Luimneach chun an ceann is fearr a fháil ar Chontae an Chláir

Tá deireadh seachtaine fíor-shuimiúil romhainn agus cúpla ceisteanna práinneacha le réiteach

Imreoir Luimnigh, Cian Lynch. INPHO/James Crombie
Imreoir Luimnigh, Cian Lynch. INPHO/James Crombie

Anois tá an lasair sa bharrach agus trí chluiche tábhachta  i Roinn 1 den Sraith Allianz an ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Nuair a bhíonn lucht riaracháin i mbun sceideal na gcluichí a dhéanamh amach tsraith bíonn siad ag iarraidh go mbeadh go mbeadh fiúntas ag baint le gach cluiche go h-áirithe na cinn sin ag deireadh an chomórtais.

D’fhéadfá a rá gur éirigh leo an méid sin a bhaint amach i mbliana I Roinn B ba chinneadh maith é an cluiche idir na foirne is láidre ag an deireadh. Cheapas go raibh sé amaideach go raibh an cluiche idir na foirne seo ag tosach na sraithe le cúpla bliain anuas.

Mar sin, beidh Páirc Uí Chíosóig, Inis, agus an t-ardán nua ann, lán go barra agus an fhoireann baile á fhéachaint lena gcomharsa ó Luimneach.

Difear eile atá ann i mbliana ná go dtéann an fhoireann a chríochnaíonn ar bharr an tábla díreach suas go dtí Roinn 1A . Bhí cluiche cáilithe i gceist le cúpla bliain anuas, rud a thug an dara seans don fhoireann a chríochnaigh sa dara háit.

I mbliana is é an buaiteoir a fhaigheann an chreach.

In 2012, an bhliain dheireanach go raibh an Clár i Roinn B bhíodar i bhfad rómhaith do gach fhoireann eile agus foireann an-óg acu ag bláthú.

An bhliain dar gcionn thug an fhoireann óg sin leo Corn Mhic Cárthaigh, ach, ó shin i leith, is beag dul chun cinn atá déanta acu

Anuas air sin, tá cuid maith gortaithe ag cur isteach orthu . Ní bheidh imreoir na bliana 2013 Tony Kelly ag imirt amárach, mar shampla. Is cailliúint mór dóibh é sin ach ar an taobh eile den scéal tá Podge Collins ag teacht ar ais ó ghortú agus tamall fada  caite aige ar an taobhlíne.

Ní dócha go mbeidh imreoirí na bPiarsach ar fáil do Luimneach don chluiche seo, ach, taobh amuigh de sin, tá beagnach gach duine eile ar fáil agus ullamh chun troda.

Tá sé deacair buaiteoir a roghnú.

Tá an Clár ag an mbaile agus is dócha gur buntáiste é sin. Ní bheidh mórán eatarthu ach is dóigh liomsa go dtabharfaidh Luimneach an lá leo. 

I Roinn 1A beidh Corcaigh ag imirt sa chluiche dícháilithe ach níl a fhios againn fós cé a bheidh á fhéachaint leo sa chluiche sin. Braitheann sé sin ar thorthaí eile na deireadh seachtaine seo.

Bhí cluichí iontacha againn sa bhabhta deireanach agus faoi mar a chonaiceamar sna cluichí sin níl mórán in aon chor idir na foirne go léir.

Beidh duais mhaith mar luach saothair ag na buaiteoirí i ndhá cheann de na cluichí seo amárach . Beidh Tiobraid Árann agus an Ghaillimh ag déanamh a seacht ndícheall fanacht amach as an zón dícháilithe ach beidh ceann de na foirne sin ag imirt in aghaidh Chorcaí sa chluiche dícháilithe.

Ba bhreá le na Tiobradaigh Corcaigh a sheachaint mar beidh siad ag tabhairt aghaidh orthu arís sa chraobh sara fada.

Mar sin, deireadh seachtaine fíorshuimiúil atá romhainn agus cúpla ceist práinneach le réiteach.

Fág freagra ar 'Luimneach chun an ceann is fearr a fháil ar Chontae an Chláir'

  • padraig

    Sea, deireadh seachtaine iontach lomalan le cluichi iomana a choimeadfaidh ar cipini sinn uile, ta suil agam. Ach gearan amhain agam, canathaobh go bhfuil gach ceann des na cluichi ag tosnu ar a 2 pm? Is docha go bhfuil a miniu fein ag piardai CLG leis sin ach cuimhnigh ar an lucht eisteachta/ feachana o am go cheile leis le bhur dtoil. Beidh imreoiri na bPiarsach de dhith ar Luimneach, rud a thugann buntaiste do na Clairinigh is docha agus beidh Donall Og (nach bhfuil chomh hog a thuilleadh!) ag iarraidh e fein a chruthu agus a chuid pingini a shaothru ….gan tracht ar an nGearaltach breabhsach pocleimneach so-thogtha….. Hup!

  • Pól Réamonn

    Ní tharlaíonn sin i láthair na huaire.