Tá níos mó eolais nua á nochtadh ag an tsraith gach deireadh seachtaine ó cuireadh tús léi ag deireadh mhí Eanáir
Thosaigh Roinn 1A den tSraith Náisiúnta ar an ngnáthbhealach, déarfá, leis na torthaí a mbeifí ag súil leo den chuid is mó. D’imir Tiobraid Árann agus Gaillimh cluiche bríomhar i dTiobraid Árann. Léirigh Gaillimh go bhfuil feabhas orthu ach ghéill siad sa deireadh agus chaill siad le ceithre phointe. Mar sin, bhí an bua, mar a bhí súil leis, ag curaidh na hÉireann ina gcéad chluiche san fheachtas.
I gCill Chainnigh, d’éirigh leis an bhfoireann bhaile Uíbh Fhailí a shárú, cé nach gan dua é. Ba ó Chorcaigh, áfach, a tháinig an léiriú cumais ba láidre sa chéad bhabhta nuair a thug siad léasadh do Phort Láirge.
An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin, léirigh Gaillimh arís go raibh dul chun cinn á dhéanamh acu. Tháinig Corcaigh ar cuairt agus ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag an deireadh. Thaispeáin Gaillimh go soiléir go raibh feabhas ag teacht orthu, ach ag an am céanna bhí dhá phointe eile carnaithe ag Corcaigh. Idir an dá linn, rinne Tiobraid Árann scrios ar Uíbh Fhailí. Ansin tháinig an chéad bua gan choinne i mbliana nuair a bhuaigh Port Láirge ar Luimneach sa chéad chluiche sraithe a d’imir leaids Luimnigh.
Sa tríú babhta, bhí ‘athimirt’ i bPáirc Uí Chaoimh ar chluiche ceannais na hÉireann anuraidh. An uair seo, áfach, d’athraigh Corcaigh an scéal agus iad sásta ag dul abhaile agus é léirithe arís acu nach raibh aon rún acu aon trócaire a thaispeáint d’aon fhoireann. Bhuaigh Port Láirge ar Uíbh Fhailí. Idir an dá linn, chruthaigh Luimneach go raibh siad ag teacht chucu féin nuair a bhuaigh siad ar Chill Chainnigh i gcluiche crua sa bhaile.
An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin chuir Luimneach lena gcáil nuair a thug siad léasadh ceart do Thiobraid Árann i nDurlas Éile. Idir an dá linn, bhuaigh Cill Chainnigh ar Phort Láirge más ar éigean é, agus Gaillimh bua maith ag Gaillimh ar Uíbh Fhailí.
Sa bhabhta ina dhiaidh sin, bhí bua cuimsitheach ag Gaillimh ar Phort Láirge. Bhuaigh Luimneach ar Uíbh Fhailí chomh maith, cé gur sheas Uíbh Fhailí an fód go maith ar feadh leath den chluiche. D’imir Corcaigh agus Cill Chainnigh cluiche den scoth, ach sa deireadh d’éirigh le Corcaigh na pointí a thabhairt leo.
An deireadh seachtaine seo caite, bhí toradh mór eile againn nuair a scrios Gaillimh Cill Chainnigh, agus tá an focal ‘scrios’ roghnaithe go cúramach agam. Scóráil Gaillimh 35 pointe i gcluiche ina raibh Cill Chainnigh thar a bheith lag. Tá stair fhada idir an dá fhoireann seo, agus is eol do chách an phian agus an brú a chuir Cill Chainnigh ar Ghaillimh leis na blianta. Dá bhrí sin, bíonn bua ar Chill Chainnigh i gcónaí milis do mhuintir na Gaillimhe. An lá sin, áfach, rinne Gaillimh bulaíocht cheart orthu. Bhí a bhforlámhas chomh mór sin gur léiriú cruinn na huimhreacha ar an méid a tharla. Pointe amháin eile agus bheadh siad tagtha cothrom leis an gcuriarracht is airde pointí i stair na sraithe.
Sa chluiche eile, tháinig Corcaigh ar cuairt go Luimneach. Le trí chúl sa dara leath, léirigh Luimneach go soiléir an mianach atá iontu. Bhí luas agus déine an chluiche mar a bheadh cluiche craoibhe sa chéad leath, agus go luath sa dara leath bhí sé soiléir go raibh Luimneach ag dul i bhfeabhas. Léirigh na himreoirí óga, go háirithe Shane O’Brien agus Aidan O’Connor, go bhfuil rudaí móra i ndán dóibh.
Mar sin, tar éis babhta a sé, tá an tuairim ag neartú gurb iad Luimneach, atá ar bharr an dréimire, a bhuafaidh gach ball airgid arís i mbliana. Bhí lagan beag ar Chorcaigh an deireadh seachtaine seo caite ach ní hí an fhoireann is láidre acu a cuireadh amach i gcoinne Luimnigh agus tá siad fós go mór sa gcomhaireamh. Tá Gaillimh ag dul i bhfeabhas go tapa agus beidh siadsan san iomaíocht freisin.
Ní féidir Tiobraid Árann a fhágáil ar lár ach an oiread. Is iadsan curaidh na hÉireann, tá formhór na n-imreoirí ón mbliain seo caite fós acu, agus is cinnte go mbeidh siad san iomaíocht.
Ó thaobh Chill Chainnigh, is deacra a rá. Ag an bpointe seo, tá an giúiré amuigh. Tá sé fíor gur bhuaigh siad na sé chraobh Laighean dheireanacha ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt acu i mbliana.
As roinn 1B ní féidir an Clár, Baile Átha Cliath nó, b’fhéidir, Loch Garman a fhágaint as an áireamh.
N’fheadar conas a sheasfaidh an tuairimíocht sin ag deireadh mhí Iúil?
An deireadh seachtaine seo níl ach cluiche amháin ar siúl agus is é sin an cluiche a cuireadh ar ceal an deireadh seachtaine seo caite idir Port Láirge agus Tiobraid Árann. Beidh an cluiche á thaispeáint ar aip TG4, agus iarbheo ar Gaa Beo.
Cluiche eile ar fiú trácht air Lá Fhéile Pádraig –a beidh na buaiteoirí rialta, Coláiste Naomh Ciarán, Cill Chainnigh, ag tabhairt aghaidh ar fhoireann a bhíonn go minic sa dara háit, Coláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí. Tá gach cosúlacht air gur cluiche den scoth a bheidh ann.
Fág freagra ar 'Luimneach ag barr an dréimire, Gaillimh ag feabhsú ach na Cait i sáinn'