Leithscéal gafa ag an bPríomh-Chonstábla le hiriseoirí – ach ní leor é

Leithscéal an rud is lú atá riachtanach chun an boladh bréan a ghlanadh d’iompar na bpóilíní i gcás Barry McCaffrey agus Trevor Birney

Leithscéal gafa ag an bPríomh-Chonstábla le hiriseoirí – ach ní leor é

Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne

Ghabh Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne leithscéal ó chroí le beirt iriseoirí, Barry McCaffrey agus Trevor Birney, as ruathair a tugadh ar a dtithe agus a n-oifigí i mBéal Feirste beagnach dhá bhliain ó shin.

Fáiltíodh roimh chinneadh an Phríomh-Chonstábla ach sé a leithscéal an rud is lú atá riachtanach chun an boladh bréan a ghlanadh d’iompar na bpóilíní.

Bhain an phraiseach le scannán iomráiteach No Stone Unturned a rinne an bheirt fhear faoi uafás Loch an Oileáin i gContae an Dúin. Mharaigh an UVF seisear fear a bhí bailithe i dteach tábhairne an Heights Bar ar an mbaile beag ag faire ar fhoireann sacair na hÉireann, faoi bhainistíocht Jack Charlton ag fáil an lámh in uachtar ar an Iodáil i gcomórtas Chorn an Domhain 1994.

Níor cúisíodh éinne ariamh as an eirleach cé gur gealladh go bhfágfaí “no stone unturned”. Bhí fiosrú na bpóilíní easnamhach, scriosadh nó cailleadh fianaise agus níor ceistíodh roinnt amhrastach. Rinneadh líomhaintí go raibh baill de na póilíní claonpháirteach leis na paraimíleataigh agus baineadh úsáid sa scannán as tuairisc sceite ó oifig Ombudsman na bPóilíní.

Nuair a músclaíodh ceisteanna faoi sceitheadh na cáipéise ó oifig an Ombudsman bhunaigh an PSNI fiosrú faoi cheannas phóilíní Durham chun ‘gadaíocht’ na tuairisce a fhiosrú. Theastaigh ó George Hamilton a bhí ina Phríomh-Chonstábla ar an PSNI ag an am a léiriú go mbeadh an fiosrú neamhspleách agus nárbh fhéidir claonadh a chur i leith an PSNI. Bhí sé fánach aige, mar atá a fhios ag a chomharba anois.

Go moch ar maidin an 31 Lúnasa 2018 rinne póilíní Durham agus an PSNI ruathair ar thithe cónaithe Trevor Birney agus Barry McCaffrey chomh maith le hoifigí an chomhlachta a rinne an scannán. Ghabh siad an bheirt fhear, thóg cáipéisí, ríomhairí, gutháin – fiú amháin guthán iníon Birney, cailín beag a bhí ag fáil faoi réir le dhul ar scoil. Ina theannta sin thóg siad cáipéisí agus trealamh ón gcomhlacht agus ó sheirbhísí eile sa bhfoirgneamh céanna. Dúirt daoine a chonaic na ruathair agus na scuainí póilíní gur mheabhraigh siad gníomhaíocht slándála frith-sceimhlitheoireachta dóibh.

San iarracht chun foinse an eolais a aimsiú cuireadh i leith na bhfear gur ghoid siad an cháipéis ó oifig an Ombudsman. Éiríodh as an gcúiseamh anuraidh, nuair a chinn an Chúirt Achomharc nach raibh sé bailí agus gur chloígh na hiriseoirí le cód iompair an NUJ, ceardchumann na n-iriseoirí. An tseachtain seo caite d’fhógair an Tiarna Ardbhreitheamh, Declan Morgan na cúiseanna a bhí aige féin agus painéal breithiúna lena gcinneadh. Bua mór don iriseoireacht ab ea é agus buille don PSNI agus a gcomhghleacaithe i bpóilíní Durham.

Chinn na breithiúna nach raibh an próiseas trínar frítheadh na barántais chuardaigh cóir. Cuma cé chomh cúramach is a dhéanfaí é chuirfeadh scuaine feithiclí agus seachtar nó ochtar póilíní le cead iontrála agus cuardaigh isteach ar shaol príobháideach agus saol teaghlaigh, go háirithe gasúir ag fáil réidh le haghaidh scoile, a dúirt siad.

Níor ghlac siad le maíomh na bpóilíní gur ghá an ruathar a dhéanamh ar an mbealach sin ionas nach scriosfaí fianaise. Ina theannta sin dúirt an Tiarna Declan Morgan nach raibh fianaise dá laghad gur chuir an scannán daoine i mbaol; bhí na hiriseoirí coinsiasach, freagrach agus chuaigh siad i gcomhairle leis an PSNI, a dúirt sé.

Ní fhaca an chúirt fianaise ar bith, ar sé, gur éiligh leas an phobail go gcuirfí as a riocht ceart iriseora chun foinse eolais a chosaint. Mar fhocal scoir ba é breithiúnas feanntach na cúirte go raibh láimhseáil an cháis i bhfad faoi bhun an chaighdeáin atá riachtanach le haghaidh an chirt.

Tar éis tréimhse machnaimh sé lá, ghlac an Príomh-Chonstábla le rialú cúirte an Phríomh-Bhreithimh go raibh na barántais chuardaigh mídhleathach. Bhí aiféala air faoin gcrá agus an suaitheadh a d’fhulaing an bheirt fhear, a muintir agus a gcomhghleacaithe, a dúirt sé i litreacha chuig Trevor Birney agus Barry McCaffrey.

Ba mhithid don PSNI iarracht a dhéanamh a dhul i ngleic leis an ionsaí amaideach contúirteach a rinne siad féin agus póilíní Durham ar shaoirse iriseoireachta. Cuirfear suim mhór i gcur chuige Mike Barton, Príomh-Chonstábla Durham, a dhiúltaigh leithscéal a ghabháil anuraidh nuair a caitheadh amach an cás.

Ní mór don PSNI fianaise a sholáthar gur breith ar a n-aithreachas i ndáiríre is ea an leithscéal agus go gcinnteofar nach dtarlóidh iomrall ceartais den chineál seo arís. Teastaíonn léiriú soiléir go bhfuil ceacht foghlamtha agus go gcuirfear a thoradh sa chód iompair. An mbeidh ar oifigeach freagracht a ghlacadh?

Thairg Simon Byrne dul chun comhrá le dlíodóirí na bhfear. Beidh a n-éilimh phearsanta acu ach tá ceann poiblí acu a bhfuil tábhacht leis d’iriseoireacht trí chéile. Ní mór don Phríomh-Chonstábla agus a chomhbhádóirí in Durham a thaispeáint go bhfuil an t-ábhar ar fad a chóipeáil siad scriosta go buan. Rinneadh cóipeanna de cháipéisí agus de na sonraí ó ríomhairí agus gutháin – cuid mhór de nach raibh baint ar bith aige leis an scannán. Níl ceart ar bith acu an t-eolas sin a choinneáil.

Ní coir í an iriseoireacht. An iompóidh na póilíní anois ar fhiosrú ceart críochnúil a dhéanamh ar an sléacht i Loch an Oileáin in áit a bheith ag iarraidh an teachtaire a bhascadh?

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an bPríomh-Chonstábla le hiriseoirí – ach ní leor é'

  • Feardorcha

    Bail ar Phóilín, tá an scéala seo go callánach i lár an aonaigh aici le fada an lá. Bhí a thuilleadh san iriseoireacht nár lig gígs.