Má bhí mo chailín beag cúig bliana trína chéile faoi na snáthaidí MMR, ba sheacht measa a cás nuair nach raibh focal Gaeilge sa gclinic Gaeltachta…

Ní theastaíonn straitéis le fios a bheith agat gur cheart altraí a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil le freastal ar chainteoirí beaga dúchais agus ar a dtuismitheoirí atá ag snámh in aghaidh easa mar atá

Má bhí mo chailín beag cúig bliana trína chéile faoi na snáthaidí MMR, ba sheacht measa a cás nuair nach raibh focal Gaeilge sa gclinic Gaeltachta…

Bhí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os comhair Comhchoiste Rialtais Dé Máirt seo caite agus iad ag ligean aineolais orthu féin faoi na seirbhísí atá ag teastáil sa nGaeltacht agus ag gealladh go ndéanfaidís cat agus dhá eireaball le straitéis nua.

Déardaoin seo caite, thug mé m’iníon cúig bliana, nach bhfuil aon Bhéarla fós aici, soir chuig Ionad Sláinte na Tulaí i gConamara le snáthaidí MMR a fháil.  Clár náisiúnta sláinte é seo inar cuireadh fógra amach tríd na scoileanna do pháiste a thabhairt i láthair, má thoiligh tú, go bhfaigheadh siad na snáthaidí deiridh seo.   Mar a thuigim bhí tuismitheoirí agus naíonáin as scoileanna ó Leitir Mealláin aniar, scoileanna a bhfuil glactha leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta, ag freastal ar chlinic na Tulaí an tseachtain seo lena gcuid gasúr.   Ar nós naíonáin nach í bhí dóthain imní ar mo bhean bheag faoi na snáthaidí céanna.  Bhí sí trína chéile agus ceann de na ceisteanna a chuireann sí nuair a bhíonn sí ag dul in áit strainséartha  ná ‘an mbeidh Gaeilge acu?’.  Ghlac mise leis go mbeadh agus chuir mé ar a compord í.  Bhí mé ag dul amú.

Ceathrar altraí a bhí romhainn, duine ag láimhseáil na bhfoirmeacha agus triúr á sáinniú leis na snáthaidí a thabhairt di –  gan focal Gaeilge ag ceachtar acu. Beannaíodh dúinn i mBéarla sa gclinic Gaeltachta seo,  thug mé uaim an páipéarachas.  Glacadh le m’fhoirm ach iarradh an fhoirm thoilithe arís orm – thug mé le fios go raibh sí ann. 

Dúradh liom nach raibh, dúirt mé go raibh ach gur i nGaeilge a bhí sí .‘Oh, sorry, you filled the Irish form, we usually get the English one too’, arsa duine acu.   Bhreathnaigh sí ar ainm mo pháiste agus cuireadh an tseancheist chéanna, go neamhurchóideach, ‘oh what’s that in English?’.  

Tugadh isteach muid, cuireadh mise i mo shuí agus m’iníon i mo ghabháil, bhí triúr ag teacht chugainn ó chuile thaobh – ‘what’s this lovely girl’s name’, ‘isn’t that a lovely teddy’, ‘don’t worry, it won’t hurt’. Bhí an páiste ag caoineadh in ard a cinn agus mar sin a lean sé go raibh an beart déanta. Fuair sí a cuid milseán agus greamán ‘I’ve been immunised’. Má bhí sise ‘immunised’, bhí Mama ‘traumatised’! Cuireadh comhairle orm faoin gcúram a cheart a thabhairt di dá rachadh na snáthaidí ina haghaidh agus amach linn sa seomra feithimh.

Anois ar fhaitíos na míthuisceana, níl locht ná milleán ar bith agamsa ar na haltraí a bhí i láthair an lá sin agus ní lena gcáineadh a scríobhadh seo. Rinne siad an jab a bhí le déanamh acu, rinne siad go maith agus go lách é.   Ach tá an milleán ag dul don FSS agus don Stát  – is orthusan atá an fhreagracht a chinntiú altraí a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil hun an clár náisiúnta seo a sholáthar sa nGaeltacht agus freastal ar dhaltaí scoileanna Gaeltachta.  Ní móide go dteastaíonn anailís ná straitéis le fios a bheith agat, tar éis an tsaoil, gur cheart altraí a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil le freastal ar scoileanna Gaeltachta, ar chainteoirí beaga dúchais, agus ar a dtuismitheoirí atá ag snámh in aghaidh easa mar atá.

Fág freagra ar 'Má bhí mo chailín beag cúig bliana trína chéile faoi na snáthaidí MMR, ba sheacht measa a cás nuair nach raibh focal Gaeilge sa gclinic Gaeltachta…'

  • Seán Mac Gearailt

    Léiríonn mar seo cé chomh dáiríre is atá na polaiteoirí, cuma cén páirtí lena mbaineann siad, faoin nGaeilge.

  • Eoghan Ó Néill

    Altraí maithe ag déanamh a jab go héifeachtúil, féar plé dóibh. Ach is léir gur eachtranaigh iad na Gaeil ina dtír fhéin agus fiú ina ndúthaigh fhéin. Tá an straitéis English-only ag feidhmiú go maith in Éireann agus an Anglo-elite ar na caiplí arda. Ceol binn i gcluasa an Trompadóra thall dá gcloisfeadh sé faoi agus an stratéis frith-Latino ar siúl aige. Ach i gcroíthe scar áirithe de phobal na tíre (20% ?) tá rian de aibhleoga dearga ár dteanga fhéin agus is ansin a bhfuil an dóchas go dtógfadh siad a bpáistí le gaelig rud a bhainfeadh áit dár bpobal in ár dtír fhéin arís.

  • Caitlín Seoighe

    Bhí mise mé féin ag an Ionad Sláinte ar an Tulach Déardaoin seo caite le mo chuid cailíní beaga. Nach aisteach an rud é, ach go dtí go bhfaca mé píosa a scríobh Sinéad Ní Ráinne sna meáin shóisialta faoin easpa seirbhísí Gaeilge a bhí ag na haltraí ar an lá, nach ndearna mé iontas ar bith den scéal! Bhí sé amhail is nach raibh mé ag súil fiú go mbeadh Gaeilge acu, nó fiú dá mbeadh gur Gaeilge ghallda bhriste a bheadh inti nach dtuigfeadh mo ghasúir ar aon nós! Ní dhearna mé aon chlamhsán leis na haltraí, lean mé orm ag labhairt i nGaeilge leis na gasúir ag iarraidh iad a chur ar a suaimhneas agus ag labhairt i mBéarla (briste!!) leis na haltraí!! An bhfuil an cath caillte againn? An bhfeileann sé dár dTeachtaí Dála agus dár n-ionadaithe poiblí go bhfuilimid drogallach agus cúthaileach faoi ghearán a dhéanamh agus ár gcearta a éileamh go poiblí!! Táimse chomh tuirseach den scéal ar fad anois is go bhfuilim den tuairim nach bhfuil sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, sa bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht agus sna Pleananna Teanga go léir ach cur i gcéill agus bob atá á imirt ag an Rialtas seo orainn ag ligean orthu féin go bhfuil siad báúil dár dteanga? Nó b’fhéidir gur seifteanna iad chun deireadh a chur lenár dteanga go deo na ndeor – beidh siad in ann a rá tar éis deich nó scór bliain eile nach bhfuil ag éirí leis na straitéisí agus na pleananna mar nach mbeidh níos mó daoine ag labhairt na teanga agus ag éileamh na seirbhísí agus fágfar ar an trá fholamh ceart muid an uair sin! Is duairc an tuairim é seo ó bhean nár labhair aon fhocal Béarla lena clann ariamh ach bíonn an fhírinne searbh uaireanta…

  • Pilib Ó Duinn

    Caithfidh tú smaoineamh ar cad atá taobh thiar de rud mar seo. Tá an FSS iontach cliste agus, i ndáiríre, ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge. Tá sé ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh ar an teanga Gaeilge agus pian/cealg in intinní ghasúir óga Gaeltachta. Tá nasc aimsithe anois ag do ghrá beag maidir le pian agus an Béarla. Is ortsa an dualgas é seo a threisiú. Níl mar a shíltear, a bítear.?

  • Pól Ó Braoin

    Céard a deir an méid sin leis an bpáiste beag? … agus lenár ndaoine óga uilig?

  • Diarmuid de Faoite

    Dá mbeadh siad ag tabhairt faoina gcúram mar is ceart, dhéanfadh siad iarracht beagáinín beag Gaeilge a úsáid leis na tuismitheoirí sin agus a bpáistí agus ghabhaidís a leithscéal gan a bheith in ann níos mó ná sin a dhéanamh, rud b’fhéidir a chabhródh chun tuismitheoir agus páiste a chur ar a suaimhneas de bheagán: príomh chúram altra ar bith. Tugann sé aitheantas agus stádas don othar = muinín…agus teastaíonn muinín uainn is muid a tabhairt faoin snáth! Dá mbéadh béasa ar bith acu, is cinnte nach mbéadh siad ag fiosrú de dhuine ‘whats that in English’. Meas tú céard a cheapfadh ‘nurse joan’ dá dtabharfainn siobhán uirthi? An dtuigfeadh sí an pointe fiú? Muna dtuigfeadh, sin easpa tuisceana = easpa gairmiúlacht. Chaith mé seal ag obair leis an NHS i Londain. Othair as chuile áit ar domhan. Níor iarr mé riamh ar duine ar bith acu ‘whats that in English’.

  • Sibéal

    Ní iarann na haltraí Éireannacha ar eachtrannaigh a sloinnte a aistriú go Béarla agus ar an bhonn sin amháin tá cás chiníochais i gceist maidir le Gaeil na 26 condae. Ní iarann altraí as tíortha eile ar éinne a sloinnte a aistriú go Béarla!
    Is ón mbarr a thagann an tuiscint ar fud an Státchórais nach bhfuil sna sloinnte Gaelacha ach sloinnte na gcancarán.

  • Padraig Ó Gallachoir

    Beannacht De ó na Flaithis anuas ar do shionantas is dó dhochas a thaiscigh, níl siad abalta altraí lé Bearla a earcú mar is ceart , ca hait sa diabhal a dtiocfadh siad ar na cinn le Gaeilge.

  • Pádraic

    Is mór an náire nach féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte altraí a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil do chlinic atá i gceartlár na Gaeltachta. Le fírinne, déarfainn gur cuma leo agus nár chuimhnigh said ar a leithéid gan bacadh le hiarracht a dhéanamh altraí le Gaeilge a aimsiú fiú. Agus ar bharr gach donais bhí siad istigh ag coiste rialtais an tseachtain seo caite ag cur ina luí orainn cé chomh báúil is atá siad don Ghaeilge. Ní ghlacaim leis go raibh na haltraí sin a bhí ann ar an lá go hiomlán saor ó locht – léirigh siad drochmheas ort nuair nár ghlac siad leis an bhfoirm Ghaeilge agus nuair a cuireadh ceist ort ‘what’s that in English’. Tá súil agam go bhfuil gearán déanta agat leis an gCoimisinéir Teanga. Agus fair play duit as labhairt amach – seans go dtiocfaidh athrú éigin ar chúrsaí dá bharr.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Bíodh sé seo ina cheacht do chách — ná bíodh béal balbh ort.

    Nach dlitear dínn a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh ar son na clainne?

  • Úna Uí Dhuinn

    Is trua an rud é nár úsáid na haltaí aon ghaeilge. Caithfidh go raibh focail nó dhó acu! Is altra mé agus tá sé deacair instealladh a thabhairt d’aon páiste is cuma ceann teanga a labhrann said. Chomh fada agus is féidir an duine fásta míniú don páiste cad tá chun tárlúint. Sin an tabhachtacht. Tá Gaeilge agamsa ach is fíor annamh gur féidir liom é a úsáid. Ní raibh mé in ann labhairt le páistí ón Ind, an Pholainn nó an tSín ach bhí mé ábalta labhairt le tuistî agus bhí said in ann míníu dos na páistí. T’fhios agam gur an fhadhb nach bhfuil Gaeilge ag na haltraí ach tá sé deacair altraí ó aon áit a fháil in Eirinn agus tá seans mór nach béarla an chéad teanga a bhfuil acu gan trácht ar Ghaeilge!