Lucht Scoil Cheoil an Earraigh ag síneadh uathu go fial ag féasta ceoil Chorca Dhuibhne

Bhí féasta ceoil roimh aon duine a d’fhreastail ar Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne i mbliana

Lucht Scoil Cheoil an Earraigh ag síneadh uathu go fial ag féasta ceoil Chorca Dhuibhne

“Deis síneadh uainn a síneadh chugainn,” a thug Breanndán Ó Beaglaoich ar Scoil Cheoil an Earraigh atá á stiúradh ag Niamh Ní Bhaoill agus aige féin le cúig bliana déag anuas.

Níl bua an cheoil agam féin, nó má tá, níor tháinig forbairt air. Tá ag mo nuachar áfach agus ag ár gclann. Agus déanann sí a dícheall an bua sin a fhorbairt. Cuid den fhorbairt sin ná turais bhliantúla ar Scoil Cheoil an Earraigh in Iarthar Dhuibhneach. Thapaigh mé an deis i mbliana dul leo, agus bhí sé d’ádh orainn tigh lóistín a bheith againn ar an mBuailtín, i gcroílár na n-imeachtaí iomadúla.

Imeachtaí ar leag an oíche oscailte an múnla síos dóibh; dreasa ceoil ó aos óg na dúichí agus ó mháistrí ón ndúiche agus ón iasacht, ó Albain, ó Albain Nua agus ó Chicago; agus caint fhileata ó Bhreanndán Ó Beaglaoich faoi sprioc na Scoile Ceoil – an oidhreacht cheoil agus teanga a sheachadadh go glúin eile.

Boscó Ó Conchúir a thug an t-aitheasc oscailte, agus é ag tagairt do na máistrí damhsa a thagadh chun na dúichí ag múineadh damhsa agus ceoil.

Bhí an oiread imeachtaí ann nach bhféadfadh duine ach blaiseadh de roinnt acu.

Chuaigh mé féin go dtí seisiún draíochtúil amhránaíochta de chuid an chlub ‘Siar Ó Thuaidh’ laistiar de Thigh Uí Chatháin. Ba é Cárthach Mac Craith an t-aoi speisialta ach mheall fear an tí Noelie Ó Maoileoin amhrán ó go leor. Ina measc déagóir ón áit, Mollie Ní Loibhéid. Ceol draíochtúil i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus as Béarla, gan de sholas sa seomra ach coinnle.

Fad is a bhí m’iníon ag ranganna fidle le duine de na siúracha Friel as Albain, ar de bhunadh Thír Chonaill iad, bhí mise ag ciorcal comhrá Gaeilge faoi stiúir ábalta Máire Joe Daly. Tráthnóna Déardaoin ghlac m’iníon páirt i seisiún oscailte i dTigh Uí Mhurchú agus an áit lán go doras le ceoltóirí óga agus an-óg, cuid acu ag seinm le chéile agus ag foghlaim óna chéile. Seisiún eagraithe ab ea sin, ach feadh na laethanta agus na n-oícheanta bhí ceol i ngach ceann de na trí thábhairne ar an mbaile agus san Óstán agus i dTigh Bhric freisin. Thug mé féin aghaidh ar Thigh Bhric tar éis tamaill chun freastal as sheisiún cumhachtach amhránaíochta, áit ar chan na máistrí ach ag ar tugadh deis freisin do na daltaí.

Bhí ceolchoirm gach oíche freisin. Bhí halla na Feothanaí plódaithe don cheolchoirm Dé hAoine agus cuireadh féasta ceoil romhainn, idir cheol uirlise is amhránaíocht, ar feadh trí uair an chloig. D’fhiafraigh duine de na ceoltóirí i dtreo dheireadh na hoíche conas a mhothaigh ár dtóineacha… Bhíodar righin go maith ach b’fhiú é.

Liosta le háireamh na máistrí ceoil a bhí ag múineadh sna ranganna agus ansin ag roinnt go fial ag seisiúin, idir oifigiúil agus spraíúil, ag na ceolchoirmeacha agus na ceardlanna. Ar feadh cúpla lá, ag tráth ciúin den mbliain, bhí Baile an Fheirtéaraigh beo le daoine, idir óg agus aosta, ag seinm cheoil agus ag baint ceol as comhluadar a chéile.

Fiú don duine, mo leithéidse nach bhfuil ar a chumas ó thaobh an cheoil ach a bheith ag éisteacht leis, bhí cúpla lá iontach agam agus is léir an fhorbairt a dhéanann na ceoltóirí óga. Go leana Scoil Cheoil an Earraigh ag dul ó neart go neart,

http://www.scoilcheoil.com

Fág freagra ar 'Lucht Scoil Cheoil an Earraigh ag síneadh uathu go fial ag féasta ceoil Chorca Dhuibhne'