LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Scannán buachaillí bó sainiúil chugainn le The Sisters Brothers

Scannán machnamhach, greannmhar agus duairc ina bhfuil cliar breá atá i saothar nua Jacques Audiard

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Scannán buachaillí bó sainiúil chugainn le The Sisters Brothers

The Sisters Brothers
Stiúrthóir: Jacques Audiard
Cliar: John C. Reilly, Joaquin Phoenix, Jake Gyllenhaal, Riz Ahmed

Scannán buachaillí bó sainiúil ar leith é seo; saothar a mheabhródh scannáin mhuintir Coen duit go minic. Mar a tharlaíonn tháinig na deartháireacha Coen chugainn anuraidh lena léamh leithleach féin ar an iarthar fiáin sa scannán The Ballad of Buster Scruggs.

Tá an saothar seo bunaithe ar úrscéal le Patrick DeWitt, saothar a ghnóthaigh áit ar ghearrliosta Booker roinnt blianta ó shin.

Is iad na deartháireacha Sister atá idir chamáin agus saothar machnamhach, greannmhar, duairc atá romhainn. Is feallmharfóirí iad Eli Sister (Reilly) agus a dheartháir Charlie (Phoenix). I dtosach an scannáin chímid iad ag tabhairt jab eile chun críche go brúidiúi slachtmhar in Oregon 1851.

Smut de shochapatach é Charlie agus léirítear gur eachtra fhoréigneach aige siúd ina n-óige a sheol an bheirt acu ar bhóthar a n-aimhleasa is an fhoréigin. In ainneoin gur feallmharfóir neamhthrócaireach é Eli is duine caithiseach é.  Cuirtear abhaile orainn go bhfuil an fear maolchluasach seo ag iarraidh a hata a chaitheamh lena shlí bheatha agus socrú síos.

Tá seo ina ábhar aighnis eatarthu agus iad ag tabhairt faoi mhisean amháin eile. Go deimhin níl aon stop leis an áiteamh eatarthu. Gach re sea eatarthu is iad ar mhuin capaill; gan aon oidhre orthu ach seanlánúin phósta.

Níl ann ach cogadh na mba maol, áfach mar is ríléir go bhfuil nasc an-láidir eatarthu. Ní haon ionadh go dtagann conach ar Charlie mar sin nuair a deir Eli go bhfuil sé ag iarraidh a ghunna is a churra a chaitheamh in aer.

Tá an tógaint chrua a fuair siad tar éis luí go trom orthu agus mar go bhfuil siad ag dul san aois tuigeann Eli má tá aon athrú le teacht ar a saol go gcaithfidh sé tarlú go luath.

Tá na deartháireacha sa tóir ar Hermann Kermit Warm (Ahmed), fear a léirítear mar shaoi eolaíochta agus duine le Dia. Tá Hermann tar éis a eolas eolaíochta a úsáid le teacht ar chur chuige níos éifeachtaí le hór a aimsiú san uisce. Cuirtear an bleachtaire John Morris (Gyllenhaal) sa tóir ar Hermann agus tá na deartháireacha le teacht suas leo agus an obair bhrúidiúil a dhéanamh. Tá Morris mórchúiseach ann féin agus bíonn carraigeacha móra Béarla á gcaitheamh uaidh aige ina chuid cainte is ina litreacha; rud a chuireann pip nach beag ar Charlie.

Ní nach ionadh is mó casadh a bhíonn sa bhóthar ó thús go ceann scríbe le babhtaí foréigin agus fola fite fuaite le míreanna machnamhacha greannmhara.

Tugann an chliar ar fad taispeántais bhreátha uathu. Bhaineas súp as tuin chainte Gyllenhaal agus níl sárú Phoenix ann le tabhairt faoin bhfear buile. Tá moladh faoi leith ag dul do Reilly a thugann taispeántas tomhaiste uaidh agus éiríonn leis carachtar ciúin ach tathagach a chur os ár gcomhair. Ní bheidh gach duine róthugtha don scannán seo ach is fiú do shúil a chaitheamh air.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Scannán buachaillí bó sainiúil chugainn le The Sisters Brothers'