Má fhágann Bastard Beag an Bhéarla spíonta tú, ceannaigh an sárleabhar ‘Croí Cine’

Sa leabhar ‘Croí Cine’ bíonn Seán de Fréine ag caint leat go réidh, do threorú go ciúin i dtreo sheoda do chine, ag lasadh na samhlaíochta sin agat

Má fhágann Bastard Beag an Bhéarla spíonta tú, ceannaigh an sárleabhar ‘Croí Cine’

‘Só, tá Gaeilge agat?’

‘Aidh, tá, measarthacht.’

‘Mínigh an Táin dom.’

‘Bhuel, Sean-Ghaeilge atá ansin. Níl mise millteanach eolach air sin.’

‘Cad é faoin fhear seo Geoffrey Keating? Bhí seisean iontach spéisiúil?’

‘Bhuel, duine spéisiúil gan amhras ach bhain sé le ré eile. Ní bheinn in ann mórán a rá faoi.’

‘Ach tá Gaeilge agat?’

‘Aidh, tá.’

‘Abair amhrán.’

‘Níl ceol ar bith agam.’

‘I ndáiríre! Shíl mé go raibh amhrán ag gach aon duine a labhair Gaeilge.’

‘Níl agamsa.’

‘Bhfuil mórán seanfhocal agat?

‘Chan mórán. Cúpla ceann. Ná bac le mac…’

‘Ó, tá an ceann sin ag gach aon duine.’

‘Logainmneacha? Cad é a chiallaíonn Ballydunfastmorebeg?’

‘Bhuel, arís, sainábhar atá i gceist ansin. Ní bheadh eolas agam ar gach aon logainm. Bheadh orm taighde a dhéanamh.’

‘Ach tá Gaeilge agat?’

‘Shíl mé go raibh.’

‘An bhfuil damhsa agat?’

‘Bhfuil a fhios agat seo – facaf!’

Níl a fhios agam cá mhéad uair a tháinig mé ar Bhastard Beag an Bhéarla agus é ag súil go mbeadh fios gach feasa agam ar gach aon uile ghné den Ghaeilge, ag dul siar go dtí a fréamhacha Ind-Eorpacha. Gach aon uile ghné. Scéalta ón tSean-Ghaeilge agus ón Ghaeilge Chlasaiceach agus stair na teanga agus canúintí agus filíocht agus amhráin agus agus agus…

Is minic a d’fhág Bastard Beag an Bhéarla spíonta mé. Is minic gur fhág Bastard Beag an Bhéarla an bómán seo ar an bhóthar ina dhiaidh. Ualach na teanga. Is trua liom agus is míle trua liom nach bhfuil ordóg Fhinn agam ach sin agat é.

Ach fan, seo chugam an leabhar a thabharfas dúshlán m’aineolais agus m’éagumais – Croí Cine (Cló Iar-Chonnacht, €25) le Seán de Fréine, ‘cnuasach de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge – scothshamplaí de smaointe den fhilíocht, de nathanna, agus de rudaí fiúntacha – a cumadh ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad’.

Bí ag caint ar thógáil croí (cine).

Tá an leabhar leagtha amach go simplí; tá 32 caibidil ann (agus 32 contae in Éirinn, más buan mo chuimhne) ina bhfuil sleachta, línte agus dánta as litríocht na nGael. Tá réamhrá an-ghairid scríofa ag De Fréine le gach aon chaibidil agus ní bréag a rá go bhfuil ábhar anseo ó thús aimsire go dtí an lá inniu féin.

Ní chuirfeadh léamh an leabhair stró ar dhuine ar bith nó is sa Nua-Ghaeilge atá na hiontrálacha ar fad, rud a ghealann croí an chainteora seo. Ná hiarr orm dul ag iomrascáil le téacsanna Sean-Ghaeilge.

Leabhar atá ann gan amhras ach is mó gur cosúil le cuairt ar dhánlann é a léamh. An raibh tú riamh sa Dánlann Náisiúnta? Siúlann tú leat ó sheomra go seomra, amharcann ar phictiúr amháin, an dara ceann, thiar san am atá caite atá tú le Caravaggio nó le Yeats nó sin tú ag déanamh iontais de shaothar comhaimseartha. Seasann tú, faoi thost, i measc na ndathanna; éisteann le bróga daoine ar urlár adhmaid, snámhann i radharcanna mara agus siúlann tú i radharcanna tíre agus cuireann tú ceist ort féin cad é a d’éirigh do na daoine ar fad a mhair idir na frámaí?

Seo agat Croí Cine. Tá Cú Chulainn againn, Seathrún Céitinn, seanfhocail, línte filíochta, filí, sleachta próis, cúrsaí Gaeltachta agus staire, imeachtaí móra polaitíocha agus imeachtaí beaga daonna agus an uile cheann acu ag dathú na haigne, ag siosarnach leat ó aoiseanna eile, ag cur i gcuimhne duit go raibh an teanga seo, lá den tsaol, ag uasal agus ag íseal, go raibh oidhreacht againn, chan é, go bhfuil oidhreacht againn a ligeann muid i ndearmad rómhinic de bharr chúraimí cruálacha an tsaoil chomhaimseartha. Mo mhallacht ar an mhorgáiste.

Aistear treoraithe tríd an dánlann atá ann mar Croí Cine; Seán de Fréine ag caint leat go réidh, do threorú go ciúin i dtreo sheoda do chine, ag lasadh na samhlaíochta sin agat. Rinne tú dearmad ar an fhile sin, ar an tseanfhocal úd? Seo lig dom tú a chur in aithne. Cion fir, gníomh gaisce agus saothar scolaire atá déanta aige.

Cuir an leabhar ar an tábla in aice leat agus léigh leat. Bíodh sé ina leabhar urnaí agat; léigh paidir bheag as gach aon lá nó tabharfaidh sé misneach duit agus beidh misneach de dhíth ort nó ní fada ó lucht na Gaeilge an chéad tubaiste eile.

Tá i bhfad barraíocht ann le go mbeinn in ann a cheart a thabhairt don tsaothar. Maith dom é as aird a tharraingt ar aon sliocht amháin, píosa beag le Tomás Ó Caiside (c 1700-c1749),  saighdiúir Éireannach ar seachrán ar mhór-roinn na hEorpa in aimsir chogaidh: ‘Ghluaiseamar linn trí ghleannta uaigneacha fásacha, trí choillte aduafara, ag éisteacht le cruascréachach na dtorc fiáin, le huaill tafainn na gcúnna allta, agus le haoirí na gcaorach ag séideadh a mbuabhall agus a mbonnán…’

Agus seo muid, sa bhliain 2020, i gcuideachta Uí Chaiside uair amháin eile, ar aistear gan choinne sa dánlann agus is maith sin.

Fág freagra ar 'Má fhágann Bastard Beag an Bhéarla spíonta tú, ceannaigh an sárleabhar ‘Croí Cine’'

  • Seán Ó hAodha

    Is íontach go deo an leabhar é “Croí Cine”. Eochair atá ann a osclaíonn an tuafás doirse don léitheoir. Tá eolas, tuiscint agus ábhar macnaimh sna sleachta ilghnéitheacha nach bhfuil ar fáil comh héasca céanna in aon áit eile. Bím fós ag léamh píosaí as go rialta ó cheannaíos é i 1990.
    .