Nuair a théann tú faoin uisce den chéad uair, airíonn sé ar nós go lasann rud éigin istigh ionat agus cinnte, uaireanta, ligfidh tú béic asat.
Tá rud éigin faoin bhfarraige a mheallann i gcónaí mé.
Is cuma cén cineál lae a bhí agam, chomh luath is a fheicim na maidhmeanna, a gcloisim an rithim sheasta atá acu, agus a mbraithim aer úr na farraige ar m’aghaidh, mothaím athrú giúmair láithreach. Ligeann mo cholainn scíth, éiríonn m’intinn níos éadroime, agus bíonn a fhios agam go bhfuil mé san áit cheart.
Tugaim cuairt ar an bhfarraige go minic. Is ann a théim le mo cheann a shuaimhniú, mo cholainn a bhogadh, agus le teacht ar ais chugam féin ar bhealach simplí, sona. Le bheith macánta, is ansin is mó a mhothaím go bhfuilim beo. Is í an fharraige m’áit shábháilte, m’áit shuaimhneach.
Ag snámh sa bhfarraige, sin scéal eile.
Nílim ag rá go mbíonn sé éasca, uaireanta bíonn sí fuar. An-fhuar. Ach sin cuid den draíocht a bhaineann léi. Nuair a théann tú faoin uisce den chéad uair, airíonn sé ar nós go lasann rud éigin istigh ionat agus cinnte, uaireanta, bíonn béic asat.
Gach rud a bhíonn ag cur as duit, imíonn sé láithreach. Tugann an fharraige ar ais thú go dtí an t-am i láthair, agus dúisíonn sí thú go hiomlán.
Tá leigheas san fharraige gan dabht. Spreagann an fuacht álainn do chúrsaíocht, neartaíonn sé do chóras imdhíonachta, agus scaoileann sé meascán de ionoirfin a fhágann go mbíonn tú ar mhuin na muice. Tá sé cosúil le cnaipe athshocraithe don néarchóras.
Deir snámhóirí rialta a bhuaileann liom go minic go mbíonn níos lú struis orthu, go gcodlaíonn siad níos fearr, agus go n-airíonn siad a n-intinn níos ciúine agus a smaointe níos soiléire. Ní mhothaíonn aon rud chomh maith le fuacht na farraige ar do chraiceannm – fuacht maith atá ann.
Tá rud éigin cumhachtach agus spreagúil faoi thú féin a chaitheamh isteach sa bhfarraige fhuar de do thoil féin. Tagann tú amach uaithi níos láidre, níos soiléire i do intinn agus mothaíonn tú i bhfad níos éadroime. Tá saibhreas freisin ag baint leis an uisce sáile a fhágáil ar do chraiceann tar éis an tsnámha, ná bíodh deifir ar bith ort ag tógáil ceatha.
Níl tú réidh le tú féin a thumadh fós? Níl aon ghá duit, tá buntáistí ag baint le bheith ag siúl san uisce féin freisin. Tugann an t-uisce sáile tacaíocht don imshruthú agus laghdaíonn sé an t-athlasadh sna cosa. Cabhraíonn an gaineamh míchothrom faoi do chosa le cothromaíocht agus comhordú a fheabhsú.
Is fiú go mór freisin é ó thaobh na meabhairshláinte de. Cuireann na céimeanna sin i dtreo na farraige smacht ar an intinn agus tugann siad fuinneamh nua duit.
Thar aon rud eile, is bealach iontach é le moilliú. Níl aon deifir ort, níl aon bhrú, díreach tusa, na maidhmeanna agus an nóiméad féin.
Cuireadh ón bhfarraige
Ní liomsa amháin an scéal seo – d’fhéadfadh sé a bheith mar chuid de do scéal féin freisin. Ní gá duit a bheith i do shnámhaí láidir. Fáiltíonn an fharraige roimh chách, na snámhóirí, na lapadóirí, na daoine nach dtumann san uisce ach a gcosa.
Mar sin, an chéad uair eile a mothaíonn tú faoi bhrú, tuirseach, nó ag iarraidh spás duit féin, téigh chuig an bhfarraige. Siúil, snámh, luigh ar na maidhmeanna agus bain sult as cumhacht an nádúir.
– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com nó glaoch ar 086 8533397
Margarita Neothallaigh
Iontach agus an t-iaidín san fheamainn, píosa deas
é sin
Steve
Tapóidh mé an deis bualadh chuici an chéad uair eile go mbead sna bólaí sin. ‘Uaireanta meallann an fharraige mé.’