LITRÍOCHT BHÉIL: An Tiarna Talún

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: An Tiarna Talún

Gníomhaíocht 1: Athscríobh:

  • Téigh chuig an leathanach seo ar dúchas.ie. 
  • Ag obair le do pháirtí déan an scéal atá ansin a athscríobh i nGaeilge an lae inniu.

Gníomhaíocht 2 – Éisteacht:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo an leagan tras-scríofa don scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

An Tiarna Talún

Dhá thiarna talún a bhí anseo fadó. Lord Ventry agus Lord Cork. Fear ana-dheas dob ea Lord Cork ach bhí Lord Ventry ana-chruaidh. Is i mBaile an Ghóilín a bhí Lord Ventry ina chónaí, ins an áit go bhfuil Coláiste Íde anois. Do bhí sé chomh cruaidh san ar na daoine go gcaithidís an féar agus an mhóin a bhaint agus a thabhairt abhaile dó. Aon duine ná bíodh ábalta ar an gcíos do dhíol ar an lá ceart leis ní thabharfadh sé aon seans dhóibh ach iad do chur as seilbh a gcuid talún. Ansan nuair ná bíodh aon áit eile acu chun dul do théadh a bhformhór go Meiriceá, ach d’fhanadh cuid acu timpeall na háite ina gcónaí i seana-bhotháin.

Is sa bhliain 1887 is mó a bhí daoine á gcur amach agus do chuireadh amach na Firtéaraigh ón mBaile Uachtarach an bhliain sin toisc gan iad a bheith ábalta ar an gcíos do dhíol. Tá timpeall le caoga a haon bliain anois ann. 
Ní raibh Lord Cork chomh cruaidh san ar na daoine in aon chor agus thugadh sé aga maith dhóibh. Nuair a bhíodh Lord Ventry istigh ina chóiste ag dul an Daingean nó in aon áit mar sin bhíodh daoine timpeall ar an gcóiste chun é chosaint le heagla go gcuirfeadh aon duine aon chur isteach air mar bhí eagla air roimh na daoine a chuir sé as seilbh. Bhí dhá mhadra aige deirtear laistigh don ngeata in aice an Choláiste agus aon duine a chídís ag dul taobh istigh den ngeata stracaidís as a chéile é.

Gníomhaíocht 4 – Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Tar éis duit an sliocht seo a léamh cén tuiscint atá agat ar thiarnaí talún?
  2. Cén bhaint atá ag Baile an Ghóilín leis an scéal?
  3. Cén fáth a luaitear móin agus féar?
  4. Cad a tharla do na daoine nach raibh in ann an cíos a dhíol?
  5. Cad a bhí eisceachtúil faoin mbliain 1887?
  6. Cén difríocht a bhí idir Lord Ventry agus Lord Cork?

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh seanchas uathu faoi thiarna talún a bhíodh sa cheantar.

Smaointe:

An raibh mórán talaimh acu?
Cén chaoi a chaith siad leis na daoine?
An raibh aon fhoréigean ag baint leo?
Cad a tharla do na daoine nach raibh in ann an cíos a íoc?

  • D’fhéadfaí an t-agallamh/cuntas seo a thaifeadadh agus a sheinm don rang.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa chuntas. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantar féin?
  • Téigh chuig dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoi thiarnaí talún.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • An bhfuil tiarnaí talún againn sa lá atá inniu ann?
    Céard atá cloiste agat fúthu?
    Céard a cheapann tú fúthu?
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nuair atá do chuid scríofa agat déan do chuid tuairimí a roinnt leis an duine in aice leat.
  • D’fhéadfaí díospóireacht nó plé ranga a eagrú ansin.

Gníomhaíocht 9 – Naisc ábhartha eile:

 

  • Seo naisc chuig ailt ar tuairisc.ie faoi thiarnaí talún. Déan na hailt a léamh agus fág trácht.

Nasc 1

Nacc 2

  • Seo nasc chuig píosa físe ar Molscéal.ie mar a bhfuil cur síos ar Theach an Spidéil.
  • Nasc chuig clár ar Raidió na Gaeltachta mar a bhfuil cur síos ar Chogadh na Talún i gCorca Dhuibhne.

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: An Tiarna Talún'