‘Lón machnaimh’ faoin nGaeilge don Roinn Oideachais agus RTÉ i bpobalbhreith – Coimisinéir Teanga

De réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4, creideann daoine gurb iad na beartais is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná tacú leis an ngaeloideachas, leis an nGaeltacht agus le cláir theilifíse Ghaeilge

‘Lón machnaimh’ faoin nGaeilge don Roinn Oideachais agus RTÉ i bpobalbhreith – Coimisinéir Teanga

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil “lón machnaimh” don Roinn Oideachais agus do RTÉ i dtorthaí pobalbhreithe.

De réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4, creideann daoine gurb iad na beartais is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná tacú leis an ngaeloideachas, leis an nGaeltacht agus le cláir theilifíse Ghaeilge.

“Léirigh an phobalbhreith seo in athuair an tacaíocht i measc an phobail do chearta teanga agus an tábhacht atá le cearta teanga i gcúrsaí oideachais agus craolacháin.

“Léiríonn na torthaí cé chomh tábhachtach is atá sé go gcomhlíonfadh RTÉ a ndualgas reachtúil maidir le soláthar réimse cuimsitheach clár Gaeilge.

“Léiríonn an phobalbhreith chomh maith an tábhacht a shíleann tuismitheoirí a bheith leis an oideachas lán-Ghaeilge agus is bocht an scéal é nach bhfuil córas bunú scoileanna forbartha ag an Roinn fós a fhreastalaíonn mar ba chóir ar an éileamh sin.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Dúirt sé i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh lucht RTÉ a chuid moltaí i bhfeidhm mar “a dhéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach”. Má dhéantar sin beidh “tionchar mór” aige “ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht”, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh “craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta” faoin tráth seo.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna atáthar ag féachaint anois leis an gcóras maidir le bunú scoileanna nua a leasú.

Faoin gcóras atá faoi láthair ann maidir le bunú scoileanna nua sa Stát, is é an pátrún a fhaigheann an líon is airde de léirithe spéise a roghnaítear agus scoil nua á bunú, rud a aithnítear mar bhac mór ar fhorbairt an ghaeloideachais.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua.

Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge achainí ar an Aire Oideachais Joe McHugh ag deireadh na bliana seo caite seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais atá molta ag an Roinn Oideachais féin chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne níos túisce i mbliana go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfaighfí réiteach ar cheist an chórais faoina mbunaítear scoileanna lán-Ghaeilge. 

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt Kyne go raibh ceist an éilimh ar an ngaeloideachas i measc an phobail lárnach do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus da bharr go raibh faoi an cheist a phlé leis an Aire Oideachais.

De réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4, bhí 34% de dhaoine den tuairim gurb é an beartas is mó a dhéanann leas na teanga ná na scoileanna lán-Ghaeilge. 16% a mhaígh gurb é an rud is mó a dhéanfaidh leas na Gaeilge ná go dtabharfaí cosaint di sa Ghaeltacht. 14% a dúirt gurb é an rud is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná go mbeadh cláir teilifíse i nGaeilge ann.

Bhí 60% de dhaoine den tuairim go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge,.

Daoine idir 18 agus 34 bliain d’aois is mó a bhí ar son na teanga agus 69% de dhaoine sa ghrúpa sin a dúirt go raibh tábhacht léi.

De réir na pobalbhreithe a rinne Red C i measc 3,000 duine in 150 ionad vótála, 27% de dhaoine a chreideann go bhfuil an Ghaeilge ‘fíorthábhachtach’.

Ní dúirt ach 5% nach raibh tábhacht ar bith leis an teanga.

Fág freagra ar '‘Lón machnaimh’ faoin nGaeilge don Roinn Oideachais agus RTÉ i bpobalbhreith – Coimisinéir Teanga'

  • Béarla Teanga an Stáit

    Is mar “lobby group” a bhreathnaítear ar Ghaeilgeoirí díreach ar nós baill an “Taisce” agus is cuma cén macnamh a mholann an Coimisinéar Teanga don Roinn Oideachais mar níl forbairt an Gaeloideachais ar chlár FFFG. Is iad polaiteoirí FFFG a ba chóir a bheith ag tabhairt lón macnaimh don Roinn Oideachais agus RTÉ faoi mianta an phobail ach ní fheileann an Ghaeilge don chlár Nualiobarálach atá ag FFFG. Dar leis an ESRI tá 25% de thuismitheoirí na 26 contae ag iarraidh Gaeloideachais ach níl ach 6% de dhaltaí an Deiscirt ag freastal ar Ghaelscoil.
    Mhaslaigh an Teachta FF Tom Dooley Gaeilgeoirí maidir leis an síneadh fada agus focal ní dhúirt Mícheál Martin leis. Dá ndeirfeadh Tom Dooley gur cur amú airgid é an Gailearaí Náisiúnta bheadh raic ach is cuma faoi síneadh fada na Gaeilge.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Grianghraf deas den Domhnallach. D’éistfinn féin trí sheol mara leis siúd gan drogall

  • Pádraig17

    Beadh sé suimiúil faigh amach cé mhéad daoine ar ghlac páirt sa suirbhé a labhraíonn Gaeilge gach lá.