Má tá Sinn Féin dáiríre faoi thábhacht na Gaeilge a chur i láthair Aontachtóirí an Tuaiscirt níl beart is fiúntaí a d’fhéadfaidís a dhéanamh ná ócáid mhór chuimhneacháin ar an Easpag William Bedell a eagrú chuile bhliain.
Seo é an Sasanach léannta nár thosaigh ag foghlaim na Gaeilge go raibh sé caoga seacht bliain d’aois ach gurbh é a chuaigh i bhfeighil aistriú an tSean-Tiomna go teanga na nGael.
Bhí meas ag an dá thaobh , idir Ghaeil agus Ghaill, ar an Easpag Bedell. Cúis iontais go raibh nuair a chuimhníonn tú gur sa mbliain 1641 a d’éag sé agus go ndeacha sé thrí thús Éirí Amach 1641.
Scríobhadh leabhar faoi dar teideal A True Relation of the Life and Death of William Bedell. Tá cuntas sa leabhar sin ar a shochraid.
Bhí meas chomh mór ag Máirtín Ó Cadhain ar Bhedell agus ar an gcur síos ar an tsochraid gur aistrigh sé go Gaeilge an cuntas. Foilsíodh é ina leabhrán Tone inné agus inniu.
Seo é an t-aistriúchán. Ní bhacfaidh mé le haon athrú a chur ar an litriú:
“De réir mar a d’fhága sé le uachta cuireadh é le hais a mhná agus a mhic, cé gur cosúil nárbh éasca cead chuige sin a fháil ón easpag Pápach a bhí cunórach ceannasach anois. Bhí sé sin ag cur in aghaidh an ánlacain mar nár chóir, dar leis féin, an reilig a mhorga feasta le coirp eiriceach. Maidir le gan aon tabhairt amach a bheith ann, ní féidir a rá gur géilleadh d’ordú an easpaig a bhí ar lár. Mar chaithfeadh na hÉireannaigh a gcomhairle féin a fháil. Le teann cion air ní staonfaidís gan a chorp a thíolacan chun na cille agus ní d’uireasa cineál eicínt tabhairt amach ach oiread é.
Mar seo a tharla: nuair a tháinig lá a shochraíde tháinig na hÉireannaigh ina mathshlua chun a thí. Bhí na Sioradáin ann go háirid mar bhíodar ar aon tsloinne leis an ministéara arbh in a theach a bhásaigh sé; agus chaithfí ceadú do chuid dhá gcinnirí a dhul faoin gcorp: nuair a bhí an tsochraíd tuairim’s leath bealaigh go Teach an Phobail tháinig Éamon Ó Raghallaigh, an té a chuir i bpríosún é agus a bhain a mhaoin shaolta fré chéile dhe ( i dteach an easpaig dlúth le Teach an Phobail a bhí sé ina chónaí) tháinig sé amach roimh an gcorp agus Maolmhuire Ó Raghallaigh, a mhac, a bhí ina shirriam ar an gCondae an uair sin, agus daoine uaisle eile, agus dream muscaedóirí acu agus droma.
Síleadh chun tosaigh gur le bacadh a chur ar ánlacan an easpaig a tháinig an dream seo ar chuma chogúil mar seo, ach ar theacht cho fada leis an gcónra dóibh facthas nárbh ea chor ar bith. Mar chuir an Raghallach agus a raibh in a theannta aighneas múinte cásmhar ar chlann mhac an easpaig. Labhaireadar go measúil ómósach ar an marbh agus go sólasmhar leis an mbeo: d’ordaíodar an droma a bhualadh mar a dhéantar agus saighdiúir dhá chur, chuireadar na muscaedóiri chun tosaigh ar an gcorp, agus ar an gcóir seo rinne siad an t-easpag a thíolacan chun na cille.
Ar theacht chun na huaí dóibh, dúirt an sirriam le clann mhac an easpaig go bhféadfaidís a rogha urnaí nó a rogha cineál ánlacain a dhéanamh: ní chuirfeadh aon duine aon araoid orthu. Agus nuair a bhí chuile shórt thart d’ordaigh sé do na muscaedóirí urchair a chaitheamh. “Requiescat in pace ultimus anglorum a dhuine dheire de na Sasanaigh,” adúirt an slua Éireannach. Gan aimhreas ar bith ba tabhairt amach barbartha ar shochraíde é ach pé acu sin ní fhéadfadh a sheiceadóir é a stopa. Tharla rud scrúdach i reilig na Cille Móire an 9ú lá sin d’Fheabhra 1642.
Thug spreaga na huaire d’Éamonn Ó Faireallaigh, sagart Caitliceach Rómhánach, cuimhniú ar chineáltas an Easpaig Bedell leis, agus ar a liacht uair a raibh comhrá feasach faoi chreideamh acu le chéile. Cloiseadh é ag guí go dúthrachtach “O sit anima mea cum Bedello” (go raibh m’anamsa i dteannta anam Bhedell!)
Cuimhnigh ar an ócáid bhreá mhuintearais a d’fhéadfadh a bheith ar uaigh Bhedell i Reilig na Cille Móire sa lá atá inniu ann?
Ba mhaith go mbeadh Michelle O’Neill agus Arlene Foster i láthair, corr-iomann Gaeilge a bheith á chanadh agus sagairt agus ministéirí a bheith ag guí go dúthrachtach le chéile.
An bhfuil sé de dháiríreacht i Sinn Féin a leithéid de chuimhneachán a eagrú nó an bhféadfadh sé go go bhfuil an ceart ag an dream a deir nach bhfuil acu sa nGaeilge le fírinne ach uirlis le buille a bhualadh ar na hAontachtóirí?
Carraig
Tá do mhéar ar an truigear arís agat a Sheosaimh!
Mánus
Is Bíobla Bedell a bhíodh á scaipeadh ag Airm na Breataine i measc cainteoirí Gáidhlige go dtí na 1970daí. Sin a dúirt na Preisbitéirigh in Ùidhist liom.