Líon na gcásanna den choróinvíreas imithe i méid i bhformhór Ghaeltacht Dhún na nGall

Deimhníodh níos lú ná cúig chás den víreas sna ceantair Ghaeltachta i nGaillimh, i gCiarraí, i Maigh Eo agus i bPort Láirge le coicís anuas

Líon na gcásanna den choróinvíreas imithe i méid i bhformhór Ghaeltacht Dhún na nGall

Bhí an toghcheantar ina bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall ar cheann den dá thoghcheantar Gaeltachta inar tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 le coicís.

Deimhníodh 28 cás nua den choróinvíreas i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthar an chontae le coicís, ardú ón 24 cás a fógraíodh an tseachtain seo caite.

Fágann sin go bhfuil ráta scaipthe an víris sa cheantar ardaithe go dtí 117 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Ina ainneoin sin, tá an ráta fós níos ísle ná an meánráta náisiúnta don tréimhse chéanna – 132.

Cé gur thit an ráta i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach in iarthuaisceart an chontae le roinnt laethanta anuas, tá an ráta atá ann (320) fós ar cheann de na rátaí is airde sa stát. 44 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar idir 6-19 Aibreán.

Tá an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae níos mó ná deich n-uaire níos ísle ná an ráta i mBaile na nGallóglach. Ráta 30 atá i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall agus ocht gcás deimhnithe ann le coicís anuas.

Is é toghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, an toghcheantar Gaeltachta eile inar tháinig ardú ar líon na gcásanna le seachtain anuas. Ardú beag a bhí i gceist i mBaile Átha Troim, ó 31 cás go dtí 33 agus ráta 106 sa cheantar dá bharr.

Thit líon na gcásanna i gCeannanas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib laghdaithe ó 36 go dtí 27, rud a d’fhág ráta scaipthe 83 sa cheantar idir an 6-19 Aibreán.

Thit an ráta i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, faoina leath le roinnt laethanta anuas. Thit líon na gcásanna ó 19 go dtí naoi gcinn agus an ráta tite ó 52 go dtí 24 mar thoradh ar sin.

Níos lú ná cúig chás a bhí le deimhniú i ngach ceann eile de na toghcheantair Gaeltachta – Corca Dhuibhne agus Neidín i gCiarraí, Conamara Thuaidh agus Conamara Theas i nGaillimh, Dún Garbhán i bPort Láirge agus Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart i Maigh Eo.

I dtús mhí an Mhárta go deireanach a deimhníodh níos mó ná cúig chás den Covid-19 in achar coicíse i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead, Chonamara Thuaidh agus Neidín.

Fág freagra ar 'Líon na gcásanna den choróinvíreas imithe i méid i bhformhór Ghaeltacht Dhún na nGall'