Litir ghrá don phodchraoladh agus na 5 cinn acu is ansa liom…

Níor mharaigh an carr an rothar, agus níor mharaigh an físeán an podchraoladh

Podcast

Tá an t-idirlíon ag athrú seasta. Tagann agus imíonn nósanna: an tseirbhís a mbíonn tóir ag daoine uirthi inniu, seans maith go mbeidh sí imithe amárach. Ach tá an podchraoladh linn le deich mbliana nó beagán lena chois agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh sé linn go ceann i bhfad. 

Dar liomsa go bhfuil an podchraoladh cosúil le rothar. Is ea, an gléas sin a thugann ó A go B saor in aisce thú ar chumhacht na gcos. Ach an oiread leis an rothar, feiniméan fíorshimplí atá sa phodchraoladh: níl ann ach comhad fuaime gur féidir a sheachadadh tríd an idirlíon agus gur féidir éisteacht leis ar do rogha gaireas digiteach ag an am a oireann sé duit. 

Ach an oiread leis an rothar, tá an teicneolaíocht tar éis an podchraoladh a fhágáil i bhfad ina diaidh. Sa lá atá inniu ann, is féidir comhad físe ardghléine a shruthú chomh sciobtha céanna is a d’fhéadfaí comhad fuaime a sheachadadh deich mbliana ó shin. Ach níor mharaigh an carr an rothar, agus níor mharaigh an físeán an podchraoladh.

Tá an podchraoladh cosúil leis an rothar ar bhealach eile freisin. Nuair a theastaíonn uait a bheith leat féin, nuair a theastaíonn sólás uait ó strusanna an tsaoil, níl rud ar bith ach é chun an ceo a bhaint de d’intinn.

Seo cuid de na podchraoltaí is fearr liom:

1. The New Yorker: Fiction 

Shábháil an podchraoladh seo caidreamh grá ina mbíodh orm eitleán a thógáil gach re mí chun mo pháirtí a fheiceáil. I ngach eagrán den tsárshraith seo, léann údar aitheanta scéal le húdar aitheanta eile a foilsíodh ar an New Yorker. Ina dhiaidh sin, cíorann an t-údar a bhí i mbun an léimh an scéal le Deborah Treisman, eagarthóir ficsin na hirise. Agus mé san eitleán ag filleadh abhaile, chuirfeadh an podchraoladh seo an ruaig ar an uaigneas. 

2. The Guardian Books Podcast  agus NPR Books Podcast 

Éistim leo seo go minic agus mé ag siúl abhaile ón ionad aclaíochta. Agus mo cholainn maraithe amach, spreagann agallaimh, léirmheasanna agus plé an dá phodchraoladh litríochta seo m’aigne. Lena chois sin, coinníonn siad ar an eolas mé faoina bhfuil ar siúl i saol na foilsitheoireachta.

3. All Songs Considered

Podchraoladh eile den scoth ó ghréasán raidió poiblí Mheiriceá, NPR, ina bpléann an láithreoir Bob Boilen agus a chuid aíonna cúrsaí ceoil. Is iomaí albam iontach a d’aimsigh mé a bhuíochas don tsraith seo. 

4. A Tiny Sense of Accomplishment

Sraith éicleicteach faoin scríbhneoireacht chruthaitheach í seo atá á cur i láthair ag na scríbhneoirí Meiriceánacha Sherman Alexie agus Jess Walter. Is iomaí rud a d’fhoghlaim mé féin, mar scríbhneoir, ó bheith ag éisteacht leo.

5. Cruinneog

Tá clár Chearbhaill Uí Shíocháin, atá ar fáil mar phodchraoladh, dírithe cuid mhór ar mo leithéid féin: cainteoirí Gaeilge ar an gcoigríoch. Níor thuig mé go raibh géarghá agam lena leithéid go dtí gur thosaigh mé ag éisteacht leis go rialta.

Fág freagra ar 'Litir ghrá don phodchraoladh agus na 5 cinn acu is ansa liom…'

  • Mise Áine

    @ gur féidir éisteacht leis ar do rogha gaireas digiteach ag an am a oireann sé duit.

    Bun agus barr an scéil! Is aoibhinn liom podchraoltaí…