Litir oscailte chuig Arlene Foster maidir le seasamh an DUP i leith an Achta Gaeilge…

Tá litir oscailte scríofa ag Stiúrthóir POBAL Janet Muller chuig ceannaire an DUP Arlene Foster faoi sheasamh a páirtí i leith cheist an Achta Teanga

Litir oscailte chuig Arlene Foster maidir le seasamh an DUP i leith an  Achta Gaeilge…

Arlene Foster

Ceannasaí DUP

Stóirmhónaigh,

A Bhean Foster uasal,

Tá muid ag scríobh chugat le soiléireacht a lorg uait maidir le seasamh do pháirtí ar Acht na Gaeilge, agus lena chur i do láthair arís na fáthanna atá taobh thiar d’éileamh an phobail do reachtaíocht teanga. Mhínigh muid na fáthanna seo duit féin agus do bhaill eile do pháirtí ag Stormont nuair a bhuail ár dtoscaireacht libh ar na mallaibh. Ar an toscaireacht, chomh maith le hionadaithe POBAL, bhí ionadaithe ó An Droichead, eagras Gaeilge do dheisceart agus d’oirthear Bhéal Feirste; ó An tÁisaonad, ionad áiseanna do Ghaelscoileanna; agus Cairde Teo, eagras Gaeilge d’Ard Mhacha.

Go fóill, is í an Ghaeilge abhus an t-aon phríomhtheanga dhúchais ar na hoileáin seo nach bhfuil faoi chosaint ar leith na reachtaíochta intíre. Tá an Bhreatnais faoi chosaint Acht na Breatnaise ó 1993, agus le déanaí, forbraíodh réim dhlíthiúil na Breatnaise tuilleadh ag Beart na Breatnaise 2011. Tá an Ghàidhlig faoi chosaint Acht na Gàidhlig (Albain) 2005. Tá an Ghaeilge, ar ndóigh, faoi chosaint bhunreachtúil agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó dheas.

Le blianta fada, tá sé soiléir dár bpobal go bhfuil géarghá le reachtaíocht chuí áitiúil don Ghaeilge sna sé chontae. Tá pobal na Gaeilge ag éileamh a leithéid le daichead bliain anuas. Is ceist í seo a tháinig chun tosaigh, arís is arís eile, bealach amháin nó bealach eile, agus muid ag obair mar eagras neamhspleách neamhstáit abhcóideachta do phobal na Gaeilge ó thuaidh. Ó chéadbhunaíodh POBAL, thóg muid ceist na reachtaíochta go leanúnach ag gach leibhéal rialtais agus saoránachta. Cuimsíonn ár gcuid oibre taighde ar riachtanais agus tosaíochtaí phobal na Gaeilge, oiliúint do na hearnálacha rialtais, poiblí agus pobail ar fheasacht teanga agus ar dhea-chleachtas, agus faireachán leanúnach ar chur i gcrích chosaint reachtaíochta idirnáisiúnta don Ghaeilge san am i láthair.

Tuigeann muid go maith, mar sin, gur ceist chasta í ceist na reachtaíochta. Is mian le POBAL tógáil ar an díospóireacht agus fócas a thabhairt di sa dóigh is go dtig le pobal na Gaeilge bogadh chun tosaigh ar bhonn moltaí soiléire, láidre, aontaithe maidir lena bhfuil a dhíth orainn. Leis an chuspóir seo a bhaint amach, dhírigh foireann bheag POBAL ar phróiseas comhairliúcháin a sheoladh chun tosaigh ón Fhómhar 2004. Le tacaíocht ó phobal na Gaeilge in gach réimse oibre agus i ngach limistéar, reáchtáil muid comhdhálacha idirnáisiúnta agus díospóireachtaí poiblí, chomh maith leis na dréachtmholtaí foilsithe in Acht na Gaeilge Eisiúint II, a dhréachtú is a scaipeadh. I rith an ama, is le comhairle agus tacaíocht luachmhar roinnt saineolaithe ardoirirce sa dlí idirnáisiúnta agus i gcearta daonna a rinne muid ár gcuid oibre. Táimid buíoch go háirithe don Ollamh Robert Dunbar (Oilthigh Dhùn Éideann), don Ollamh Wilson McLeod (Oilthigh Dhùn Éideann), don Dr. Maurice Hayes, iar-Cheannasaí Státseirbhís TÉ, don Ollamh Colin H. Williams (Ollscoil Chaerdydd) agus don Ollamh Fernand de Varennes (Ollscoil Monckton, Ceanada) a chuir thar na bearta le moltaí POBAL.

Éascaíonn doiciméad POBAL, Acht na Gaeilge Eisiúint II agus tugann sé léargas ar dhíospóireacht chuimsitheach, chasta taobh istigh de phobal na Gaeilge agus sa mhórphobal faoi ionnús chearta teanga agus riachtanais Gaeilgeoirí. An Droichead, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, GESO, Altram, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Staire Uí Fhiaich, Cumann Cluain Ard, An Ceathrú Póilí, Aisling Ghéar, Taca, An Carn, Cumann Cultúrtha Leath Chathail, Gaelphobal an tSratha Báin, Pobal Mhuileann an tSín, Pobal Bhaile an Chaistil, Cairde Teo, An tÁisaonad, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta, mar aon le réimse leathan de scoileanna, comhairlí áitiúla agus eagrais cearta daonna.

Is ionstraim chumhachtach, chomhaontaithe abhcóideachta iad moltaí POBAL, a d’éascaigh an ráiteas seo ó rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rìmhinn (Deireadh Fómhair 2006):

“Tabharfaidh an Rialtas seo isteach Acht Teanga Gaeilge a léireoidh eispéireas na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas atá le teacht le forbairt na Gaeilge a mhéadú agus a chosaint.”

Tharla roinnt forbairtí ó 2006 ach fosta, ar an drochuair, nach ndearnadh aon dul chun cinn den chineál céanna i dtaca le reachtaíocht don teanga Ghaeilge. i 2007 agus 2014 rinne an rialtas trí chomhairliuchán phoiblí ar an éileamh ar reachtaíocht Ghaeilge agus léirigh an trí chinn go raibh tacaíocht fhorleathan thar na bearta do na moltaí POBAL. B’fhorbairt thábhachtach eile é, tacaíocht chomhlachtaí idirnáisiúnta ar son reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach. Ar na comhlachtaí seo bhí an Coiste Comhairleach ar an Chreatchoinbhinsiún um Chosaint Mionlach Náisiúnta (2007, 2011, 2017), Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sóisialta, Eacnamaíocha agus Cultúrtha (2009, 2016)), Coiste na Saineolaithe ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (2010, 2014) agus níos moille, i 2017, liostaigh tuarascáil eile ón Choiste Comhairleach ar an Chreatchoinbhinsiún um Chosaint Mionlach Náisiúnta, as measc na n-ábhar a d’éiligh aird láithreach, glacadh le ‘reachtaíocht chuí leis an Ghaeilge a chosaint agus a chothú’ agus d’éiligh ar na húdaráis ‘bearta a dhéanamh le dul chun cinn ar chearta teanga a chinntiú’ den phobal labhartha Gaeilge.

I rith an ama, tá pobal na Gaeilge, a lucht tacaíochta agus an dream ar suim leo sochaí chothrom a chruthú, ag tacú go láidir lenár moltaí reachtacha. Dhaingnigh eispéireas na deich mbliana a d’imigh ár ndearcadh agus dearcadh an dream a chuidigh le cruthú na moltaí POBAL, go bhfuil fíor-riachtanas le reachtaíocht den chineál atá molta againn, i dtaca le sásamh riachtanas agus ionchas phobal na Gaeilge abhus, ach le freastal, rud is ríthábhachtach, ar oibleagáidí dlíthiúla na RA. Déanfaidh achtú Acht na Gaeilge soiléiriú ar chearta lucht labhartha Gaeilge agus ar dhualgais an stáit agus na gcomhlachtaí poiblí. Déanfaidh sé é níos fusa don duine aonair a chuid ceart a thuiscint agus a chosaint, agus i gcás na n-earnálacha poiblí agus rialtais, déanfaidh sé é níos fusa dóibh a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh. Cuirfidh sé reachtaíocht teanga i dtiúin ar na hoileáin seo agus cuideoidh sé le reachtaíocht um chomhionannas agus um chearta an duine a chónascadh sna sé chontae. I gcomhar le pobal na Gaeilge, agus le tacaíocht fhlaithiúil ó shaineolaithe idirnáisiúnta dlí, cuireann POBAL moltaí soiléire, comhsheasmhacha, réadúla ar fáil. Creideann muid go cuirfidh siad le hachtú Acht na Gaeilge cuimsitheach, taobh istigh d’amscála réasúnta.

Janet Muller

POBAL, eagras neamhspleách abhcóideachta Gaeilge.

Fág freagra ar 'Litir oscailte chuig Arlene Foster maidir le seasamh an DUP i leith an Achta Gaeilge…'