Tá deireadh leis an gcur i gcéill agus an chraobh linn faoi dheireadh

Is amárach in Inis a bheidh cluiche mór an deireadh seachtaine idir Corcaigh agus contae an Chláir, ach beidh trí cinn de chluichí i gCraobh Laighean againn roimhe sin

Tá deireadh leis an gcur i gcéill agus an chraobh linn faoi dheireadh

Bhuel tá sé linn, an deireadh seachtaine a dtosnaíonn an t-aicsean go léir. Tá gach aon chluiche agus gach toradh tábhachtach. Agus tá tábhacht faoi leith ag baint leis na cluichí baile. I gcúige Laighean inniu, tá Loch Garman, Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath sa bhaile.

Tá an chéad cluiche den chomórtas i bPáirc Loch Garman agus Aontroim ar cuairt. De réir na ngeallghlacadóirí is beag seans atá acu. N’fheadar faoi sin. Beidh plean rúnda éigin ag Davy Fitz do Loch Garman ach mura n-oibríonn sé, beidh leithscéal éigin aige. Ní haon rún é go gcaithfidh sé an brú atá ar Lee Chin a laghdú. Mura n-éiríonn leo é sin a dhéanamh trí thacaíocht bhreise a thabhairt dó, níl seans acu. Níor cheart dearmad a dhéanamh gurbh iad Aontroim a bhuaigh an cluiche seo thuas i bPáirc Uí Choragáin anuraidh. Mar sin féin, má bhíonn Chin agus na himreoirí tábhachtacha eile atá ag Loch Garman ar an bpáirc ag imirt go maith, ba cheart go mbuafadh na Carmanaigh.

Sa dara cluiche sa chúige, tabharfaidh na fathaigh – Cill Chainnigh agus an Ghaillimh – aghaidh ar a chéile.

An bhfuil sé ceart fathach a thabhairt ar fhoireann seo na Gaillimhe? Bunaithe ar an méid a chonaiceamar sa tsraith, b’fhéidir nach bhfuil. Ó thosnaigh an Ghaillimh ag imirt i gcúige Laighean tuairim is cúig bliana déag ó shin, níl ach trí chraobh buaite acu. Is deacair é sin a chreidiúint. San achar céanna sin, tá deich gcinn buaite ag na Cait agus i mbliana tá siad ar thóir an tséú craobh as a chéile. Bheadh ionadh orm mura mbuann siad um thráthnóna i bPáirc Uí Nualláin.

Sa tríú cluiche beidh Uíbh Fhailí ag teacht go Páirc Pharnell. Níl aon dabht ach go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag leaideanna an ‘Chontae Dhílis ‘ ach n’fheadar an féidir a thuar go mbeidh siad sa chéad trí háit sa cúige nuair a bheidh deireadh déanta. Ní dóigh liom é. Tá foireann láidir ag leaids na hardchathrach agus bainisteoir cumasach, áitiúil, nua acu, Niall Ó Ceallacháin. Buafaidh siad an ceann so. Sin trí bhua sa bhaile, dar leis an scríbhneoir seo.

Is dócha gur féidir a rá go bhfuil cluiche mór an deireadh seachtaine in Inis amárach agus seaimpíní na hÉireann, an Clár, i gcoinne sheaimpíní na sraithe, Corcaigh.

Tá an-sceitimíní anseo cois Laoi faoin fhoireann seo. Tá caint dhearfach fúthu. Tá an-tóir ar fad ar thicéid. Agus ón méid atá feicthe againn i mbliana, tá gach ceart ag Corcaigh a bheith mar rogha do chraobhacha na Mumhan agus na hÉireann. Ach is caint bhéalscaoilte an chuid is mó di. Ní fheictear dom gur chuir aon chontae an fhoireann is láidre atá acu chun páirce go dtí seo i mbliana. Déanfaidh siad sin an deireadh seachtaine seo.

Ní dóigh liom gur phioc Pat Ryan an fhoireann is fearr aige do chluiche ceannais na sraithe. Bhí Brian Lohan faoi mhíbhuntáiste le linn an earraigh agus cuid mhaith gortuithe ag cur as don phainéal. Amárach rachaidh an dá fhoireann is láidre atá ar fáil chun páirce. Cailliúint ollmhór é Shane O’Donnell don Chlár, ar ndóigh.

Níl aon dabht ach go raibh cinntí deacra le déanamh ag Pat Ryan agus a chuid roghnóirí i rith na seachtaine chun an fhoireann a phiocadh ach an fhadhb is mó a bhí acu ná cé a d’fhágfaí amach seachas cé a líonfadh poll. Ní dóigh liom go raibh an fhadhb chéanna ag Lohan. Tá a fhios ag cách anois go mbeidh Corcaigh ar thóir na gcúl i bPáirc Uí Chíosóig, d’aimsíodar sé cinn ansin sa tsraith. Beidh ar aonad cosanta an Chláir a bheith teann, an-teann. An n-úsáidfidh siad cosantóir le cois? Bunaithe ar an bhfianaise atá feicthe againn go dtí seo i mbliana, tá Corcaigh níos fearr.

Sa chluiche eile i gcúige Mumhan, is féidir a rá go bhfuil sé tamall de bhlianta ó bhí ceisteanna ann faoi dhéantús fhoireann Luimnigh. Tá roinnt mhaith blianta ann freisin ó bhí aon ceist faoi ‘form’ na foirne. Níor fhéachadar ró-iontach sa tsraith. Tá ualach mór cluichí agus bonn ag formhór na leaideanna a bheidh ag dul chun páirce amárach ach an bhfuil an dúil fhíochmhar sin fós iontu? Sin an cheist is tábhachtaí. Má tá an dúil sin fós iontu, beidh sé deacair iad a bhualadh, go háirithe leis an taithí atá acu.

An féidir le Tiobraid Árann an bua a fháil? Tá sé deacair a shamhlú gur féidir. Caithfidh go raibh sé deacair ag Liam Cahill a imreoirí a spreagadh agus a ghríosú i ndiaidh dóibh géilleadh i gcluiche ceannais na sraithe. Anois nó riamh ag Cahill. Déarfainn go mbeidh níos mó brú air i ndiaidh an chluiche amárach.

Dé Sathairn, 19 Aibreán

Craobh Iomána Laighean

Loch Garman v Aontroim – Páirc Loch Garman, 14:00
Cill Chainnigh v Gaillimh – Páirc Uí Nualláin, 15:45 (Beo ar RTÉ 2)
Áth Cliath v Uíbh Fhailí – Páirc Pharnell, 18:00

Dé Domhnaigh, 20 Aibreán

Craobh Iomána na Mumhan

An Clár v Corcaigh – Páirc Uí Chíosóig, 14:00 (Beo ar RTÉ 2)
Tiobraid Árann v Luimneach – Staid Semple, 16:00 (Beo ar GAA+)

Fág freagra ar 'Tá deireadh leis an gcur i gcéill agus an chraobh linn faoi dheireadh'