.” Argóint í sin a chloistear minic go maith i dtíortha a bhfuil córas leasa shóisialaigh iontu (ár dtírín féin san áireamh) ach go gcaithfear a rá nach bhfuil cáil na flúirse ar aon chóras sóisialta i Meiriceá. Mar sin féin tá na daoine atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh lánsásta glacadh le hargóintí Donald Trump agus a chreidiúint go bhfuil sé ag obair ar son a leasa. Cé nach maith leo é tá siad sásta cead a thabhairt do Elon Musk agus DOGE cúrsaí a chur ina gceart má chreideann an tUachtarán Trump gur bhfuil an cumas sin ann.
Níl siad ag caint ar tharaifí anseo – tá siad ag caint ar uibheacha. De bharr roinnt ráigeanna de fhliú na n-éan le cúpla bliain anuas agus an scrios ar chearca agus sicíní mar thoradh air, tá ciondáil ar uibheacha sna siopaí. Ní ceadmhach ach bosca amháin leathdhosaen a cheannacht. Aire dhuit má dhéanann tú iarracht an dara ceann a bhreith leat – beidh custaiméirí eile an tsiopa glórach ar fiafraí cén fáth go ndéanfaí eisceacht díotsa.
Seo ceantar mór talmhaíochta chomh maith le tionsclaíocht agus is deacair a chur ina luí orthu go mbeidh siad ar chuid de na háiteanna is measa a bheidh buailte ag na taraifí – ar an tSín go háirithe. Ceann de na barraí is mó atá acu? Pónairí soighe nó soya – agus cá seoltar iad sin? Go dtí an tSín. Is iomaí slí bheatha a scriosfar má ardaítear praghas na bpónairí sin as cuimse.
Idir an dá linn, tá cruinnithe áitiúla á reáchtáil sna Stáit ar fad le plé a dhéanamh ar ghéarchéimeanna sóisialta. Tá fadhbanna ollmhóra sa gcóras sláinte agus in earnáil an chúraim. Tá cinneadh an Tí Bháin athrú ó bhonn a chur ar an gcóras oideachais agus maoiniú a chur i lámha an Stáit ag cothú imní i measc lucht teagaisc agus tuismitheoirí. Níl praghsanna tosaithe ag ardú rómhór go fóill beag ach i bhfianaise na corraíola ar fad atá cruthaithe ag polasaí Trump, is dóichí ná a mhalairt gur ar an tSín nó ar na Daonlathaigh a chuirfear an milleán faoi aon deacracht bhreise san eacnamaíocht.
Tá bliain go leith idir muid agus na toghcháin lár téarma ach ia deacair, go fóill ar aon nós, a chreidiúint go dtiocfaidh aon mheirg ar thacaíocht na ndaoine a chuir a muinín i dteachtaireacht Trump faoi Shamhain seo caite.
MacAnRí
Fán go bhfeice muid tá sé an-luath go fóill ní áirím an dochar atá Trump ag déanamh do chearta daoine !!
WTF
Cá hionadh san agus glugar ceart sa Teach Bán acu.