Lucht an ghaeloideachais dóchasach nach í ‘cinniúint 1985’ atá i ndán do mholtaí Gaeltachta

Deir an Roinn Oideachais le Tuairisc.ie go bhfuil sé fós i gceist an polasaí nua oideachais don Ghaeltacht a fhoilsiú “go luath i 2016”, ach níl aon chinnteacht ann go mbeidh an polasaí in áit roimh an olltoghchán

 Jan O'Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Jan O’Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá dóchas ag lucht an ghaeloideachais nach í an chinniúint chéanna atá i ndán do dhréachtpholasaí Gaeltachta an Aire Jan O’Sullivan is a bhí i ndán do mholtaí radacacha eile ar tugadh droim láimhe leo tríocha bliain ó shin.

Tháinig sé chun solais le déanaí gur shocraigh an rialtas i 1985 neamhní a dhéanamh de mholtaí i dtaobh oideachas na Gaeltachta, moltaí atá an-chosúil leis na moltaí atá á mbreithniú faoi láthair ag an Roinn Oideachais.

Ba i mí na Bealtaine seo caite a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Jan O’Sullivan dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltacht a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Screen-Shot-2015-10-07-at-16.57.12
Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG

Tá an polasaí oideachais don Ghaeltacht fós le foilsiú agus le faomhadh ag an Rialtas, áfach, agus cé go ndúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie inné go raibh sé i gceist i gcónaí an polasaí nua a fhoilsiú “go luath i 2016”, ní fhéadfadh sé geallúint a thabhairt go mbeadh an polasaí céanna in áit roimh an olltoghchán.

Tá cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Dónal Ó hAiniféin “an-dóchasach”, áfach, go bhfoilseoidh an Roinn Oideachais an polasaí nua don Ghaeltacht an mhí seo chugainn – sula mbeidh olltoghchán ann.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin le Tuairisc.ie aréir go mbeidh cruinniú ag COGG leis an Roinn ag deireadh na míosa seo agus go bhfuiltear ag súil go bhfoilseofar an polasaí go gairid ina dhiaidh sin.

“Tá oifigigh sinsearacha na Roinne an-tiomanta don rud seo agus is de bharr a ndíograis agus de bharr na hoibre atá déanta ag muintir na Gaeltachta féin go bhfuilimid tagtha chomh fada leis seo.

“Coinneoidh an Roinn leis an gclár ama a leagadh amach agus ansin is fúinne ar fad, muintir na Gaeltachta san áireamh, an rud a chur i bhfeidhm mar is ceart,” a dúirt sé.

Dúirt Ó hAiniféin go raibh sé dóchasach freisin go gcuirfí an polasaí i bhfeidhm go luath i ndiaidh a fhoilsithe.

Tháinig sé chun solais ar Bhileog an Irish Times an tseachtain seo caite go ndearna rialtas Garret Fitzgerald cinneadh i 1985neamhaird a thabhairt ar mholtaí radacacha don oideachas sa Ghaeltacht.

Ghlac an rialtas cinneadh an uair sin tuarascáil ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a fhoilsiú, ach léiríonn meamram rialtais rúnda a scaoileadh faoin ‘riail 30 bliain’ nach raibh sé i gceist riamh go gcuirfí na moltaí a bhí sa tuarascáil i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Lucht an ghaeloideachais dóchasach nach í ‘cinniúint 1985’ atá i ndán do mholtaí Gaeltachta'

  • Manus

    Nach iomaí tuarascáil a fágtar ar seilfeanna an Stáit. Nach iomaí polasaí nach chuirtear i bhfeidhm. Le hathrú rialtais beidh go leor ag braith ar muintir na Gaeilge sa Ghaeltacht. Gan bhrú ní gá polasaí a chur i bhfeidhm. Suimiúil go bhfuil gníomhaithe pobail agus scoileanna i gConamara ag déanamh beag is fiú den iarracht atá ar siúl Gaelscoil a bhunú ann. Bí radacach nó bí gan éifeacht gan toradh. Más polasaí oideachais deas réasúnta a thiocfaidh amach san earrach bheadh sé comh maith a rá nach bhfuil ciall dá laghad ag plean teanga sa nGaeltacht.