LITRÍOCHT BHÉIL: Lá Mhic Dara

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Lá Mhic Dara

Gníomhaíocht 1: Gníomhaíocht réamhléitheoireachta:

“Bláth na hÓige” agus an “American Mór” ag réiteach do na rásaí
  • An bhfuil aon eolas agat faoi fhéilte na tíre seo?
  • Céard iad na féilte is cáiliúla sa cheantar seo?
  • Céard a dhéanann tú ar na laethanta sin?

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

  • Éist leis an taifeadadh seo den chuntas.
  • Tá an chéad chuid den chuntas le fáil thíos, ach níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí cuir san ord ceart é.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

a) a mheileadh sé féin le dhá chloch agus braon uisce.
b) an Naoimh san oileán freisin.
c) haingil dhó é in aon oíche amháin.
d) Naomh i gCarna darbh ainm Mac Dara.
e) Bhí séipéal beag aige a raibh ceann
f) cloch air agus deirtear gur thóg na
g) agus ní bhíodh de bhia aige ach arbhar
h) Mhair sé ina aonar san oileán sin
i) ón gcósta a bhí cónaí air.
j) Tá fothraigh an teampaill sin
k) Céadta bliain ó shin do chónaigh
l) Ar oileán beag trí mhíle amach
m) ina seasamh fós agus tá tobar beannaithe

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Léigh an chéad leath den chuntas os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Naomh Mac Dara

Céadta bliain ó shin do chónaigh Naomh i gCarna darbh ainm Mac Dara. Ar oileán beag trí mhíle amach ón gcósta a bhí cónaí air. Bhí séipéal beag aige a raibh ceann cloch air agus deirtear gur thóg na haingil dhó é in aon oíche amháin. Tá fothraigh an teampaill sin ina seasamh fós agus tá tobar beannaithe an Naoimh san oileán freisin.
Mhair sé ina aonar san oileán sin agus ní bhíodh de bhia aige ach arbhar a mheileadh sé féin le dhá chloch agus braon uisce. Anois is aríst bhíodh iasc úr aige agus nuair a ghabhfadh aon duine isteach san oileán thabharfadh sé braon bainne chuige.
’Sé an nós atá ag na daoine riamh ná na seolta a ísliú ag dul thar Oileán Mhic Dara in onóir don Naomh. Uair amháin rinne mairnéalach eicínt faillí ar an nós sin agus bádh é cúpla céad slat ón oileán. Tugtar Mac Dara fós mar ainm ar go leor páistí sa bparóiste mar gheall ar an Naomh.
Titeann lá Fhéile Mhac Dara ar an 16ú d’Iúil. Téann lear mór daoine go hOileán Mhic Dara an lá sin chuile bhliain ar oilithreacht. Na daoine nach dtéann chuig an bPátrún, bíonn siad ag obair sa mbaile. Ceaptar go bhfuil an Naomh curtha san oileán.

Leagan bunaidh

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cá bhfuil Oileán Mhic Dara suite? Faigh léarscáil agus taispeáin an áit don duine in aice leat.
  2. De réir an scéil, conas a tógadh an séipéal ann?
  3. Déan cur síos ar an gcineál bia a bhíodh ag an Naomh ann?
  4. Cén nós a bhíonn ag na bádóirí agus iad ag dul thar an oileán?
  5. Céard a tharla do mhairnéalach amháin nach ndearna é sin?
  6. Céard a tharlaíonn ar Lá Fhéile Mhic Dara?
  7. Cén chanúint atá le chloisteáil sa scéal seo. Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoin Naomh a bhí sa cheantar nó eachtra éigin a bhain le cúrsaí reiligiúin.

Spreagcheisteanna:

Cén Naomh atá i gceist?
Céard iad na scéalta éagsúla a bhíonn le cloisteáil faoin Naomh sin?
An bhfuil lá luaite leis an Naomh sin? Céard a tharlaíonn an lá sin?
Tabhair cur síos ar eachtra stairiúil.

  • Is féidir póstaer a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig dúchas.ie (nó suíomh eile) agus faigh cuntas faoi Naomh as an áit nó eachtra éigin a bhain le cúrsaí reiligiúin.
  • Téigh chuig logainm.ie agus déan taighde ar na logainmneacha atá luaite sa chuntas seo. An bhfuil aon logainmneacha cosúil leo i do cheantar féin?

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • Déan scéal a chumadh faoi eachtra stairiúil i do cheantar. D’fhéadfadh baint a bheith aige le rud éigin a tharla nó rud iomlán as an nua a chumadh.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Tá treoracha agus smaointe faoin scríbhneoireacht chruthaitheach mar aon le samplaí le fáil ag an nasc seo.

Gníomhaíocht 9 – Cuntas Dialainne – Punann:

  • Féach ar na híomhánna ag an nasc seo. Lig ort go raibh tú féin ar dhuine de na paisinéirí a bhí ar an mbád an lá seo; scríobh cuntas dialainne faoin lá a bhí agat.

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoin ábhar céanna. Déan nóta den eolas breise atá le fáil san alt seo. Déan meabhairmhapa den eolas ar fad atá agaibh faoin ábhar seo.
  • Léigh an t-alt seo agus cuir i gcomparáid é leis an eolas a fuair tú sa téacs bunaidh.
  • Éist leis an bpíosa seo faoi thubaiste a tharla gar don oileán seo.
  • Seo scéal eile as dúchas.ie. Déan comparáid idir an t-eolas atá sa dá théacs.
  • Cén fáth a bhfuiltear chun leacht a nochtadh anseo?
    Cé mhéad duine a bádh an lá sin?
    Conas a tharla an timpiste?
  • Éist leis an amhrán seo faoin gceantar agus déan iarracht an t-amhrán a fhoghlaim agus a chanadh sa rang.

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Lá Mhic Dara'