Líomhaintí á bhfiosrú faoi ‘bulaíocht’ agus ‘cultúr nimhneach’ i stáisiún teilifíse Breatnaise

Maíonn lucht ceardchumainn go mbraitheann foireann S4C go minic go dtugann cuid de na bainisteoirí neamhaird orthu agus go ndéanann siad beag is fiú díobh

Líomhaintí á bhfiosrú faoi ‘bulaíocht’ agus ‘cultúr nimhneach’ i stáisiún teilifíse Breatnaise

Tá fiosrúchán curtha ar bun faoi líomhaintí go raibh “bulaíocht” ar siúl ag an stáisiún teilifíse Breatnaise S4C agus go raibh “cultúr nimhneach” ann.

Cuireadh an fiosrúchán seachtrach neamhspleách seo ar bun tar éis do cheardchumann fostaithe líomhaintí a dhéanamh.

I litir ón Cheardchumann Craoltóireachta, Siamsaíochta, Cumarsáide agus Amharclannaíochta [BECTU] líomhnaíodh go raibh “cultúr an fhaitís” laistigh den eagraíocht.

Maíodh i litir an cheardchumainn go raibh timpeallacht nimhneach oibre sa stáisiún agus go raibh easpa muiníne i lucht bainistíochta S4C.

Maíodh sa litir go mbraitheann an fhoireann go minic go dtugann cuid de na bainisteoirí neamhaird orthu, go ndéanann siad beag is fiú díobh, go mbaineann dá n-údarás nó go ndéanann siad uasal le híseal orthu.

Deirtear sa litir gur minic “a bhaintear deora as baill foirne” agus go mbíonn “iomarca faitís orthu an taithí sin a insint d’aon duine”.

Dúradh i ráiteas ó S4C gur cinneadh comhlacht dlí a cheapadh chun tabhairt faoi fhiosrúchán neamhspleách maidir leis na húdair imní a léiríodh sa litir a fhiosrú.

Dúirt Rhodri Williams, ceannasaí S4C, gur léir “nach aon phléisiúr dóibh a raibh le léamh sa litir”.

Dúirt sé “dá gcruthófaí go raibh cuid de na hábhair a luadh fíor gur thromchúiseach an t-údar imní dóibh é”.

Mhol sé don fhoireann aon údar imní atá acu a chur in iúl agus dúirt sé go mbeadh “intinn oscailte” aige faoi chead a bheith ag iarfhostaithe S4C a d’fhág an stáisiún le déanaí a gcuid féin a chur ar fáil.

Dúirt an Ceannasaí go mbeadh sé sásta “na céimeanna riachtanacha” a ghlacadh sa gcás go gcruthófaí go raibh na líomhaintí faoi bhulaíocht fíor.

Cuireadh an litir ar fáil i ríomhphost gan ainm chuig Newyddion S4C, clár nuachta a léiríonn an BBC.

Dúradh sa litir chomh maith go raibh cúrsaí leochaileach sa stáisiún le tamall maith agus go raibh an ceardchumann ar an eolas faoi ghearáin ó mhí na Samhna seo caite.

Fág freagra ar 'Líomhaintí á bhfiosrú faoi ‘bulaíocht’ agus ‘cultúr nimhneach’ i stáisiún teilifíse Breatnaise'