An Domhnach seo, rachaidh Arsenal go dtí Anfield le himirt i gcoinne Liverpool i bPríomhroinn Shasana. Níl muid fiú agus leath bealaigh tríd an séasúr agus tá a misneach caillte ar fad lucht tacaíochta an dá fhoireann.
Tá Arsenal 13 phointe taobh thiar de Chelsea faoi láthair agus tá Liverpool cúig phointe taobh thiar d’fhoireann Arsene Wenger.
Le cúpla bliain anuas, níl sa chomhlint idir Arsenal agus Liverpool ach mar a bheadh cath chun an ceathrú háit a bhaint amach sa tsraith. Cé go bhfuil, ó am go chéile, iarrachtaí réasúnta déanta ag an dá fhoireann ar an bpríomhdhuais a chrochadh leo, níl an tsraith buaite ag ceachtar acu le os cionn 10 mbliana.
Ach bhí lá ann nuair a bhí choimhlint áirithe seo chomh tábhachtach sin gurbh í a shocraigh cé a bhuaigh an tsraith. Cúig bliana is fiche ó shin, ar 26 Bealtaine, chas Liverpool agus Arsenal ar a chéile i gceann de na cluichí is dramatúla a imríodh riamh.
Bhí Arsenal ag taisteal go hAnfield ar an lá deireanach den séasúr agus bhí bua dhá chúl ag teastáil uathu chun léim thar Liverpool isteach sa chéad áit.
Fiú sular chas na foirne a bhí sa chéad áit agus sa dara háit ar a chéile sa chluiche deireanach sin den tsraith, bhí an oiread sin tarlaithe an séasúr nach ndéanfaí dearmad go deo air. Faraor, ní cuimhní geala atá ann.
Bhí an tsraith ceaptha a bheith críochnaithe i bhfad roimh 26 Bealtaine ach seacht seachtaine roimhe sin, tharla tubáiste Hillsborough. De bharr na tragóide, níor imir Liverpool arís le trí seachtaine agus faoin am a thosaigh siad an athuair, bhí siad ceaptha ocht gcluiche a imirt in imeacht 10 lá.
Tugadh coicís eile dóibh chun na cluichí sin a imirt ach fós bhí orthu cluiche a imirt gach ceithre lá. Sa sé lá roimh an gcluiche in aghaidh Arsenal, d’imir Liverpool i gcluiche ceannais an FA Cup i gcoinne Everton, inar theastaigh am breise, agus bhuail siad West Ham 5-1 ar an Máirt.
Ach cé go raibh go leor cluichí imeartha ag Liverpool roimh an cluiche mór in aghaidh Arsenal, bhí siad ag imirt thar barr. Bhí siad 15 pointe chun deiridh ar Arsenal ag pointe amháin ach faoi lár mhí Feabhra bhí siad gob ar ghob le foireann Londain agus gan cluiche caillte acu ó 2 Eanáir. Ar an lámh eile, bhí an chuma ar an scéal gur cheap Arsenal go raibh a gcúram déanta agus an tsraith buaite acu.
Nuair a chaill na Gunners i gcoinne Derby agus bhí comhscór le Wimbledon acu sa dá chluiche roimh cheann Liverpool bhreathnaigh sé go raibh a rás rite. Bhí bua dhá chúl ag teastáil uathu as baile in aghaidh na cosantóirí is fearr sa tsraith go dtí sin.
Thosaigh bainisteoir Arsenal, George Graham, an cluiche le cúigear chosantóirí ar an bpáirc, é ag iarraidh déanamh cinnte nach scórálfadh Liverpool go luath sa chluiche ná spreagadh a thabhairt dá lucht tacaíochta. Bhí rith an áidh le Arsenal go luath sa chéad leath nuair a b’éigean d’Ian Rush an pháirc a fhágáil agus an ceithre chluiche in imeacht deich lá ag breith suas air.
Bhí ag éirí le plean Graham.
Agus imreoirí Liverpool róthuirseach chun aon ionsaithe cearta a dhéanamh, chuaigh an dá fhoireann isteach ag an mbriseadh ar comhscór, 0-0. Ansin, sé noiméad isteach sa dara leath, fuair Arsenal cúl. Chuir Nigel Winterburn liathróid iontach isteach ó chic saor agus d’éalaigh Alan Smith isteach chun cúl a aimsiú.
Do na ceathracha nóiméad eile, chuaigh Arsenal ar thóir an dara cúl. Bhí imreoirí Liverpool spíónta ach, ag 0-1, bhí a ndóthain fós á dhéanamh chun an tsraith a bhuachan.
Tar éis 89 nóiméad, agus briseadh san imirt, chas Steve McMahon timpeall i dtreo a chomhghleacaí ar fhoireann Liverpool agus méar amháin san aer aige, ‘Nóiméad amháin fágtha,Ná cailligí smacht anois air’.
Nuair a sciorr an liathróid chuig John Barnes ar thaobh Arsenal den pháirc, bhí seans aige rith i dtreo an chúinne ach níor thapaigh sé an deis agus fuair John Lukic, cúl báire Arsenal, seilbh ar an liathróid.
Chaith seisean an liathróid go dtí an cliathán áit a raibh Lee Dixon. D’imir Dixon pas fada suas na páirce i dtreo Alan Smith. Smachtaigh Smith an liathróid agus chuir sé i dtreo Michael Thomas é.
Agus é briseadh ó lár na páirce agus luas faoi, níor smachtaigh Thomas i gceart í, ach bhuail an liathróid i gcoinne an chosantóra, Steve Nicol, agus fuair Thomas an dara seans. Anois bhí sé leis féin os comhair an chúl báire, Bruce Grobbelaar.
Cé go raibh gach rud anois ag brath ar a dhéanfadh sé, choinnigh Thomas guaim air féin. Thóg sé a chuid ama. D’fhan sé agus d’fhan sé nó go ndeachaigh Grobbelaar chun talún agus ar nós cuma liom d’ardaigh sé an liathróid thar chorp an chúl baire. Bhí 91:22 ar an gclog.
Thuas i mbosca an stiúrthóra, bhí ar phríomhfheidhmeannach Liverpool, Peter Robinson, fios a chur ar an lucht freastail chun a rá leo na buidéil seaimpéin a bhí ar a mbealach chuig seomra feistis Liverpool a sheoladh chuig seomra feistis Arsenal, curaidh nua na sraithe.
Mar a tharla, cheannaigh Liverpool Michael Thomas i 1991, dhá bhliain tar éis dó an tsraith a sciobadh uathu an oíche cháiliúil úd 25 bliain ó shin, nuair a bhí tabhacht ag baint le cluichí idir Liverpool agus Arsenal.