Lorcán Ó Cinnéide ceaptha ina Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Ní raibh aon Stiúrthóir san ionad i nDún Chaoin ó d’éirigh Micheál de Mórdha as an gcúram sin trí bliana ó shin

Is é Lorcán Ó Cinnéide, ó Bhaile An Mhórdhaigh, Paróiste Mórdhach, in Iarthar Duibhneach, atá ceaptha ag Oifig na nOibreacha Poiblí mar Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin.

Beidh sé ag dul i mbun a dhualgais nua ar an Luan seo chugainn.

Thug an Cinnéideach blianta fada ina rúnaí ar Fhondúireacht An Bhlascaoid ach d’éirigh sé as sin i mí Mheán Fómhair.  Is ball é de theaghlach cáiliúil Uí Chinnéide agus tá a mhuintir ar fad gníomhach i gcúrsaí forbartha pobal. Bhí ard-aithne ar a athair, Caoimhín Ó Cinnéide, nach maireann, agus ar a mháthair, Edna, iarmhúinteoir i Scoil Naomh Eirc arb ó chontae Mhaigh Eo ó dhúchas di.

Le blianta fada bhí Lorcán Ó Cinnéide ina urlabhraí do thionscal na hiascaireachta ó cheann ceann na tíre agus é ina phríomhfheidhmeannach ar Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann.

Beidh Lorcán Ó Cinnéide i gceannas ar ghníomhaíochtaí agus ar fhoireann an Ionaid ar fad agus beidh sé freagrach as an Ionad agus An Blascaod féin a chur chun cinn ins gach slí.

Tagann sé i gcomharbacht ar Mhicheál de Mórdha, a chuaigh ar pinsean óna phost mar Stiúrthóir ar an Ionad breis agus trí bliana ó shin. Idir an dá linn bhí daoine ag bainistiú an Ionaid ar ghrád agus ar scála pá níos ísle agus bhí sé á stiúradh go díreach ó Bhaile Átha Cliath den gcuid is mó.

Beidh go leor le déanamh ag an gCinnéideach sna míosa atá romhainn, go háirithe maidir le meon an phobail faoin ardán faire atá Oifig na nOibreacha Poiblí agus Fáilte Éireann ag beartú a thógaint ar thalamh an Ionaid. Tá tuairimí éagsúla tagtha chun cinn maidir leis an suíomh ina mbeidh sé agus an t-airgead atá le caitheamh air.

Fág freagra ar 'Lorcán Ó Cinnéide ceaptha ina Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir'

  • Séamas Mac Coitir, Bearna.

    Séamas Mac C.
    Go maire tú do nuacht faoi mhaise agus faoi shláinte. Guím gach rath agus séan ort i do cheapachán nua!

    Séa