LITRÍOCHT BHÉIL: Oíche na Gaoithe Móire

Thíos tá leagan tras-scríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

Gníomhaíocht 1: Cur in Ord:

  • Thíos, tá cuid de chuntas ó dúchas.ie ar Oíche na Gaoithe Móire. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart. 
    1. deirtear gur dhein sé sin athrú ar na coillte i ngach áit. D’fhág sé a lán de na daoine bochta stractha as a chéile mar bhí orthu a lán airgid a chaitheamh chun na tithe a chur suas arís agus ba é
    2. an scéal céanna leis an bhféar a cheannach i gcomhair na mbeithíoch. Mharaigh sé a lán capaill bhreátha leis an scanradh a tháinig orthu.
    3. Thit an rud seo amach i mí na Nollag. Deir na seandaoine gurbh í Oíche Nollag Beag 1839 a bhí ann. An oíche sin deirtear gur leag an ghaoth na tithe go léir i ngach áit.
    4. Chuir sé scanradh ar na daoine idir óg agus aosta. Fuair a lán de na seandaoine bás an oíche sin leis an scanradh, cois na tine ag éisteacht leis an
    5. san iothlainn, agus ní raibh aoinne ábalta pioc dá gcuid féir féin a dhéanamh amach. Leag sé na crainnte móra ó bhun go barr agus bhíodar sínte ar fud na mbóithre go léir, agus
    6. ngaoth ghéar chrua a bhí ag séideadh mórthimpeall an tí. Bhí na daoine ag bailiú gach rud mórthimpeall chun an ghaoth a choimeád amach ach theip orthu. 
    7. Bhí báisteach agus toirneach measctha léi chun an scéal a dhéanamh níos measa. Leagadh na cruacha féir go léir a bhí

Gníomhaíocht 2 – Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.


Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo an leagan tras-scríofa don scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Oíche na Gaoithe Móire

Thit an rud seo amach i mí na Nollag. Deir na seandaoine gurbh í Oíche Nollag Beag 1839 a bhí ann. An oíche sin deirtear gur leag an ghaoth na tithe go léir i ngach áit. Chuir sé scanradh ar na daoine idir óg agus aosta. Fuair a lán de na seandaoine bás an oíche sin leis an scanradh, cois na tine ag éisteacht leis an ngaoth ghéar chrua a bhí ag séideadh mórthimpeall an tí. Bhí na daoine ag bailiú gach rud mórthimpeall chun an ghaoth a choimeád amach ach theip orthu.

Bhí báisteach agus toirneach measctha léi chun an scéal a dhéanamh níos measa. Leagadh na cruacha féir go léir a bhí san iothlainn, agus ní raibh aoinne ábalta pioc dá gcuid féir féin a dhéanamh amach. Leag sé na crainnte móra ó bhun go barr agus bhíodar sínte ar fud na mbóithre go léir, agus deirtear gur dhein sé sin athrú ar na coillte i ngach áit. D’fhág sé a lán de na daoine bochta stractha as a chéile mar bhí orthu a lán airgid a chaitheamh chun na tithe a chur suas arís agus ba é an scéal céanna leis an bhféar a cheannach i gcomhair na mbeithíoch.

Mharaigh sé a lán capaill bhreátha leis an scanradh a tháinig orthu. Níor stadadar den rith go dtí gur bhuail siad i gcoinne rud éigin agus chuir sin deireadh leo. Chuir a lán de na haibhneacha móra thar maoil, agus scuab siad a lán ainmhithe beaga leo, ach deirtear nár dhein sé pioc ar na gabhair.

An oíche sin leis leagadh teach feirmeora a bhí ina chónaí ina aonar san áit seo. Bhí loch mór ina aice an tí. Chuaigh an feirmeoir amach chun dul go dtí teach a chomharsan a bhí míle go leith slí uaidh. Bhí eagla air go scuabfaí isteach sa loch é agus is é an tslí inar chuaigh sé go dtí an teach eile ná greim a bheith aige ar thor luachra anseo agus ansiúd, agus é ina luí ar a bhrollach. Ar deireadh shroich sé teach a chomharsan tar éis a lán dua.

Cheap na feirmeoirí a bhí ina gcónaí timpeall seacht míle ón bhfarraige go raibh sé ag cur fearthainne agus cad a bhí ann ná sáile, sin uisce ón bhfarraige.

Bhí cruithneacht san iothlainn ag fear ó Leitir Uí Cheallaigh agus ar maidin lá arna mhárach fuarthas í in aice na hInse, sin timpeall dó dhéag míle ón áit seo.

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén fáth a luaitear 1839?
  2. Cén fáth a bhfuair na seandaoine bás?
  3. Cad is brí leis an bhfocal ‘iothlainn’?
  4. Cén fáth a luaitear beithígh in alt 2?
  5. Cén chaoi a raibh na gabhair difriúil?
  6. Cén úsáid a bhain an fear as an luachair?
  7. Cén fáth a luaitear Mícheál Ó hEaghráin?

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoin gcuimhne acu ar stoirm mhór a bhí sa cheantar.
  • Spreagcheisteanna:
      • Cén sórt aimsire a bhí ann?
      • An raibh eagla orthu?
      • Ar mhair an drochaimsir i bhfad?
      • An ndearnadh mórán damáiste?
  • Is féidir taispeántas póstaer digiteach/crua a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa chuntas. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantarsa?
  • Téigh chuig dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoi Oíche na Gaoithe Móire, nó aon stoirm eile, a bhí i do cheantar fein.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • Téigh chuig cuntas giolcaireachta rannóg aimsire TG4  agus féach ar/éist le réamhaisnéisí ansin.
  • Ansin déan iarracht do ghiolc féin a scríobh faoi aimsir an lae inniu. Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Déan do chuntais a roinnt le daoine eile sa rang.

Gníomhaíocht 9 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoi stoirm Ophelia. Déan é a léamh agus fág trácht. Déan tráchtanna daoine eile a léamh agus tabhair freagraí.
  • Féach ar an tuairsic seo ó Nuacht TG4 faoi stoirm
  • Féach ar an bpíosa físe seo ó shuíomh Molscéal faoin obair ghlantacháin tar éis stoirme.
  • Éist leis an bpíosa seo ón Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta ina bhfuil cur síos ar stoirmeacha.
  • Léigh an dán Oíche Nollaig na mBan le Seán Ó Ríordáin. An bhfuil tú in ann téama/scéal an dáin a dhéanamh amach? Déan é a phlé le do pháirtí.

Bhí fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir.
Aréir oíche Nollaig na mBan,
As gealt-teach iargúlta ’tá laistiar den ré
Is do scréach tríd an spéir chughainn ’na gealt
Gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé,
Gur bhúir abhainn shlaghdánach mar tharbh,
Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal
A las ’na splanc obann an fhearg.

Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin
An oíche go mbeadsa go lag
Ag filleadh abhaile ó rince an tsaoil
Is solas an pheaca ag dul as,
Go líonfaí gach neomat le liúirigh ón spéir,
Go ndéanfaí den domhan scuaine scread,
Is ná cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám dhéin,
Ná inneall an ghluaisteáin ag stad.

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Oíche na Gaoithe Móire'