Liam Brady – sárimreoir agus corp an duine uasail 

Thug Liam Brady: The Irishman Abroad léargas suimiúil dúinn ar na blianta cinniúnacha a chaith Liam Brady i mbun a cheirde san Iodáil

Liam Brady – sárimreoir agus corp an duine uasail 

Liam Brady. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tá aithne ag glúin áirithe don lucht féachana ar Liam Brady mar an cancrán maol a bhíonn ag cur de go ciotrúnta ar chláir sacair; duine den triúracht mhallaithe sin in i bhfochair John Giles agus Eamon Dunphy. Óir go bhfuil 50 bliain caite ó shínigh sé conradh óige le Arsenal is beag cuimhne atá ag mórán ar a ghaiscí ar pháirc na himeartha. Thug Liam Brady: The Irishman Abroad (RTÉ1, Dé Luain) léargas ar éachtaí Brady, san Iodáil ach go háirithe. Tugadh éachtaint chomh maith ar mheon an fhir; é umhal, uasal, fealsúnach agus lán de chraic. In ainneoin go raibh a shaol peile thuas seal thíos seal níl nimh san fheoil aige d’éinne. É buíoch, feaslúnach agus sásta leis an méid a bhain sé amach.

Ceann de na rudaí is mó a rith liom agus mé ag féachaint ar an gclár ná an cion a bhí ag gach duine air. Ba ríléir an cion san, agus an dlúthchairdeas, sna paistí cainte a deineadh le Marco Tardelli go háirithe.

An bheirt acu ag caitheamh tharstu amhail is nach bhfuil aon cheamara dírithe orthu agus Brady ag caint leis in Iodáilis líofa. Tá sé ar a chompord ar an seanfhód. Snáith eile a bhí síos tríd an gclár ná an dúil atá aige sa cheol agus tá fuaimrian breá leis an gclár.

Ba iad na blianta a chaith Brady san Iodáil na blianta ba shuimiúla agus ba chinniúnaí ina shaol peile. Dá bharr sin dhírigh an clár den chuid is mór ar an tréimhse úd agus sin a thug teideal an chláir dúinn. Ní raibh againn ach caoga nóimint agus dá bharr b’éigean don chlár gluaisteacht ar aghaidh go mear.

Labhair Liam go seanbhlastúil faoin lá gur tháinig an fear scabhta Bill Darby ag leac an dorais ag a mhuintir agus é ag tairiscint an déagóir a thabhairt go Highbury. Vae leis. Thug iar-chomhghleacaithe amhail Frank Stapleton agus David O’Leary cuntas ar a chumas agus an bhuíon Éireannach a bhí sa chlub i rith na tréimhse sin.

Bhuadar Corn an FA i 1979 agus ba é Brady rogha na n-imreoirí do ghradam imreoir na bliana. An bhliain dár gcionn d’imríodar Juventus i gcluiche leathcheannais corn UEFA. Bhí piardaí chlub Turin tógtha le fear Bhleá Cliath agus chuadar sa tóir air. Dúrt Brady linn, áfach gurb amhlaidh gur Kevin Keegan a bhí uathu ar dtús ach gur thug sé an t-eiteach dóibh mar nár theastaigh óna bhean a seolta a ardú.

Bíodh sin mar a bhí. B’in tús a chuid eachtraíochta san Iodáil. D’éirigh leis an scudetto a bhuachtaint dhá uair le Vecchia Signora, seanbhean Turin. Meabhraíodh dúinn go mba choráistiúil an cinneadh é ag an am tabhairt faoin Iodáil. Gan an oiread céanna béime an uair sin ar aistrithe; go deimhin ba é Brady an chéad imreoir a cheannaigh Juventus nuair a tháinig deireadh leis an gcosc ar imreoirí iasachta i gclubanna na hIodáile. Ba léir go raibh an-tionchar ag a thréimhse le Juventus (agus Sampdoria is Inter Milan ina dhiaidh sin) air. Tá an-chion aige ar an tír agus na clubanna sin i gcónaí.

I dtreo dheireadh an chláir tráchtadh ar a shaol le foireann na hÉireann agus a chaidreamh achrannach le Jack Charlton. Léirigh sé a uaisleacht sna míreanna seo agus gan é pioc nimhneach faoin méid a tharla. Samhlaíodh dom go raibh sé lán mothúchán ar uairibh agus b’amhlaidh a bhí arís agus é ag cur síos ar Jack. Léigh sé litir dheas a chuir an fear mór chuige i ndiaidh dó éirí as. Léirigh sin taobh eile den Sasanach borb.

B’amhlaidh a bhí leis an gclár seo a thug éachtaint ar imreoir iontach agus duine uasal gur measa a ghlam ná a ghreim.

Fág freagra ar 'Liam Brady – sárimreoir agus corp an duine uasail '