‘Mad Report!’ – fíordhearcadh an Rialtais faoi thuarascáil faoi theilifís na Gaeilge

I Márta 1986 coimisiúnaíodh tuarascáil chun bealaí a scrúdú chun go bhféadfadh RTÉ seirbhís shásúil teilifíse a sholáthar do chainteoirí Gaeilge chun amharc ar na himpleachtaí a bhainfeadh le seirbhís teilifíse lán-Ghaeilge a chur ar fáil

‘Mad Report!’ – fíordhearcadh an Rialtais faoi thuarascáil faoi theilifís na Gaeilge

‘Mad Report!’. B’in é an breithiúnas lom a thug an rialtas ar thuarascáil faoi sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge a foilsíodh sa bhliain 1987.

Is léir fosta ó chomhad de chuid Roinn an Taoisigh ag an am gur cháinteach an bhreith a thug an státseirbhíseach ba shinsearaí sa tír, Dermot Nally, ar an tuarascáil:

“The remoteness from financial reality, displayed in this report, is breathtaking” a mhaígh sé agus bhí na moltaí inti “far removed from present financial realities”.

Tá an comhad ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta, agus í scaoilte faoin ‘Riail 30 bliain’.

Meitheal Oibre ar Chraolachán Teilifíse Trí Ghaeilge a réitigh an tuarascáil i mBealtaine 1987. Ba iad Aire na Gaeltachta, Paddy O’Toole, agus Aire Cumarsáide an ama, Jim Mitchell, a choimisiúnaigh an tuarascáil i Márta 1986 chun bealaí a scrúdú chun go bhféadfadh RTÉ seirbhís shásúil teilifíse a sholáthar do chainteoirí Gaeilge agus chun féachaint conas a bhainfeadh RTÉ an leas is fearr as meán na teilifíse chun an teanga a chur chun cinn.

Anuas air sin iarradh orthu amharc ar na himpleachtaí ó thaobh na teicneolaíochta, an airgeadais agus na gclár de a bhainfeadh le seirbhís teilifíse lán-Ghaeilge a chur ar fáil.

Seachtar a bhí ar an Mheitheal a bhí faoi Chathaoirleacht Eoghan Uí Chadhain ó Roinn na Gaeltachta. Bhí beirt ionadaithe ag RTÉ ar an Mheitheal – Bob Collins agus Brendan McDonald – mar aon le triúr ó Roinn na Gaeltachta, duine amháin ón Roinn Cumarsáide agus Micheál Grae ó Bhord na Gaeilge.

Fán am a foilsíodh an tuarascáil bhí athrú rialtais ann agus Ray Burke ag feidhmiú anois mar Aire Cumarsáide agus cúraimí na Gaeltachta glactha air féin ag Taoiseach an ama, Charles Haughey. Cuireadh Meamram faoin Tuarascáil faoi bhráid na nAirí Rialtais ar an 20 Lúnasa agus pléadh an Tuarascáil ag cruinnithe den Rialtas ar an 15 agus an18 Meán Fómhair.

Dúradh sa Tuarascáil gur cheart go mbeadh ar a laghad dhá uair an chloig de chláracha Gaeilge á gcraoladh san oíche (sa chroíthréimhse idir 7-10pm) le go ndéanfaí freastal ceart ar phobal na Gaeilge. Bheadh gá le struchtúr úr a chruthú in RTÉ chun tabhairt faoi na cláracha seo agus cheapfaí foireann a bheadh dírithe ar riachtanais phobal na Gaeilge. Bheadh costas £10 milliún sa bhliain i gceist le táirgeadh na gcláracha seo agus bheadh £8.5 milliún breise le caitheamh i dtús ama ar stiúideonna agus ar threalamh.

D’aithin an tuarascáil go gciallódh na cláracha breise Gaeilge seo go dtiocfadh ísliú ar an lucht féachana agus go mbeadh caillteanas ioncam fógraíochta i gceist dá réir sin. Ghlacfadh sé ceithre bliana chun go mbeadh stoc cláracha ann don sceideal de dhá uair an chloig san oíche.

Níor mhol an Mheitheal, áfach, go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge. Bheadh trí huaire an chloig de chláracha Gaeilge gach oíche de dhíth dá leithéid de sheirbhís agus chosnódh sé £15 milliún sa bhliain lena rith mar aon le costas caipitil de £8.5 milliún i dtús ama.

Sa bhreis air sin, chosnódh an líonra tarchuir idir £25 milliún agus £30 milliún. “Bhí an Mheitheal Oibre den tuairim nach mbeadh seirbhís mar í tairbheach i láthair na huaire agus gur mhó an seans a bheadh ann lucht féachana seasta sách mór a fháil dá dtógfaí cláir Bhéarla fhiúntacha ina timpeall a chuimseodh spórt, ceol etc., ar nós na seirbhíse dátheangaí de chuid S4C.”

Chinn an Mheitheal fosta nach mbeadh aon tairbhe le seirbhís Ghaeilge phíolótach a thabhairt isteach chun freastal ar cheantar nó réigiún ar leith, is é sin na ceantair Ghaeltachta. Bheadh costas bliantúil de £10 milliún i gceist lena leithéid de sheirbhís phíolótach.

Ach is léir ó na comhaid nuafhoilsithe de chuid Roinn an Taoisigh 30 bliain ó shin gur bheag an fháilte a chuir an státseirbhís roimh Thuarascáil na Meithle. Sa treoir eolais a d’ullmhaigh Rúnaí an Rialtais, Dermot Nally, do na hairí rialtais thug sé breithiúnas neamhbhalbh ar na príomhchonclúidí:

“The remoteness from financial reality, displayed in this report, is breathtaking. When public expenditure cuts are the order of the day, the report contemplates further capital expenditure of £8.5m and further annual costs of £10m.”

Ba mhór an peaca é, dar leis an Uas. Nally, nach raibh aon bhall den Roinn Airgeadas ar an Mheitheal:

“The omission from the group established to produce this report of any representative from Finance has produced the predictable result of proposals which seem far removed from present financial realities.”

Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an Rialtais ar an 15 Meán Fómhair, 1987. Níl le léamh i miontuairiscí an chruinnithe Rialtais sin, agus an ceann eile trí lá dár gcionn, ach gur pléadh an tuarascáil sular leagadh faoi bhráid an Oireachtais í. Cinneadh fosta an tuarascáil a chur faoi bhráid RTÉ lena dtuairim a fháil faoi na moltaí a bhí inti.

Is mór idir an dá ghníomh sin agus an léargas nua atá le fáil ar dhearcadh fírinneach an Rialtais ar an tuarascáil. ‘Mad Report!’ an bhreith tharcaisneach a tugadh ar obair na Meithle.

In ainneoin an tátail dhímheasúil sin, aithnítear anois gur chéim thábhachtach ab ea an tuarascáil seo i dtreo stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge a bhunú i ndeireadh an lae.

Mar sin féin, ba bheag fáilte a chuir na daoine a bhí ag feachtasaíocht ar son teilifís Ghaeilge ag an am roimh an tuarascáil ach an oiread.

Ins an leabhar Súil Eile deir an t-údar Seán Tadhg Ó Gairbhí gur mheas roinnt feachtasóirí gur gheall le treascairt a raibh sa tuarascáil.

Fág freagra ar '‘Mad Report!’ – fíordhearcadh an Rialtais faoi thuarascáil faoi theilifís na Gaeilge'

  • eoghan Ó Brolacháin

    Tá entitlement dochreidte ag lucht na Gaeilge agus tugtar aird orthu go poiblí ach léiríonn sé seo cad é an fíor-dhearcadh a bhíonn ag polaiteoirí ar an ‘hand-out culture’ sé sin GET REAL! Alt spéisiúil dála an scéil

  • Éamonn Mac Thomáis

    Bhí an gáire deiridh ag na Gaeilgeoirí ach b’fhéidir go raibh an ceart ag an Meitheal agus go mbeadh muid níos fearr as le cláracha Gaeilge ar spriocamanta ar RTE seachas Alvin and the Chipmunks agus sean-scannáin westerns

  • Cailleach Bhearra

    Céard go direach é meas an Rialtais ar a dteanga féin ???
    sí Teanga ceart na gGael an teanga bhinn is ársa atá le fail ar fud an tsaoil ?