LITRÍOCHT BHÉIL: Scéalta grinn

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

Gníomhaíocht 1: Cur in Ord:

Thíos tá scéal grinn ó dúchas.ie. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart. 

  1. airgead a bhí an ceannaitheoir ag tarrac dó ar na beithígh.
  2. Bhíodar ag áiteamh ach go háirithe, agus
  3. Tháinig ceannaitheoir chuige, ach ní bheadh Éamonn sásta leis an
  4. Bhí fear i Leataoibh Beag fadó.
  5. maith aige le tabhairt ar an aonach.
  6. d’éirigh achrann eatarthu sa deireadh.
  7. Ní thuig sé an ceannaitheoir.
  8. “Excuse me”, arsa an ceannaitheoir. “Dhera cá bhfaighinnse iasc úr duit”, arsa Éamonn.
  9. Chuaigh sé An Daingean maidin Dé Sathairn.
  10. Éamonn Ó Muircheartaigh ab ainm dó.
  11. An t-aonach a bhí chugainn bhí cúpla beithíoch

Gníomhaíocht 2 –Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.


Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo na leaganacha athscríofa iomlána de na scéalta.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Scéal Grinn 1

Bhí buachaill aimsire ag sagart áirithe uair amháin. Buachaill saonta, macánta, neamh-mhustrach ab ea é. Lá áirithe bhí mórán sagart ar dinnéar ag an sagart paróiste. Bhí an t-easpag ann chomh maith. Nuair a bhí an dinnéar ite acu, dúirt an sagart paróiste go nglaofadh sé isteach ar Mhaidhc (b’shin ainm an bhuachalla) chun go mbeadh babhta grinn ag na sagairt eile air, mar bhí sé ana-ghreannmhar. Chuir sé fios ar Mhaidhc. Tar éis teacht dó teacht agus é suite tamaillín thug sé fé ndeara gloine i láimh gach sagart, agus deoch i ngach gloine acu. Ní raibh éinne ag tarrac braon dó féin, agus leis sin ní raibh aon fhonn cainte ar Mhaidhc. “A Mhaidhc,” arsa an sagart paróiste, “tá rud éigin ort ná fuil aon fhonn cainte ort?”. “Dá mbeadh an chúis chéanna agatsa,” arsa Maidhc “do bheifeá mar mé. “

“Cad tá ort?” arsa an sagart.

“Tá,” arsa Maidhc, “trí cinn déag de bhanbhaí a bheith ag an seana-chráin, ach ní féidir léi tál ach ar dhá cheann déag.” “Agus,” arsa an sagart “cad tá an tríú ceann déag ag déanamh?”

“Tá sé,” arsa Maidhc “suite síos ar a phrumpa ag féachaint ar an gcuid eile ag ól, díreach fé mar a táim féin.” 

Tugadh braon dí dó ansan.

Scéal Grinn 2

Bhí fear i Leataoibh Beag fadó. Éamonn Ó Muircheartaigh ab ainm dó.
An t-aonach a bhí chugainn bhí cúpla beithíoch maith aige le tabhairt ar an aonach.

Chuaigh sé An Daingean maidin Dé Sathairn. Tháinig ceannaitheoir chuige, ach ní bheadh Éamonn sásta leis an airgead a bhí an ceannaitheoir ag tarrac dó ar na beithígh. Bhíodar ag áiteamh ach go háirithe, agus d’éirigh achrann eatarthu sa deireadh. “Excuse me,” arsa an ceannaitheoir. “Dhera cá bhfaighinnse iasc úr duit?” arsa Éamonn.

Níor thuig sé an ceannaitheoir.

Seo na naisc chuig na leaganacha bunaidh:

Scéal Grinn 1

Scéal Grinn 2

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén cur síos a dhéantar ar Mhaidhc i scéal 1?
  2. Cén fáth a luaitear an t-easpag i scéal 1?
  3. Cén fáth ar cuireadh fios ar Mhaidhc?
  4. Inis i d’fhocail féin céard atá greannmhar faoi scéal 1.
  5. Meas tú céard atá i gceist le “ceannaitheoir” i scéal 2?
  6. Cén fáth a luaitear an Daingean i scéal 2?
  7. Inis i d’fhocail féin cén t-údar grinn atá i scéal 2.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh scéal grinn uathu. 

Smaointe:

    1. Cén uair a tharla sé?
    2. Cur síos ar an gcarachtar.
    3. Cad go díreach a bhí greannmhar faoin scéal?
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag insint an scéil i d’fhocail féin. Is féidir an taifeadadh seo a roinnt leis an rang.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite i gceann de na scéalta. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantarsa?
  • Téigh chuid dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta grinn eile.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

Faigh páirtí agus déan iarracht bhur scéal grinn féin a scríobh.

Smaointe:

  • Smaoinigh ar scéalta grinn a chuala tú.
  • Smaoinigh ar nithe greannmhara a tharla duit féin.
  • Bíodh tús, lár agus deireadh i gceist
  • mínigh an comhthéacs, déan cur síos ar eachtra thábhachtach, inis cad a tharla ag an deireadh

Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Tá treoracha le fáil anseo a chabhródh leat nuair atá tú i mbun scéal a scríobh.

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Scéal grinn eile ó dúchas.ie.
  • Seo nasc chuig físeán ar Molscéal.ie. Céard atá greannmhar faoin scéal seo? Cad deir sé faoin dátheangachas in Éirinn?

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Scéalta grinn'