Díobháil ‘Ophelia’ á meas agus triúr maraithe le linn na stoirme

Bhí 295,000 duine fágtha gan aon chumhacht aréir agus tá iarrtha ag na seirbhísí éigeandála ar dhaoine a bheith cúramach ar na bóithre arís ar maidin

Díobháil ‘Ophelia’ á meas agus triúr maraithe le linn na stoirme

Seán Hogan, Cathaoirleach an Ionaid Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála ag labhairt leis na meáin inné. Pictiúr: Rollingnews.ie

Aimsir chiúin bhreá le tréimhsí gréine atá geallta inniu agus an damáiste a rinne stoirm Ophelia inné á mheas.

Tá scoileanna na tíre dúnta arís inniu i ndiaidh stoirm Ophelia agus na céadta míle duine fágtha gan aon chumhacht thar oíche.

Tá an díobháil a rinne stoirm an lae inné fós á meas ar maidin agus tús á chur leis an nglanadh suas agus an obair dheisiúcháin i ndiaidh na drochaimsire. Bhí rabhadh contúirte náisiúnta i bhfeidhm go dtí 1am ar maidin agus maraíodh triúr le linn na stoirme inné.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh “géarchéim náisiúnta” ann i ngeall ar na gaotha móra, a d’éirigh chomh hard le 190 ciliméadar san uair ag tráth amháin ag Carraig Aonair amach ó chósta Chorcaí.

D’iarr an Garda Síochána, BSL agus na seirbhísí éigeandála ar dhaoine a bheith cúramach ar na bóithre arís ar maidin mar gheall ar chrainn agus línte cumhachta a bheith leagtha, smionagar a bheith caite ar na bóithre agus fuarlaigh a bheith in áiteanna.

Bhí scoileanna, institiúidí tríú leibhéal, siopaí agus gnóthaí dúnta ar feadh an lae inné agus rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm ar fud na tíre. Cuireadh seirbhísí bus agus traenach, a bhí ina stad inné, ar fáil arís ó 5am ar maidin.

Bhí 295,000 teach agus gnó fós gan aon chumhacht aréir acu. Thug BSL le fios go bhféadfadh cuid dá gcustaiméirí, idir 5% agus 10% de na daoine nach raibh cumhacht inné acu, a bheith gan aon chumhacht go ceann deich lá.

Ní raibh aon chumhacht tráthnóna inné ag 18,000 custaiméir sa Tuaisceart agus d’imigh an chumhacht as i bparlaimint Stormont.

Triúr a bhásaigh inné in eachtraí a tharla le linn stoirm Ophelia.

Maraíodh fear tráthnóna inné nuair a bhuail crann a charr agus é ag tiomáint i nGleann na bhFiach ó thuaidh de Dhún Dealgan.

Níos túisce sa lá maraíodh fear sna tríochaidí i dtimpiste i dTiobraid Árann.

Maraíodh Michael Pyke agus é ag gearradh crainn a thit ar an mbóthar taobh amuigh den Chathair le sábh slabhraí. Bhain gortú dó leis an sábh agus fuair sé bás. Aistríodh a chorp go hOspidéal Chluain Meala.

Maidin inné, maraíodh Claire O’ Neill (58) i bPort Láirge nuair a thit crann ar a carr. Bhí sí ag tiomáint gar don Eaglais in iarthar an chontae, in éineacht le bean eile, atá sna seachtóidí, nuair a leag an ghaoth an crann.

Gortaíodh an bhean eile agus aistríodh go hOspidéal Réigiúnach Phort Láirge, mar a cuireadh cóir leighis á cur uirthi.

Cuireadh os cionn 130 eitilt ar ceal agus bhí seirbhísí iompair poiblí, seirbhísí othar seachtrach agus seirbhísí cúirte ina stad chomh maith.

Dúradh go raibh bunscoileanna agus iarbhunscoileanna na tíre iata arís inniu ar mhaithe le sábháilteacht na ndaltaí scoile agus an díobháil a ndearnadh d’fhoirgnimh fós á meas.

Tugadh léargas drámatúil ar a fhíocmhaire is a bhí an stoirm in eachtra a tharla i gCorcaigh inné nuair a séideadh an díon de spórtlann Phobalscoil Dhúglaise.

Fág freagra ar 'Díobháil ‘Ophelia’ á meas agus triúr maraithe le linn na stoirme'

  • Eoin Ó hÉigeartaigh

    Ag féachaint ar an damáiste a bhí déanta ag storim Ophelia, is cinnte gur tragóid úfásach ab iad na heachtracha sin. Is drochscéal é nach raibh aon cumhacht ag na dtithe a raibh faoin tuaithe agus a leithéad, ach is mór an trua é chun fháil amach go fuair trúir daoine bás le linn an stoim. Ag féachaint ar an fear agus an bean a bhí ag tiomáint, d’éadfadh sé a bheith an chrua don na chlainne a tá ceangailt dóibh, bheadh sé an deacair dóibh an scéal seo a slogadh siar tosc gur thimpiste nádúrtha a tá i gceist. Ag druidim ar adhaigh go dtí an fear bocht ó Thiobraid Árann, scéal tubaisteach ab ea é tosc go raibh an fear seo ag tabhairt cabhair do a phobal áitúila nuair a tharla an timpiste. Chun an fírinne a ráth, tá an píosa seo mar drochscéal in iomlán tosc go raibh damáiste déanta do a lán áiteanna in Éirinn. Chun dul níos deimhne ar aís, is mór an thragóid é chun cloisint gur bhásach trúir daoine i rith Storim Ophelia.