Cuid de stair na Gaeltachta é scéal RÍ Chonamara, ‘Humanity Dick’ Martin

Is deacair tiarna talún ar bith a mholadh ach níorbh é Richard Martin an té ba mheasa acu…

Cuid de stair na Gaeltachta é scéal RÍ Chonamara, ‘Humanity Dick’ Martin

B’éasca a cheapadh gurbh é Humanity Dick féin a bhí ag caint nuair a léiríodh dráma aonair faoi i gCaisleán Bhaile na hInse an oíche faoi dheireadh. Richard Martin an t-ainm ceart a bhí air, duine de Mháirtínigh Bhaile na hInse arbh leo an chuid ba mhó de Chonamara lena linn.

Ba é rí gan choróin Chonamara é go deimhin.

Fear atá ag múineadh i mbunscoil an Chladaigh i nGaillimh, Seán Leonard, a chuir i láthair é. Éacht déarfainn an Ghaeilge is feiliúnaí ar tour de force. Ní bréag ar bith sin a thabhairt air. Ní hé amháin go raibh an aisteoireacht ar fheabhas ach bhí an script thar cionn freisin.

Ba léir gur chaith Seán dúthracht mhór le scríobh an cineál Béarla a chaithfeadh a bheith ag Dick Martin. Níor dhearmad sé beagán Gaeilge a shníomh tríd ach an oiread mar a mhíneoidh mé ar ball.

Léirigh Seán Leonard gnéithe éagsúla de shaol Dick Martin. Bhí dúil mhór aige i gcomhrac aonair i dtús a shaoil. Mharaigh sé a chol ceathrar féin i gceann acu, rud a ghoill chomh mór air is gur éirigh sé as an gceird sin ar fad.

Níor mhaith leis go gcuirfí ‘poll ar a onóir’ mar a deirtí. Gaisce é sin a bhíodh go minic ag an aicme cheannasach lenar bhain sé.

Níor éirigh go maith ar chor ar bith leis an gcéad phósadh a rinne sé agus, aisteach go leor, fear as stair na hÉireann a chuir an pósadh bunoscionn ar dtús. B’in é Theobold Wolfe Tone.

Ní raibh Tone ach fiche bliain d’aois nuair a thug Richard Martin go Gaillimh é le bheith ina mhúinteoir ag a dheartháir. Bhí suim sa drámaíocht ag bean Richard agus bhí Wolfe Tone ar an intinn chéanna. D’oscail Richard Martin amharclann i dteach mór a bhí aige i gCathair na Gaillimhe.

Nuair a bhíodh Martin i mBaile Átha Cliath bhíodh a bhean agus Wolfe Tone ag cleachtadh na haisteoireachta ach ní aisteoireacht a bhí inti sa deireadh de réir cosúlachta. Tuigeann fear léinn leathfhocal.

Níorbh é sin an t-aon uair a ndeachaigh sí i mbradaíl. Nuair a d’fhág sé i bPáras í ina dhiaidh sin aríst d’imigh sí go Londain in éineacht le fear eile. B’fhiú a bheith ag breathnú ar Sheán Leonard ag léiriú gach ar tharla nuair a tháinig Martin ar an mbeirt acu sa leaba.

Chuir Martin an dlí ar mo dhuine. Bhuaigh sé an chúis agus tugadh £10,000 cúitimh dó.

Deirtear gur shóinseáil sé an t-airgead agus nuair a bhí sé ar a bhealach abhaile sa gcóiste as Baile Átha Cliath go Gaillimh gur chaith sé amach an fhuinneog chuile phingin de ag na daoine ar an turas anuas.

Bhí Martin ina Fheisire i bParlaimint Bhaile Átha Cliath tamall agus chaith sé tréimhse maith i dTeach na dTeachtaí in Westminster. In Westminster a rinne sé an gaisce ba mhó ina shaol a cheap sé féin: d’éirigh leis tabhairt ar an bParlaimint dlí a dhéanamh a chuirfeadh deireadh le spídiúlacht ar ainmhithe.

As sin a tháinig an Cumann um Fhóirithint ar Ainmhithe. Bhí an oiread moladh ag Rí Shasana air gur bhaist sé Humanity Dick air.

Ba spéisiúil an chaoi ar thosaigh sé an feachtas sin ar son na n-ainmhithe i mBaile na hInse. Thug sé duine dá chuid tionóntaí amach i mbáidín ar an loch agus chuir sé ina leith go raibh sé ag caitheamh go dona lena chuid ainmhithe. Seáinín a bhí ar an tionónta.

I nGaeilge a chuir Seán Leonard i láthair an comhrá eatarthu, ó tharla go gcaithfeadh sé, a dúirt sé, go raibh Gaeilge ag Humanity Dick.

I ndiaidh an taispeántais bhí dreas comhrá againn le Seán Leonard. As Cill Ala é ó dhúchas. Mhúscail sin tuilleadh staire.

Labhair muid ar na baill de na hÉireannaigh Aontaithe a theith go Conamara tar éis Éirí Amach 1798. Labhair muid go háirid ar an Athair Maolra de Priondargás. Mhair sé sin timpeall an Chlocháin, agus anuas go Carna, go dtí gur cailleadh é.

Ní mhairfeadh murach Richard Martin a chosain é ar na húdaráis.

Is deacair tiarna talún ar bith a mholadh ach is cinnte nárbh é Richard Martin an té ba mheasa acu.

Cuid de stair na Gaeltachta agus na hÉireann é a shaol agus is mór go deo an moladh atá ag dul do Sheán Leonard as ucht é a chur inár láthair chomh beo spéisiúil sin.

Fág freagra ar 'Cuid de stair na Gaeltachta é scéal RÍ Chonamara, ‘Humanity Dick’ Martin'

  • Aonghus

    Nuair a hiarradh dhó cén fáth ar chaith sé uaidh an t-airgead cúitimh séard a dúirt sé ná ‘nach ndéanfadh na daoine dearmad go deo air dhá bharr’ agus féach muidne á ríomh inniu!