LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ba cheart do cheannaithe an Daingin stéig a sheasamh do Jeremy Clarkson!

‘Great scenery, great roads, great people,’ a d’fhógair Matt LeBlanc agus Top Gear i gCorca Dhuibhne. N’fheadar cad a déarfadh an Duibhneach féin faoi ‘na great roads’ ach ba luachmhar an phoiblíocht í…

Matt Le Blanc

Is beag duine a shamhlódh cúpla bliain ó shin go mbeadh Joey ó Friends agus Chewbacca ar na laochra margaíochta is fearr a tháinig go hiarthar Duibhneach ó bhí Iníon an Rianaigh i mbarr a réime.

Tá cúpla mí caite ag muintir Chiarraí Thiar ag rith amach ón gcairt ar fad faoi Star Wars, cé go bhfuil cuid de na seanphlandaí ag tabhairt Star Trek air go fóill.

Timpeall an ama chéanna go raibh an ‘Millenium Falcon’ ar foluain os cionn na dúichí bhí Chris Evans agus Matt LeBlanc an bóthar isteach chucu agus Rolls Royce an duine faoina dtóineanna.  Craoladh an mhír sin, a bhí tarraingt ar 10 neomat ar fhad aréir (Top Gear, BBC2).

Mar is gnáth is cúram neafaiseach go maith a bhí idir lámha acu. Bhí an Rolls Royce is déanaí ón gceárta, an ‘Dawn’ á thiomáint ag LeBlanc agus bhí ceann seanré, an ‘Corniche’, ag Evans. An sprioc a bhí acu ná fáil amach ó mhuintir an Daingin cé acu ab ansa leo.

Thugadar na cairteacha isteach ar Pháirc Ghallarais le go bhfaighidís tuairimí ón slua agus ó na himreoirí a bhí bailithe isteach go speisialta. Ina theannta bhí turas go drioglann an Daingin, steipeadaíl agus dreas cainte le feirmeoir caorach ar thaobh an bhóthair mar aon le hachainí ar an bpobal vóta a chaitheamh.

Ach oiread le Ryan’s Daughter, Far and Away agus Star Wars, baineadh an-adhmad as tírdhreach chuidsúlach na dúichí.  Tá cáil riamh ar cineamatagrafaíocht agus eagarthóireacht shnoite an chláir agus bhí na tréithe sin le feiscint go rábach.

Ní nach ionadh ba é Ceann Sléibhe a bhí i lár an aonaigh le seatanna aeir draíochtúla. Bhain an radharc de na Blascaodaí agus an ghrian ag dul faoi an anáil den bheirt láithreoirí.

Dúirt Evans gur chiallaigh ‘Corniche’ bóthar ar thaobh cnoic agus dá réir go raibh an ‘Corniche’ ar ‘corniche.’

‘Great scenery, great roads, great people,’ a d’fhógair LeBlanc agus é ag meabhrú don lucht féachana nach bhfuil le déanamh acu ach aghaidh a thabhairt ar bhád farantóireachta le parthas a bhaint amach. N’fheadar an aontódh muintir na háite leis faoi na ‘great roads’, áfach?

É sin ar fad, gan trácht ar mhír eile a bhí bunaithe ar léirmheas  LeBlanc ar an Dawn, agus ar deineadh í a thaifeadadh ar Chamchuairt Chiarraí. Arís eile soláthraíodh seatanna áille a chuirfidh uisce le fiacla Fáilte Ireland. 

Bhí tuairim is trí mhilliún duine tar éis féachaint ar an gclár aréir agus beidh na milliún eile ag féachaint air ar an iPlayer, gan trácht ar na margaí idirnáisiúnta ina ndíoltar an tsraith.

Tá a chuid fadhbanna féin ag Top Gear; na figiúirí féachana, leagan amach atá imithe chun leadráin agus tuairiscí ag gabháil timpeall anois go bhfuil Le Blanc bréan bailithe d’Evans agus ag bagairt imeacht.

Is deacair gan a bheith ag cuimhneamh ar cad a déarfadh Clarkson agus a chomrádaithe leis an gceantar dá mbeadh siad fós ann. Sin ráite tá an-seans nach mbeadh siad ann in aon chor agus dá bharr, sé dorn Clarkson is cúis leis an ngaisce fógraíochta seo.

Achrann faoi stéig feola a thug ar Jeremy Clarkson clabhtáil a thabhairt do léiritheoir Éireannach agus a chuir sraith eachtraí sa tsiúl a thug laoch Friends go hIarthar Duibhneach.

I ndiaidh an éacht fógraíochta seo b’fhéidir gur cheart do cheannaithe an Daingin stéig a sheasamh do Clarkson anois.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ba cheart do cheannaithe an Daingin stéig a sheasamh do Jeremy Clarkson!'