Leithscéal gafa ag an Taoiseach le daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu i scoileanna lae

Ag labhairt dó sa Dáil, ghabh Leo Varadkar leithscéal chomh maith as an moill a bhí ar an Stát glacadh leis gurb é a dhualgas na páistí a ndearnadh mí-úsáid orthu a chosaint

Leithscéal gafa ag an Taoiseach le daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu i scoileanna lae

Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar thar ceann an stáit leithscéal leis na daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu i scoileanna lae. Agus é ag labhairt sa Dáil ghabh an Taoiseach leithscéal chomh maith ar an moill a bhí ar an Stát glacadh leis go raibh dualgas air na páistí a ndearnadh mí-úsáid orthu a chosaint.

Tagann an leithscéal seo tar éis don Bhreitheamh Iarfhlaith O’Neill a chinneadh gur bhain an Stát míbhrí as rialú de chuid na cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ar scoil  agus na riachtanais a bhí le comhlíonadh acu sula mbeidís i dteideal cúiteamh a éileamh.

Faoi scéim na Roinne, chaithfeadh daoine a bhí ag éileamh cúitimh a chruthú go raibh gearán faighte ag na húdaráis faoin mí-úsáideoir sula ndearnadh mí-úsáid orthusan.

Sa mbreithiúnas a foilsíodh inné dúradh go raibh sé ‘míloighciúil’ go mbeadh an Stát ag éileamh go gcuirfí an fhianaise sin ar fáil nuair nach raibh aon “chóras Státrialaithe” ann chun mí-úsáid ghnéis ar leanaí i mbunscoileanna ‘a aithint ná a thuairisciú’.

Cinneadh tábhachtach é an breithiúnas seo do dhaoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu i mbunscoileanna roimh 1992.

Dúrt Leo Varadkar sa Dáil gur chóir go mbeadh córas leagtha síos roimh 1992 chun líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis ar pháistí ag múinteoirí agus aon fhoireann eile a thaifeadadh, a fhiosrú agus gníomhú orthu.

Agus é ag labhairt sa Dáil, dúirt an Taoiseach:

“Sílimse go bhfuil mí-úsáid ghnéis ar cheann de na coireanna is millteanaí, go háirithe nuair is páistí a bhíonn ag fulaingt. Fágann sé a lorg go deo orthu, feall ar iontaoibh atá ann agus bíonn saol daoine agus a dteaghlaigh scriosta go deo.

“Thar ceann an stáit ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis na daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí in ár scoileanna roimh 1992 agus gabhaim leithscéal chomh maith as an moill a bhí ar an Stát a admháil go raibh dualgas air iad a chosaint.”

Mí Eanáir 2014, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur theip ar an Stát an Corcaíoch Louise O’Keeffe a chosaint ón mí-úsáid a rinne Leo Hickey, príomhoide na bunscoile uirthi agus go raibh cuid den fhreagracht ar an Stát faoin mí-úsáid sin.

Thionscain an tAire Oideachais scéim chúitimh do dhaoine a ndearnadh mí-úsáid orthu i “scoileanna lae” ach mhaígh an rialtas nár bhain rialú na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ach le daoine a ndearnadh an mhí-úsáid orthu tar éis do ghearán a bheith déanta roimhe sin faoin mí-úsáideoir agus nach ndearnadh aon cheo faoi. Mhaígh na daoine a d’fhulaing agus a ndlíodóirí go raibh míbhrí á baint as rialú na Cúirte Eorpaí ag an rialtas agus inné chinn an Breitheamh Iarfhlaith O’Neill go raibh an ceart acu.

San athbhreithniú ar 19 iarratas ar diúltaíodh dóibh faoin scéim chúitimh, chinn an Breitheamh O’Neill gur bhain an Stát míbhrí as cinneadh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus mhaígh sé gur amhlaidh a bheadh ““an loighic á hiompú ar a ceann” sa chás sin agus “éagóir bhunúsach” á déanamh ar iarrthóirí cúitimh.

“Níl aon amhras orm a chinneadh nach raibh a leithéid i gceist i rialú na Cúirte Eorpaí agus nach bhféadfaí a leithéid de léamh a dhéanamh ar an rialú sin, ” a dúirt Iarfhlaith O’Neill agus a bhreithiúnas á thabhairt aige.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an Taoiseach le daoine a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu i scoileanna lae'