Liam Ó Muirthile i measc na n-údar a mbeidh staidéar á dhéanamh ar a saothar don Teastas Sóisearach

Tá liosta foilsithe ag an NCCA de na dánta, úrscéalta, gearrscéalta agus amhráin a bheidh mar rogha ag cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh ag déanamh scrúdú nua an Teastais Shóisearaigh in 2020, 2021 agus 2022

Liam Ó Muirthile i measc na n-údar a mbeidh staidéar á dhéanamh ar a saothar don Teastas Sóisearach

Tá an dán ‘Cad é’ le Liam Ó Muirthile, an scríbhneoir aitheanta a bhásaigh an tseachtain seo caite, i measc na saothar atá roghnaithe ag an NCCA do chúrsa nua an Teastais Shóisearaigh atá dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge.

Tá liosta foilsithe ag an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta de na ‘téacsanna’ Gaeilge, idir phrós, fhilíocht, amhráin agus ghearrscannáin, ar féidir staidéar a dhéanamh orthu do scrúdú an Teastais Shóisearaigh ó 2020-2022

Faoin leagan amach nua atá ar scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh a tháinig i bhfeidhm anuraidh, tá dhá shiollabas anois ann, ceann atá oiriúnach do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa Gaeilge agus ceann d’fhoghlaimeoirí.

Úrscéalta T1

Teideal Údar Foilsitheoir Bliain
Gealach Seán Mac Mathúna Leabhar Breac 2012
Tromluí Áine Ní Ghlinn Cois Life 2009
Gluaiseacht Alan Titley An Gúm 2009
An Túr Solais Ríona Nic Congáil Coiscéim 2004-2007
Doras Fuinneog Scuab Seán Mac Mathúna Leabhar Breac 2015
LabhairAmach.com Áine Uí Fhoghlú Cló Iar-Chonnacht 2017
Réics Carló ar Oileán Mhanann Cathal Ó Sandair An Gúm 1984-2012
Bithiúnaigh Peadar Ó Cualáin Leabhar Breac 2012
An Taistealaí Ré Ó Laighléis Cló Mhaigh Eo 1990-1998
An Uaigh Laoise Ní Chléirigh Leabhair COMHAR 2013
Sárú Anna Heussaff Cló Iar-Chonnacht 2017
Dialann Chaoimhe Muireann Ní Bhrolcháin Cló Iar-Chonnacht 1994
An Mianadóir Jackie Mac Donncha Cló Iar-Chonnacht 2015
Taibhsí an Locha Antain Mac Lochlainn Cló Iar-Chonnacht 2009
Comhcheilg Pháirc an Chrócaigh Diarmaid Ó Ceallaigh Coiscéim 2013
Lasair na Gréine Claire Lyons Coiscéim 2006

16 úrscéal atá molta ar an liosta nua do chúrsa na gcainteoirí líofa, agus i measc na scríbhneoirí a bhfuil saothair leo ar an liosta sin tá Seán Mac Mathúna, Alan Titley, Diarmuid Ó Ceallaigh, Jackie Mac Donncha, Cathal Ó Sándair, Peadar Ó Cualáin agus Ré Ó Laighléis.

Seachtar ban atá ar liosta na n-úrscéalta: Áine Ní Ghlinn, Ríona Nic Congáil, Muireann Ní Bhrolcháin, Claire Lyons, Anna Heussaff, Laoise Ní Chléirigh agus Áine Uí Fhoghlú.

Lena chois sin, tá 15 gearrscéal molta mar rogha do mhúinteoirí agus daltaí atá i mbun an chúrsa nua atá dírithe ar scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.

I measc na scríbhneoirí a bhfuil gearrscéalta leo ar an liosta tá Alex Hijmans, colúnaí le Tuairisc.ie, Orna Ní Choileáin, Ré Ó Laighléis, Pádraig Mac Piarais, Jackie Mac Donncha agus Ógie Ó Céilleachair.

Gearrscéalta T1

Teideal Údar Cnuasach / Bailiúchán Foilsitheoir Bliain
Quick Pick Orna Ní Choileáin Sciorrann an tAm Cois Life 2014
Na Bradmharcaigh Ré Ó Laighléis Punk agus Scéalta Eile Cló Mhaigh Eo 1998-2004
Eoghainín na nÉan Pádraig Mac Piarais Gearrscéalta an Chéid Cló Iar-Chonnacht 2000
Íosagán Pádraig Mac Piarais Ó Pheann an Phiarsaigh Cló Iar-Chonnacht 2016
An Eochair Jackie Mac Donncha Bróga Johnny Thomáis Cló Iar-Chonnacht 2012
Saineolaí Teicneolaí Orna Ní Choileáin Canary Wharf agus Scéalta Eile Cois Life 2009
Claonfhéachaint Ré Ó Laighléis Goimh agus Scéalta Eile MÓINÍN 2004
An Sceach Alex Hijmans Idir Dhá Thír Cois Life 2017
Ag Cúinne M St. agus Wisconsin Alex Hijmans Idir Dhá Thír Cois Life 2017
Goimh Ré Ó Laighléis Goimh agus scéalta eile MÓINÍN 2004
An Cluiche Mór Ógie Ó Céilleachair Katfish agus Scéalta Eile Cló Iar-Chonnacht 2017-…..-6
An Tube Ógie Ó Céilleachair Katfish agus Scéalta Eile Cló Iar-Chonnacht 2017
M’Asal Beag Dubh Pádraic Ó Conaire Pádraic Ó Conaire: Rogha Scéalta (eag. Diarmuid de Faoite) Cló Iar-Chonnacht 2008
Clann Uisnigh Séamus Ó Searcaigh Laochas An Gúm 1945-2009
Bodach an Chóta Lachtna Séamus Ó Searcaigh Laochas An Gúm 1945-2009

 

Tá dánta le filí óga agus filí seanbhunaithe molta ar liosta na filíochta, ina measc Liam Ó Muirthile, Louis de Paor, Nuala Ní Dhomhnaill, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Caitríona Ní Chléircín.

10 ngearrscannán atá molta dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin chúrsa.

I measc na scannán sin, tá Rúbaí (2015) le Louise Ní Fhiannachta agus Turas Téarnaimh (1954) le Gerard Healy.

Tá cúig cinn de dhrámaí molta mar rogha do chúrsa na gcainteoirí dúchais chomh maith.

Filíocht T1

Teideal File Cnuasach / Ar fáil ag Foilsitheoir Bliain
Jeaic ar Scoil Dairena Ní Chinnéide Máthair an Fhiaigh Cló Iar-Chonnacht 2008
Cad é Liam Ó Muirthile Walking Time Cló Iar-Chonnacht 1999
Filleadh ar an gCathair Ailbhe Ní Ghearbhuigh The Coast Road Gallery Books 2016
An Foclóirí Colm Breathnach An Fear Marbh Coiscéim 1998
Treall Caitlín Maude Caitlín Maude: Dánta drámaíocht agus prós Coiscéim 2005-2008
Athair Nuala Ní Dhomhnaill An Dealg Droighin Mercier Press 1981
Ceist na Teangan Nuala Ní Dhomhnaill Pharaoh’s Daughter Gallery Press 1990
Ted Joe Steve Ó Neachtain De Dhroim Leice Cló Iar-Chonnacht 1990
Gaiscíoch an Chamáin Micheál Ó Conghaile Comhrá Caillí Cló Iar-Chonnacht 1987
Aongus Johnny Chóil Mhaidhc Buille Faoi Thuairim Gabha Cló Iar-Chonnacht 1987
Rún Caitlín Maude Caitlín Maude: Dánta drámaíocht agus prós Coiscéim 2005-2008
Sámhchodladh Colm Breathnach An Fear Marbh Coiscéim 1998
An Grá Colm Breathnach Croí agus Carraig Coiscéim 1995
Piseoga Louis de Paor Ag Greadadh Bás sa Reilig Cló Iar-Chonnacht 2005
Deireadh Cóisire Gearóid Mac Lochlainn Na Scéalaithe Coiscéim 1999
Ceithre Ráithe na Bliana Pádraig Mac Suibhne Solas Uaigneach An Sagart 1992

 

Tá liostaí fada amhrán molta don dá chúrsa, idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin chomhaimseartha, ina measc ‘Faoiseamh’ le Spats Columbo agus ‘An Saol Rúnda’ le hOisín Mac, ‘An Seanduine Dóite’ agus ‘Mise Éire’.

Beidh ar dhaltaí i scoileanna a shocraíonn an cúrsa Gaeilge T1 tabhairt faoi dhá úrscéal, aon dráma amháin, deich ndán/amhrán agus ar a laghad dhá ghearrscéal agus dhá ghearrscannán.

Is féidir leo na saothair a roghnú as na liostaí thíos atá curtha ar fáil ag an NCCA. 

Gearrscannáin T1

Teideal Stiúrthóir Scríbhneoir Léiritheoirí / Comhlacht Ar fáil ag
Rúbaí (2015) Louise Ní Fhiannachta Antoin Beag Ó Colla Gemma O’ Shaughnessy/Magamedia https://www.tg4.ie/ga/player/boxset/?st=Rúbaí
Síle (2013) Cathal Ó Cuaig Séamus Moran Ciarán Ó Cofaigh/Síol Scéal https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5728828053001&teideal=Síle&series=Scéal 1&dlft=3618
Filleann an Feall (2000) Frankie McCafferty Don Wycherley Ann Brehony / Gearrscannáin DVD Bord Scannán na hÉireann/TG4
An Díog is Faide (2004) Hugh Farley Hugh Farley Karen Edmonds/ Espresso Films https://www.irishfilmboard.ie/directory/view/7799/an-d%C3%ADog-is-faide
An Buille (2010) Marion Ní Loinsigh Tristan Rosenstock Deirdre Ní Fhlatharta/ Síol Scéal https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5721623657001&teideal=An Buille&series=Údar&dlft=10493
Fluent Dysphasia (2004) Daniel O’Hara Daniel O’Hara Gráinne O’Carroll/ Dough Productions https://www.irishfilmboard.ie/directory/view/7942/fluent-dysphasia
An Seabhac (2010) Trevor Laffey Paul Mercier Deirdre Ní Fhlatharta/ Síol Scéil https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5721622201001&teideal=An Seabhac&series=Údar&dlft=10522
Sínte (2014) Tom Sullivan Tom Sullivan & Feidlim Cannon Ciarán Ó Cofaigh/Síol Scéal https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5728906752001&teideal=Sínte&series=Scéal 2&dlft=3617
Fíorghael (2005) Macdara Vallely Macdara Vallely Tamara Anghie/Zanzibar Films https://www.irishfilmboard.ie/directory/view/7732/na-fíorghae
Turas Téarnaimh (1954) Gerard Healy N/bh Bord Scannán na hÉireann Seoda (DVD) (Gearrscannán dubh agus bán)

Amhráin T1

Teideal Scríbhneoir
An Bóthar Mark Ó Loinsigh (bunaithe ar dhán le Seán Ó Riordáin)
An Drúcht Geal Ceo Séamas Ó Grianna (a d’aistrigh)
Beir mo Dhúthracht Pádraig Ó Siochfhradha
Bí Ann/Leanfaidh mé Kila
Ceap do Shuaimhneas IMLÉ
An Poc ar Buile Traidisiúnta
Cúnla Traidisiúnta
Aililiú na Gamhna Traidisiúnta
Mise Éire Pádraig Mac Piarais (liricí) Patrick Cassidy (ceol)
An Saol Rúnda Oisín Mac
Deireadh na seachtaine Na Fíréin
Amhrán Chuigéil John Beag Ó Flatharta
A Neansaí ‘mhíle grá Traidisiúnta
Caidé sin don té sin? Traidisiúnta
An Seanduine dóite Traidisiúnta
Ceol an Phíobaire Traidisiúnta
Ag Críost an Síol Seán Ó Riada (ceol)
Déan é Sruth na Maoile
Deora ar mo chroí Enya
An Mhaighdean Mhara Traidisiúnta
Faoiseamh Spats Columbo

Drámaí T1

Teideal Údar / Scríbhneoir Cnuasach Foilsitheoir Bliain
Eoghan Gabha Pádraig Mac Piarais Drámaí an Phiarsaigh Irish Academic Press 2013
Coimhlint Ré Ó Laighléis Aistear Intinne Coiscéim 1996
Aisling Aongusa Brian Ó Baoill TUB…aiste! agus drámaí eile: Duaisdrámaí an Oireachtais www.lulu.com 2010
Lá Buí Bealtaine Máiréad Ní Ghráda Gearrdhrámaí an Chéid Eag. Pádraig Ó Siadhail Cló Iar-Chonnacht 2000-2008
An Casán Séamus de Bhilmot Gearrdhrámaí an Chéid Eag. Pádraig Ó Siadhail Cló Iar-Chonnacht 2000-2008

Fág freagra ar 'Liam Ó Muirthile i measc na n-údar a mbeidh staidéar á dhéanamh ar a saothar don Teastas Sóisearach'

  • jpadraig

    Beannacht Dé le hanmain na marbh.