Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht (2024)
Úrscéal gairid eile ó pheann Uí Chonghaile. É machnamhach, fealsúnta, fiú amháin. An reacaire cráite in Sa Teach Seo Anocht (2021), mheabhraigh sé a chás gan éirí amach as an teach, mórán. Amuigh atá an seanduine atá ag caint linn sa scéal seo, ar aistear éidreorach trína dhúiche féin i gConamara. Blaosc linbh á hiompar aige atá ‘beagán níos mó ná sliotar’. Is é atá ann, blaosc a dheirféar a fuair bás in Áras Máithreacha agus Leanaí Thuama agus í cúig bliana d’aois. ‘Páiste neamhdlisteanach’ a bhí inti, agus údar náire. De bharr tástálacha DNA a aimsíodh an gaol idir í agus an seanduine, Micheál Mac Mathúna. Chuigesean a seoladh an bhlaosc, an t-aon iarsma den chailín a fuarthas sa dabhach séarachais i dTuaim. Cad é ab fhearr a dhéanamh lena leithéid? Cén freagra a thabharfaidh sean-Mhicheál ar an dá pholl fholmha sin a bhíonn ag stánadh air – eisean a tháinig slán?
Cuireadh an léitheoir seo ag smaoineamh ar dhrámaí Shakespeare. Ar Hamlet, ar dtús, agus é ag caint le blaosc a sheanchomrádaí, Yorick. Smaoinigh mé ar Lear fosta – é ar shiúl ina ghealt, amuigh i lár stoirme agus é ag déanamh a ghearáin. Níl doineann ar bith i gConamara agus sean-Mhicheál ar chamchuairt na mbailte. Lá Bealtaine atá ann, agus teas sa ghrian. Stoirm mhothúchán atá ag borradh i gcroí Mhichíl. Fearg. Cumha. Ciontacht. An áilleacht a thugadh taitneamh dá shúil agus dá chluas riamh, is geall le hachasán inniu í. Níl ceol i gceiliúir na n-éan fiú amháin. ‘Sea, fuaimeanna sólásacha, nár chuala tusa ariamh, a dheirfiúirín. Cá gcloisfeá iad …’
Fós féin is mian le sean-Mhicheál dúiche a muintire a thaispeáint don chailín nach bhfaca lena súile cinn féin í. Tá an taobh tíre gan smál, dar leat. Daoine agus dogma a dhéanann an saol a thruailliú. Seasann sé tamall ag amharc amach ar Chuan na Gaillimhe agus deir sé an méid seo lena dheirfiúr óg: ‘An áilleacht seo go léir atá anseo againn, nach gcaithfeadh ciall eicínt a bheith leis. Ó dá bhféadfadh an áilleacht seo muid a shlogadh isteach chuici anois díreach nach muide féin a bheadh álainn …’
Tá sé i ndán do Mhicheál a mhian a fháil, ar shlí. Is de réir a chéile a thuigtear dúinn gur ar lorg áit adhlactha don bhlaosc atá sé. Seans nach léir dó féin an méid sin. An radharc is truacánta sa leabhar ar fad, dar liomsa, ná an chuairt a thugann sé ar uaigh a mhuintire, áit a bhfuil ‘stropa leathan spáis’ fágtha dó féin. Cén áit ab fhearr chun an bhlaosc a adhlacadh? Ritheann an smaoineamh sin le sean-Mhicheál, ach caitheann sé as a cheann é: ‘ní raibh aon spaid aige. Ach fiú dá mbeadh … mar a bheadh an talamh bheannaithe seo róbheannaithe di.’ Tar éis an tsaoil, níl sean-Mhicheál féin iomlán saor ón bhreithiúnas chlaon a mhill saol an teaghlaigh an chéad lá riamh.
B’fhurasta don údar géilleadh don fhearg agus racht frith-Chaitliceach a chur i mbéal Mhichíl. Gan amhras, ní thagann an chléir slán óna theanga: ‘dream a bhí níos dílse do nósmhaireacht na laethanta naofa ná don naofacht.’ Ach is Caitliceach go smior na gcnámh é sean-Mhicheál. Caitliceach Gaelach murab ionann agus Caitliceach Rómhánach. Agus é ag fágáil an tí, croitheann sé uisce coiscrithe ar an bhlaosc. Tá a chloigeann féin lán paidreacha agus orthaí mar dhíon idir é féin agus an mí-ádh. Tugann sé cuairt ar thoibreacha atá luaite le naoimh agus ar áiteanna atá luaite leis an tsí. Ar éigean a dhéanann sé dealú idir an dá chineál.
Dar le sean-Mhicheál, is iad an daonnacht agus an dea-chomharsanacht smior an chreidimh. Ní léir dó cén locht a fuair an chléir ar mhuintir Chonamara le go ndearna siad a leithéid de ghéarleanúint orthu. I ndiaidh dó teacht chomh fada le hArd Phádraic, cuimhníonn sé ar sheanchas na háite sin – gur shocraigh Naomh Pádraig stopadh ann gan dul níos faide siar. Ag smaoineamh dó ar mhuintir na háite, d’fhógair Pádraig ‘nach dteastódh aon teagasc breise a chur orthu faoin gCríostaíocht’. Bhí bunús na Críostaíochta ar eolas acu cheana féin agus é á chleachtadh acu ina measc féin. Tá an teannas seo idir teagasc na hEaglaise Caitlicí agus luachanna an phobail Chaitlicigh le brath go mór sa scéal.
‘Páiste raithní’ an t-ainm a bhí ag an chosmhuintir ar leanbh a shaolaítear taobh amuigh den phósadh. ‘Páiste neamhdhlisteanach’ an t-ainm a bhí ag an Stát agus an Eaglais, téarma gránna a ghoilleann go mór ar shean-Mhicheál. Cad é mar a thiocfadh le páiste gan a bheith dlisteanach? Chreid an pobal go raibh a leithéid de rud ann agus mallacht na Cincíse – dá saolófaí páiste in aimsir na Cincíse, ba bhaol dóibh dúnmharú a dhéanamh, mura ndéanfaí iad féin a dhúnmharú i dtosach. Cuireann sean-Mhicheál síos ar na piseoga agus ar na deasghnátha a bhí ann chun páistí a shábháil ar an chinniúint sin. Nósanna págánta a déarfadh na sagairt, ach déanann sean-Mhicheál amach go raibh siad ‘níos gnaíúla’ agus ‘níos Críostúla’ ná teagasc Liombó agus nósanna na hEaglaise i leith páistí a fuair bás gan bhaisteadh. Tá a chiall féin ag an Éireannach leis an fhocal ‘Críostúil’.
Go rómhinic, déantar an béaloideas a fhí isteach i saothar ficsin ar mhaithe le dath a chur ar an scéal. Ní hé sin don úrscéal seo. Is chun téamaí an scéil a chur abhaile a bhaintear leas as an tseanchas. Faoi dheireadh ama, tagann sean-Mhicheál chomh fada le hUaimh na bPáistí, áit a dtugadh na sióga na páistí daonna a bhí fuadaithe acu. ‘Áit nárbh fhéidir éalú as, bhí ráite. Áit a bheadh ann go síoraí seasta, a chloiseadh sé ag na seandaoine ar an mbaile …’
Níl Áras Thuama ann níos mó ach caitheann sé scáil fhada ghruama ar shaol na hÉireann i gcónaí. Cuirtear ceist lom ar chlúdach an leabhair seo: ‘Cén chaoi is fearr dul i ngleic le huafás scéal pháistí Thuama?’ Tá a fhios ag Dia gur deacair aon ní a rá nár dúradh céad uair cheana féin. Is deacra fós don scríbhneoir, shílfeá, damhna litríochta a fháisceadh as. Is mór an clú do Mhicheál Ó Conghaile mar a thug sé a fhreagra tomhaiste féin, i nguth atá idir osna thuirse agus scread feirge. Saothar ealaíne lán filíochta agus daonnachta is ea An Bhlaosc sa mBois.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Idir osna agus scread – saothar ealaíne lán filíochta agus daonnachta ó Mhicheál Ó Conghaile'